Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Bronann an tAire Catherine Martin maoiniú níos mó ná €620,000 do Scéim Deontais Iar-Ama Músaeim agus fógraíonn sí tionscnamh píolótach nua don Gheilleagar Oíche ina ndírítear ar dhaoine óga

- Bronntar €620,000 chun tacaíocht a thabhairt do níos mó ná 220 imeacht oíche in 51 mhúsaem agus ghailearaí ar fud na tíre.

- Bronntar €119,000 chun tacú le scéim nua phíolótach d’imeachtaí le haghaidh daoine óga agus d’ionaid inar féidir le daoine óga dul ar stáitse.

Inniu leithdháil an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., maoiniú níos mó ná €620,000 ar mhúsaeim agus ar ghailearaithe faoi Scéim Deontais Iar-Ama Músaeim a fógraíodh níos luaithe i mbliana. Tá sé mar aidhm ag an scéim tacú le músaeim agus gailearaithe oscailt níos déanaí trí imeachtaí nuálacha a óstáil chun daoine a spreagadh chun taitneamh a bhaint as saol oíche níos éagsúla inár mbailte agus cathracha ar fud na tíre.

Tacóidh an leithdháileadh maoinithe seo le 51 eagraíocht agus breis is 220 imeacht ar fud na tíre, lena n-áirítear filíocht, scannán, rince, litríocht, ceol, drámaíocht, na hamharc-ealaíona agus tionscadail ildisciplíneacha.

Seo a leanas roinnt de na himeachtaí a bheidh ar siúl:

• Reáchtálfar 4 cheolchoirm mar chuid de EPIC i mí na Samhna agus mí na Nollag lena n-áirítear Taibhithe Cóir agus filíocht ó bhéal.

• Óstálfar sraith ceolchoirmeacha agus turais go déanach san oíche in Eastát Bhán an Aeir i nDún Droma.

• Beidh cúig thráthnóna Ealaíne, Filíochta, Ceoil agus dioscmharcach ar siúl in The Glucksman i gCorcaigh ón 28 Meán Fómhair go dtí an 26 Deireadh Fómhair, ar oícheanta Déardaoin.

• I Músaem Clasaiceach COBÁC, i mBaile Átha Cliath, óstálfar 6 imeacht lena n-áirítear filíocht, scéalaíocht, ealaín agus ceol go dtí lár mhí na Samhna.

• I Músaem Hunt Luimnigh, reáchtálfar 9 n-oíche d’imeachtaí rúnda, fágfar leideanna ar na meáin shóisialta an tseachtain roimh na himeachtaí.

• Ag 14 Sráid Henrietta, i gCathair Bhaile Átha Cliath, cuirfear turais, líníocht bheo, ceol ó gach ré de shaol an tí ar fáil, turas trí fhilíocht agus trí thionóntáin na cathrach.

• I dTeach Russborough i gCo. Chill Mhantáin, óstálfar léiriú de Firestorm le Rogu. Beidh The Dark Maze ar siúl ar feadh ceithre oíche agus óstálfar imeacht scéalaíochta Oíche Shamhna.

• Reáchtálfar bál i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i mí na Samhna agus reáchtálfar 6 thuras déanach san oíche freisin.

• I Músaem Thúr Sheoigheach i nDún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath reáchtálfar imeachtaí go déanach san oíche ar feadh seachtaine i mí Mheán Fómhair, lena n-áirítear léamha agus taibhithe ceoil.

• I Músaem Náisiúnta an Ghorta Mhóir i mBéal na mBuillí, Co. Ros Comáin, reáchtálfar Ceardlann Theiripe Éiceabhach na Samhna agus Oícheanta Dúrúin Dúnmharaithe.

• In The Dock i gCora Droma Rúisc, Co. Liatroma, beidh an taispeántas Northern Soul ar siúl go déanach san oíche ar feadh dhá dheireadh seachtaine agus beidh turais threoraithe, léiriú scannáin agus seit DJ ann.

• Reáchtálfar sraith imeachtaí i Músaem Ealaíne Bhaile an Ghleanna i gCo. Mhaigh Eo ina mbeidh drámaíocht, ceol agus scéalaíocht.

• Réacháltfar seisiúin cheoil i Músaem Stair Cheilte Thiobraid Árann ó Mheán Fómhair go Deireadh Fómhair.

Cuireadh maoiniú ar fáil freisin do na Forais Náisiúnta Cultúir chun tacú le tionscnaimh nua agus chun tógáil ar roinnt de na tionscadail phíolótacha ar cuireadh tús leo anuraidh.

Déanfaidh lucht an Cheolárais Náisiúnta, i gcomhpháirtíocht le poiblitheoirí neamhspleácha Foggy Notions, tuilleadh forbartha ar Haunted Dancehall, imeacht ar éirigh go maith leis an bhliain seo caite. I nGailearaí Náisiúnta na hÉireann reáchtálfar sraith imeachtaí oíche Déardaoin ó Dheireadh Fómhair go Nollaig ina ndírítear go príomha ar dhaoine idir 20 agus 35 bliana d’aois. Cuideoidh turais shaincheaptha ar an mBailiúchán Náisiúnta agus imeachtaí éagsúla le ceol, diosmharcaigh agus eispéireas cruthaitheach le líon na gcuairteoirí a mhéadú. Beidh an caifé agus an siopa ar oscailt go déanach freisin.

Tá liosta iomlán d’fhaighteoirí an deontais anseo.

Ag fógairt na ndámhachtainí maoinithe, dúirt an tAire Martin:

“Is mór an t-ábhar misnigh é an t-éileamh ar an scéim seo a fheiceáil, mar aon leis an réimse leathan imeachtaí cruthaitheacha a bheidh ar siúl ar fud na tíre mar thoradh uirthi. Tá súil agam go meallfaidh an scéim lucht féachana nua agus go dtabharfar deis do dhaoine freastal ar a n-iarsmalann áitiúil rud, b’fhéidir, nach féidir leo a dhéanamh i rith an lae. Tá rud éigin sa scéim a mbainfidh gach duine taitneamh as agus mholfainn do dhaoine dul amach agus taithí a fháil ar a bhfuil ar fáil sna hionaid seo. Tá súil agam go bhfeiceann na heagraíochtaí go bhfuil sé luachmhar a gcuid spásanna a oscailt níos déanaí san oíche chun tacú le geilleagar oíche níos bríomhaire agus chun deiseanna a sholáthar d’ealaíontóirí agus dioscmharcaigh áitiúla.”

Chomh maith leis sin, dúirt an tAire Martin:

“Tá lúcháir orm a fheiceáil chomh maith go bhfuil na Forais Náisiúnta Cultúir ag leanúint ar aghaidh ag fiosrú conas is féidir leo na spásanna a oscailt do ghníomhaíocht mhéadaithe oíche. Tá lúcháir ar leith orm leagan nua d’imeacht “Haunted Dancehall” a tharla anuraidh sa Cheoláras Náisiúnta agus a bhfuil dea-cháil i bhfad agus i ngearr air a fheiceáil. Is iontach an rud é lucht féachana nua a fheiceáil ag teacht chuig ár spásanna luachmhara cultúrtha agus ag obair ar bhealaí nua agus nuálacha”.

Mar thaca leis na moltaí ón Tuarascáil ar Gheilleagar Oíche, inar leagadh béim ar an ngá atá le deiseanna a mhéadú do dhaoine óga chun páirt a ghlacadh sa Gheilleagar Oíche, agus go sonrach na gníomhaíochtaí sin nach bhfuil bunaithe ar an alcól, d’fhógair an tAire tionscnamh píolótach Gheilleagar Oíche do dhaoine óga.

Tacófar sa chlár píolótach le breis agus 70 imeacht oíche ar fud na tíre a eagraíonn daoine óga, do dhaoine óga, san aoisghrúpa 14 – 24 bliana d’aois. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh spásanna taibhithe a chur ar fáil d’ealaíontóirí óga agus d’ealaíotóirí atá ag teacht chun cinn, rud a ligeann dóibh an taithí a fháil ar a bheith i bhfíor-thimpeallacht ‘gigeanna’ le criú gairmiúil stáitse, soilsithe, ceamara agus fuaime. Soláthraítear sa scéim freisin na spásanna sin a bhfuil géarghá leo do dhaoine óga le bheith ag sóisialú le chéile go sábháilte san oíche.

Bronnadh maoiniú de níos mó ná €119,000 ar eagraíochtaí a oibríonn le daoine óga agus ionaid chun na deiseanna tábhachtacha agus na heispéiris chultúrtha Gheilleagar Oíche sin a chruthú.

Beidh imeachtaí ar siúl ó Mheán Fómhair go Nollaig agus beidh oícheanta mic oscailte, tobchumadóireacht, greann, ceardlanna agus seit dhioscmharcach agus oícheanta amhránaithe is scríbhneoirí san áireamh.

Tá liosta iomlán d’fhaighteoirí an deontais anseo.

Agus an scéim phíolótach nua ina ndírítear ar dhaoine óga á fógairt aici, dúirt an tAire Martin:

“Anuraidh, d’óstáil mo Roinnse, i gcomhar leis an Oifig Náisiúnta um Rannpháirtíocht na hÓige, dhá ghrúpa fócais do dhaoine óga chun a dtuairimí a roinnt faoin nGeilleagar Oíche. Táimid tar éis éisteacht lena gcuid moltaí agus tá an-áthas orm an scéim phíolótach seo a fhógairt mar thoradh díreach ar na cainteanna sin. Tá sé mar aidhm ag an gclár píolótach níos mó gníomhaíochtaí saor ó alcól a chur ar fáil do dhaoine óga, agus éagsúlacht ionad agus spásanna a thabhairt dóibh chun ligean dóibh a bheith rannpháirteach agus sóisialú go sábháilte le chéile níos déanaí sa tráthnóna agus san oíche.”

Nótaí d’Eagarthóirí:

Scéim Deontais Iar-Ama Músaeim

Cuireadh maoiniú suas le €10,000 ar fáil do mhúsaeim le hoscailt níos déanaí ar feadh ceithre oíche ar a laghad. Bhí ar iarratasóirí gealltanas a thabhairt go n-osclófaí iad go 9 i.n.

Tairgeadh an maoiniú do Mhúsaeim agus Ghailearaithe ar baill Institiúide iad de Chumann Músaem na hÉireann agus/nó atá ina mbaill de Chlár na hÉireann um Chaighdeáin. Breithníodh iarratais ar mhéideanna níos mó ná €10,000 nuair a bhí lucht iarsmalainne nó gailearaí ag iarraidh clár imeachtaí níos faide agus/nó níos uaillmhianaí a chur i bhfeidhm. Rinneadh measúnú orthu cás ar chás i gcomhthéacs an mhaoinithe a bhí ar fáil; níor ráthaíodh maoiniú breise agus cuireadh na prionsabail thuas i bhfeidhm.

Spreagadh iarsmalanna oibriú le comhpháirtithe nua chun lucht féachana nua a mhealladh le haghaidh spás an mhúsaeim/gailearaí agus úsáidí nua spásanna reatha sa phobal a spreagadh d’ealaíontóirí agus do phobail chultúrtha go déanach san oíche.

I measc na n-imeachtaí a bhí incháilithe le haghaidh maoinithe bhí turais go déanach san oíche, ceol beo, dioscmharcaigh bheo, damhsa (léiritheach nó rannpháirteach!), taispeántais, léamha filíochta, seónna grinn (fuirseoireacht ar na boinn, sceitse nó tobchumadóireacht), amharclannaíocht, scannánaíocht, podchraoltaí beo, scéalaíocht, ranganna agus tionscnaimh folláine.

Tiocnsnamh Píolótach Gheilleagar Oíche don Óige

Cúlra

Tá sé mar aidhm ag Tuarascáil an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche, a foilsíodh i Meán Fómhair 2021, Geilleagar Oíche níos éagsúla agus níos cuimsithí a chruthú. D’fhéach an Tascfhórsa ar an nGeilleagar Oíche go hiomlánaíoch agus é mar aidhm leis deiseanna cultúrtha a mhéadú do theaghlaigh agus d’aoisghrúpaí eile sa tráthnóna agus d’fhéach siad freisin ar bhealaí nua chun nuálaíocht agus cruthaitheacht a spreagadh sa Gheilleagar Oíche. Mhol an Tascfhórsa freisin go leathnófaí an chuid sin de thairiscint an Gheilleagair Oíche nach mbaineann le díol alcóil.

Moladh i nGníomh 5 de Thuarascáil an Tascfhórsa gur cheart ceardlanna tiomnaithe um Ghníomhachtú Gheilleagar Oíche a thionól chun a chinneadh cad iad na gníomhartha a theastaíonn chun tacú le tionscnaimh Gheilleagar Oíche d’aoisghrúpaí éagsúla agus gur cheart sraith moltaí a fhorbairt tar éis an phróisis chomhairliúcháin seo.

Reáchtáladh dhá cheardlann anuraidh i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Éagsúlachta, Lánpháirtíochta agus Óige (R/LCÉLÓ) agus an Oifig Náisiúnta Rannpháirtíochta. Chuir na fócasghrúpaí ardán ar fáil do dhaoine óga chun a dtuairimí a roinnt faoin nGeilleagar Oíche agus thug siad deis dóibh moltaí inláimhsithe a sholáthar maidir le conas an Geilleagar Oíche a fheabhsú do dhaoine óga.

Chuir na rannpháirtithe béim ar an easpa éagsúlachta ó thaobh na n-ionad ar féidir le daoine óga freastal orthu. Luadh freisin an easpa spásanna do dhaoine óga le feidhmiú iontu, agus na tairiscintí srianta oíche dóibh siúd nach bhfuil ag iarraidh alcól a ól. D’aithin na rannpháirtithe roinnt tionscnamh ar mhaith leo go reáchtálfaí iad in n-ionaid:

  • Imeachtaí go déanach sa tráthnóna nó oíche (gach seánra) le healaíontóirí óga do dhaoine óga.
  • Spásanna do cheoltóirí/ealaíontóirí óga le cleachtadh.

Is toradh díreach ar an bpróiseas sin é tionscnamh píolótach an lae inniu a fhógairt.

Táthar ag súil go nglacfaidh na hiarratasóirí rathúla páirt sa mheastóireacht agus go roinnfidh siad na torthaí foghlama. Beidh measúnú córasach agus oibiachtúil i gceist leis seo i bhfoirm tuarascála scríofa, le rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga léirithe, chun tionchar, foghlaim agus inbhuanaitheacht an tionscadail a chinneadh.