Ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, labhraíonn an tAire Martin faoi ionadaíocht agus comhionannas na mBan in earnáil ealaíona, cultúir, spórt agus meán na hÉireann
- Foilsithe: 8 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Ag labhairt ar Lá Idirnáisúnta na mBan (8 Márta 2021), dúirt an tAire Catherine Martin:
“Tá sé mar phríomhsprioc agam mar bhall den rialtas comhionannas inscne a chur chun cinn i ngach earnáil faoi mo chúramsa. Táim tiomanta do chumasú na mban agus aithním an chaoi a bhféadfainnse, sa phost ina bhfuil mé, cabhrú le glórtha na mban a ardú agus tacú le comhionannas in earnálacha cosúil leis an spórt, leis an gcraoltóireacht, leis na healaíona, leis an scannánaíocht agus sa Ghaeltacht.
“Tá sraith tionscnaimh ghníomhacha ar siúl ag mo Roinnse, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí sa cheol a chuireann ban-cheoltóirí agus ban-chumadóirí chun cinn; scéimeanna spóirt a chuireann rannpháirtíocht na mban chun cinn ag gach aois agus leibhéal, ina gcuimsítear polasaí máithreachais chun tacú le scoth-lúthchealsaithe.
“Tá an Roinn tiomanta do chomhionannas a chur chun cinn i réimsí eile, spriocanna éagsúlachta agus cuimsithe soiléire a leagan síos san earnáil chlosamhairc; ionadaíocht ar bhoird an stáit a chinntiú; agus príomhról na mban a aithint i bhforbairt na Gaeltachta agus na gceantar ina labhraítear an Ghaeilge.
“Tugann an dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas misneach dom, ach tá a fhios agam go gcaithfimid smaoineamh faoi na glúnta atá le teacht agus nach féidir linn ár maidí a ligean le sruth.
“I mbliana, mar sin, agus muid ag déanamh comóraidh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, glacaimis go fonnmhar le, agus tugaimis tacaíocht do níos mó ban i róil cheannaireachta i ngach réimse.”
Seo a leanas sonraí faoin dul chun cinn atá déanta sna réimsí faoi chúram an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán:
Tugann Dámhachtain Markievicz urraim do Constance de Markievicz agus tacaíonn sí le healaíontóirí agus saothar nua a cheiliúrann ról na mban go ginearálta agus i dtréimhse Dheich mBliana na gCuimhneachán go háirithe. Tá an tAire Martin tar éis cur go mór le dámhachtainí don tréimhse idir 2021 agus 2023. Bronnfar dámhachtainí ar shuas go 10 ealaíontóirí gach bliain – dhá oiread an líon a bronnadh sna blianta roimhe seo. Tá an tAire ag súil leis na daoine a gheobhaidh na dámhachtainí sa bhliain 2021 a fhógairt i mí na Bealtaine. Is í an Chomhairle Ealaíon a reáchtálann na dámhachtainí agus is príomhchuspóir é cothromaíocht na mban i bpolasaí nua na Comhairle maidir le Comhionannas, Cearta Daonna agus Éagsúlacht.
Ba thionscnamh eile de chuid Dheich mBliana na gCuimhneachán é an tob-mhúsaem 100 Bliain de Mhná sa Pholaitíocht agus sa Saol Poiblí. Leanann an taispeántas lena chamchuairt ar Éirinn, ag díriú airde ar thionchar na mban ar mhúnlú an Stáit le chéad bliain anuas.
Bhunaigh Sounding the Feminists comhpháirtíocht cúig bliana leis an gCeoláras Náisiúnta, a dtacaíonn Éire Ildánach na Roinne leis. Cabhraíonn an infheistíocht agus an tionscnamh le cur chun cinn saothar ban-cheoltóirí agus ban-chumadóirí. I mbliana cuireadh leis an scéim seo agus fógraíodh an ceathrar ban-chumadóirí a fuair dámhachtainí i mí Feabhra 2021.
Tacaíonn Clár Éire Ildánach le tionscadail ina gcloistear glóir na mban trí infheistíocht a chuirtear ar fáil d’Fhoirne Cultúir agus Cruthaitheachta na n-údarás áitiúil. I measc na dtionscadal seo tá Crown, tionscadal ó Chomhairle Chontae Mhaigh Eo ina ndírítear ar shiombalachas na gruaige do mhná den lucht siúil, Mná Luimnigh, aip nua ghuthán póca a cheiliúrann mná ó stair Luimnigh, agus Sraith Mhaigdiléana, clár taispeántas agus imeachtaí de chuid Chomhairle Contae Átha Cliath Theas.
Maidir leis an scannánaíocht, tá Fís Éireann tiomanta do dhul i ngleic le neamhionannas na mban i scannánaíocht agus in ábhar scáileáin na hÉireann, go háirithe i róil mar scríbhneoirí agus stiúrthóirí, a Plean Sé Phointe maidir le Comhionannas Inscne san áireamh. Tá maoiniú do thionscadail le ban-scríbhneoirí agus ban-stiúrthóirí i measc na ngealltanas atá déanta ag Fís Éireann chun ban-scannánóirí na hÉireann a chur chun cinn.
Maidir leis an gceol, is comhpháirtithe iad Ireland Music Week agus First Music Contact sa tionscnamh domhanda Keychange, a bhfuil sé mar aidhm aige cothromaíocht inscne agus mionlach a bhaint amach i gceolchoirmeacha agus i bhféilte beo. In 2020, bhain Ireland Music Week a sprioc 50/50 Keychange amach maidir le cothromaíocht inscne don cheathrú bliain as a chéile. Is aidhm eile de chuid Keychange í gur mná iad 50% de na daoine a oibríonn i bhféilte agus i bpoiblitheoirí. Tá seacht n-eagraíocht Éireannach tar éis cláraithe go dtí seo.
Déanfaidh an Ceoláras Náisiúnta ceiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan chomh maith le Notes from a Quiet Land, freagra ceoil agus litearthachta ar an tréimhse seo ina mairimid. Beidh roinnt de na ban-amhránaithe nua is fearr de chuid na hÉireann ag canadh ag an ócáid seo. I measc na gceoltóirí a chanfaidh sa cheolchoirm seo tá Maria Doyle Kennedy, Gemma Dunleavy, Anne Enright, Fehdah, Felispeaks, Tara Flynn, Sinéad Gleeson agus go leor eile. Beidh sé ar fáil saor in aisce ar na meáin shóisialta go dtí Dé Luain, an 8 Márta ar a hocht a chlog.
Cuirfidh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann caint saor in aisce ar líne ar fáil chomh maith. Labhróidh an staraí bia Dorothy Cashman faoi líonraí na mban agus oidis a roinnt.
Tá an Roinn tiomanta do rannpháirtíocht spóirt na mban a mhéadú mar chóitseálaithe, mar oibrithe deonacha, mar bhaill de chlubanna, mar lúthchleasaithe, mar ionadaithe agus mar cheannairí ó bhun go hardleibhéal. Tugann maoiniú seans do mhná ag gach aois agus leibhéal a bheith rannpháirteach go gníomhach. Cuireann an Clár Caipitil Spóirt agus Trealamh marcanna measúnaithe breise ar fáil do thionscadail a thacaíonn le rannpháirtíocht na mban.
I measc na dtacaíochtaí tá polasaí máithreachais chun tacú le scoth-lúthchleasaithe agus cuireann Clár Oiliúna Meán na mBan sa Spórt traenáil ar fáil chun cabhrú le hiarratasóirí ina ngairmeacha sna meáin agus chun cur lena gcuid feiceálachta. Chomh maith leis sin, cuireadh níos mó ná €3m infheistíocht i bhforais agus i gcomhpháirtíochtaí spóirt ó 2019 i leith chun cur le rannpháirtíocht na mban: cóitseáil, réiteoireacht, ceannaireacht, rialachas agus feiceálacht san áireamh.
Is príomhchuspóir eile de chuid Spórt Éireann é dul i ngleic le ráta luathfhágálaithe nó neamhghníomhaíochta cailíní sna déaga, agus tá dhá thionscadal ar siúl.
In 2020, bhunaigh Spórt Éireann grúpa oibre chun cur le líon na mban a dhéanann dul chun cinn sa chóitseáil.
Cuireann Údarás Craolacháin na hÉireann obair na mban chun cinn sna meáin agus déanann an t-údarás cinnte go n-insítear scéalta na mban tríd na meáin. In 2019, bhí insint mhná i níos mó ná 70% de na tionscadail theilifíse a moladh i gcomhair maoinithe.
Faoi Scéim Físe agus Fuaime Údarás Craolacháin na hÉireann, déantar measúnú ar líon na mban i bpríomhróil i measúnú na n-iarratas, chun tacú le comhionannas na mban. Baintear úsáid as an eolas seo chun tionscadail a mheas chomh maith.
Leagtar ceithre chrann taca síos i bPlean Gnímh Inscne Údarás Craolacháin na hÉireann 2018 a dhéanann eolas d’obair an Údaráis. Cuirtear tionscnaimh oiliúna agus forbartha ar fáil chun seans a thabhairt do mhná a n-ionadaíocht a mhéadú sna meáin.
Tugann Maoiniú Foghlama agus Forbartha Earnála Údarás Craolacháin na hÉireann tacaíocht do líonraí tionscail: Women on Air agus Women in Film and Television Ireland san áireamh. Chomh maith leis sin, chuir Údarás Craolacháin na hÉireann maoiniú ar fáil do thaighde in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Ollscoil Mhá Nuad ar chomhionannas inscne san earnáil.
Bunaíodh Líonra Foirne na mBan in Údarás na Gaeltachta in 2020 chun spás a chruthú do mhná ag gach pointe dá gcuid gairmeacha. Is é Údarás na Gaeltachta an t-údarás régiúnach atá freagrach as forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta. Tá sí mar aidhm ag an líonra forbairt ghairmeacha na mban i measc na foirne a thacú agus cur le feiceálacht na mban. Reáchtálfaidh Údarás na Gaeltachta imeachtaí do Lá Idirnáisiúnta na mBan 2021, plé ar laofacht inscne agus imeacht fhíorúil de chuid Líonra na mBan ina measc.
Chomh maith leis sin, reáchtálfaidh Dúchas.ie caint le Club Idirnáisiúnta na mBan i mBaile Átha Cliath agus seolfaidh Dúchas.ie Níl Deireadh Ráite / Not the Final Word le Peig Sayers, óstálfaidh Ambasáid na hÉireann in Washington DC agus an Chomhdháil Mheiriceánach don Léann Éireannach an ócáid seo.
Tá comhionannas inscne mar chuid d’aidhm níos leithne, chomh maith, chun éagsúlacht a mhéadú sa tseirbhís phoiblí agus ar Bhoird an Stáit. Níos déanaí i mí an Mhárta, labhróidh an tAire Martin le himeacht a reáchtálfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Beidh Teresa Buczkowska ó Chomhairle na nImirceach, atá ina ball den Chomhairle Ealaíon chomh maith, ag labhairt ag an ócáid seo chomh maith. Beidh sé mar aidhm ag an imeacht seo pobal imirceach na hÉireann a spreagadh chun cur isteach ar cheapacháin Boird.