Bainfidh an Rialtas leas as Cumhacht an Spóirt chun Athmhuintearas a Dhéanamh le Náisiúin Iasachta, ‘Cumhacht Bhog’ Pholaitiúil a Neartú Thar Lear, agus Mol Spóirt Idirnáisiúnta a Dhéanamh d’Éirinn
- Foilsithe: 26 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 26 Samhain 2025
Comhdháil Taidhleoireachta Spóirt Cheannródaíoch á hÓstáil ag an Aire Patrick O’Donovan agus na hAirí Stáit Charlie McConalogue agus Neale Richmond
Reáchtáil an Rialtas an Chomhdháil Idirnáisiúnta Taidhleoireachta Spóirt inniu i gCampas Spórt Éireann, ceanncheathrú spóirt na hÉireann. Cuireann an ócáid comhairliúcháin seo leis an gCreat Idirnáisiúnta Taidhleoireachta Spóirt a seoladh níos luaithe i mbliana i gCruinniú Mullaigh Éire Dhomhanda 2025. Lorg sé tuairimí ó pháirtithe leasmhara mór le rá i spóirt, i saol acadúil, i dtionscal agus i gcarthanais na hÉireann chun plé a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le hÉirinn leas a bhaint as an taidhleoireacht spóirt chun ár gcuid luachanna a chur chun cinn.
Beidh an t-aiseolas ón gcomhdháil seo ina bhonn eolais do straitéis nua ar Thaidhleoireacht Spóirt Idirnáisiúnta d’Éirinn, rud a leagfaidh amach na gníomhartha a dhéanfaidh an stát faoin gCreat Idirnáisiúnta Taidhleoireachta Spóirt.
Bhí an Chomhdháil á óstáil ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan; ag an Aire Stáit le freagracht as Beartas Spóirt agus Poist, Charlie McConalogue; agus ag an Aire Stáit le freagracht speisialta as Forbairt Idirnáisiúnta agus Diaspóra, Neale Richmond.
Ag labhairt dó tar éis na Comhdhála, dúirt an tAire O'Donovan:
Ba phribhléid a bhí ann labhairt le grúpa chomh héagsúil sin faoi ábhar a bhfuil an oiread sin gealladh faoi maidir lenár ról sa domhan, agus maidir le spórt na hÉireann go ginearálta.
Tagann béim idirnáisiúnta na Comhdhála seo ag am tráthúil do spórt na hÉireann. Tá ról níos mó anois ag Éirinn sa spórt idirnáisiúnta. Beidh neart ócáidí móra amhail Corn Ryder in 2027, Corn Domhanda Cruicéid T20 2030 agus Craobhchomórtas UEFA EURO in 2028 ar siúl sna blianta amach romhainn.
Chonaiceamar an chumhacht atá ag an spórt chun an tír ar fad a thabhairt le chéile chun tacaíocht a thabhairt dár bhfoirne náisiúnta agus dár lúthchleasaithe idirnáisiúnta. Fuarthas tacaíocht freisin i bhfoirm na gcéadta milliúin euro a d'infheistigh an Rialtas sa spórt le blianta beaga anuas.
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Beartas Spóirt agus Poist, Charlie McConalogue:
Tá spórt i gcroílár fhéiniúlacht agus cultúr na hÉireann. Sa Straitéis Idirnáisiúnta Taidhleoireachta Spóirt atá le teacht, leagfar amach gníomhartha daingne do pháirtithe leasmhara ar fud an rialtais agus an chórais spóirt, chun go mbeidh an oiread tionchair agus is féidir againn.
Chomh maith leis sin, beidh Uachtaránacht an AE ag Éirinn don dara leath de 2026 agus díreoimid ar luach agus ar na deiseanna a bhaineann le spóirt thraidisiúnta agus dhúchasacha mar phríomhthéama i rith na hUachtaránachta.
Dúirt an tAire Stáit le freagracht speisialta as Forbairt Idirnáisiúnta agus Diaspóra, Neale Richmond:
Is deis spreagúil í an Straitéis Taidhleoireachta Idirnáisiúnta Spóirt atá le teacht, ag cur leis an gCreat a foilsíodh níos luaithe i mbliana, chun sraith beart coincréiteach a chur chun cinn chun an leas is fearr a bhaint as ár n-oidhreacht spóirt, chun nasc níos fearr a dhéanamh lenár ndiaspóra spóirt agus chun páirt a ghlacadh i dtionscnaimh spóirt agus i gcomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a chuireann lenár leasanna agus lenár luachanna chun cinn.
Tá an chomhdháil seo mar chuid de phróiseas comhairliúcháin fairsing ar Straitéis nua na hÉireann. Tá mo Roinn tar éis dul i ngleic lenár ndiaspóra spóirt ar fud an domhain freisin maidir leis an gcaoi is fearr is féidir tacú leo tríd an Straitéis nua. Tugann imeachtaí ar nós an Aer Lingus College Football Classic, agus an cluiche NFL a imríodh le déanaí i bPáirc an Chrócaigh, agus imeachtaí eile den chineál céanna, an oiread sin don tír agus cabhraíonn siad leis an gcaidreamh idir sinn féin agus tíortha eile a dhaingniú.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a chuir leis an bpróiseas seo. Tacóidh a léargais agus a rannpháirtíocht le forbairt straitéise ar féidir léi leas a bhaint as láidreachtaí uile Fhoireann Éireann sa bhaile agus thar lear.
CRÍOCH