Breis agus €580k ceadaithe ag an Aire Byrne faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Breis agus €580k ceadaithe ag an Aire Byrne faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga

Maoiniú caipitil de bhreis agus €580k ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta

Seacht dtogra i nDún na Gall, Gaillimh, Corcaigh, Ciarraí agus Maigh Eo le leas a bhaint as maoiniú caipitil

Pobail Ghaeltachta le tairbhe a bhaint as forbairt tionscadal a thacóidh le cothú na Gaeilge

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne T.D. inniu (16 Bealtaine) go bhfuil deontais chaipitil de luach suas le €580,159 ceadaithe aige do 7 dtogra atá lonnaithe i gceantair éagsúla Ghaeltachta i nGaillimh, Ciarraí, Maigh Eo, Dún na nGall agus Corcaigh.

Is iad Ionad Pobail Lios Póil i gCiarraí, CLG Chill na Martra i gCorcaigh, CLG Tuar Mhic Éadaigh i Maigh Eo, Muintearas Teo. i nGaillimh agus Coiste Forbartha an Fháil Charraigh CFTR, Árainn Mhór Aontaithe agus Coiste Bainistíochta Scoil Bhríde i Mín an Chladaigh i nDún na nGall na deontaithe.

Tá idir tháillí gairmiúla, obair thógála agus trealamh san áireamh mar ábhar na ndeontas seo. Tacóidh na deontais seo spriocanna an Chláir Thacaíochta Pobail agus Teanga a chur i gcrích maidir le leas an phobail agus na teanga sna ceantair éagsúla seo.

Ag fógairt na ndeontas inniu, dúirt an tAire Stáit Byrne:

“Mar Aire Stáit Gaeltachta, táim tiomanta tacú le pobail na Gaeltachta áiseanna agus seirbhísí ar ardchaighdeán a fhorbairt agus a chur ar fáil don phobail. Is an-samplaí iad na seacht dtograí caipitil seo den chineál cúnaimh caipitil atá ar fáil faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí Gaeltachta agus tá mé cinnte go mbeidh muintir na háite ábalta leas a bhaint as na háiseanna agus seirbhísí éagsúla a bheas mar thoradh an mhaoinithe seo. Is meascán de thograí beaga agus móra atá maoinithe leis na deontais seo ach beidh tionchar nach beag acu ar na ceantair ina bhfuil siad.”

Nótaí don Eagarthóir:

Seo thíos briseadh síos na ndeontas atá ceadaithe

Deontaí Contae Méid an Deontais Ábhar an Deontais
Ionad Pobail Lios Póil Ciarraí €151,871
Táillí Gairmiúla a bhaineann le hathchóiriú Ionad Pobail Lios Póil
CLG Chill na Martra Corcaigh €116,496
Deontas le caoi a chur ar an gcarrchlós in am do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2024
Muintearas Teo Gaillimh (Ach ag feidhmiú sna Gaeltachtaí ar fad) €149,810 Trealamh riachtanach TF / Seirbhísí Athbhrandála
CLG Tuar Mhic Éadaigh Maigh Eo €67,564
Deontas breise chun Páirc Astro a fhorbairt. (Ceadaíodh deontas €218,043 chuige seo in 2023 ach bhí gá le tairiscintí nua agus baineann an deontas breise seo leis an ardú costais dá bharr)
Coiste Forbartha an Fháil Charraigh CFTR Dún na nGall €24,788 Balla a thógáil thart ar an chlós súgartha
Árainn Mhór Aontaithe Dún na nGall €2,802 Claí a thógáil thart ar pháirc peile
Coiste Bainistíochta Scoil Bhríde Dún na nGall €66,828
Deontas breise chun Naíonra a thógáil / Táillí a íoc. (Ceadaíodh deontas €262,828 chuige seo in 2023 ach bhí gá le tairiscintí nua agus baineann an deontas breise seo leis an ardú costais dá bharr)
Total €580,159

Tá an maoiniú seo ceadaithe faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga agus tá níos mó eolais fán chlár sin ar fáil ag Community and Language Support Programme

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat