Beagnach €400k ceadaithe do réimse tograí pobail i nGaeltacht Dhún na nGall

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Beagnach €400k ceadaithe do réimse tograí pobail i nGaeltacht Dhún na nGall

Tá fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan T.D., inniu an 7 Nollaig go bhfuil deontais ceadaithe aige do 4 choiste i nDún na nGall chun tograí pobail agus seirbhísí luathbhlianta a fhorbairt.

In LPT Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir, tá deontas suas le €47,320 ceadaithe do Choiste Forbartha Chnoc Fola chun obair athchóirithe a dhéanamh ar an ionad pobail. Anuas air sin, tá suas le €262,828 ceadaithe do Choiste Bainistíochta Scoil Bhríde chun foirgneamh a thógáil a bheas in úsáid mar naíonra.

In LPT an Ghaeltacht Láir, tá deontas suas le €10,941 ceadaithe do Choiste Forbartha Éadan Fhionn Fhraoich chun obair athchóirithe a dhéanamh ar an halla pobail agus tá suas le €81,328 ceadaithe do Cúram Leanaí an Chlocháin chun comhairleoirí a cheapadh ar mhaithe le pleananna a ullmhú d’fhorbairt ionad chúram leanaí agus naíonra.

Agus é ag labhairt faoi na tograí seo inniu, dúirt Aire Stáit O’Donovan:

“Is samplaí maithe iad na tograí seo den réimse chúnamh caipitil atá ar fáil faoi Chlár Tacaíochta Pobail agus Teanga mo Roinne do ghrúpaí agus eagraíochtaí Gaeltachta. Is idir obair athchóirithe, tógáil foirgnimh nua agus táillí gairmiúla atá mar ábhar na ndeontas seo agus beidh áiseanna don phobal i gcoitinne agus áiseanna sa bhreis don luathbhlianta mar thoradh ar na deontais. Is cúis áthais dom a bheith ábalta tacaíocht a thabhairt do na coistí seo i nGaeltacht Dhún na nGall.”

Nótaí don Eagarthóir

Líosta na ndeontas faoi chaibidil
Amharc amharc

Tá an maoiniú seo ceadaithe faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga. Tá níos mó eolais fán chlár sin ar fáil ag gov.ie - An Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga (www.gov.ie)

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat