Bronntar Gradam Markievicz ar 10 ealaíontóirí chun saothar a chruthú a léiríonn ról na mban i stair na hÉireann
- Foilsithe: 16 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, deich mbuaiteoirí nua Ghradaim Markievicz d’ealaíontóirí.
Tá sé mar aidhm ag Gradam Markievicz tacú le healaíontóirí chun a gceird a fhorbairt agus ealaín den scoth a chruthú a aithníonn agus a dhéanann comóradh ar ról na mban san am atá caite agus sa tréimhse a gclúdaítear i nDeich mBliana na gCuimhneachán, 1912-1923, go háirithe.
Seo a leanas na healaíontóirí a fuair gradaim inniu:
- Emily Aoibheann (Sorcas)
- Chloe Brenan (Scannánaíocht)
- Tara Kearns (Amharc-ealaíona)
- Janet Moran (Amharcannaíocht)
- Margo McNulty (Amharc-ealaíona)
- Siobhán Ní Dhuinnín (Damhsa)
- Doireann Ní Ghríofa (Litríocht - Béarla)
- Jody O'Neill (Amharclannaíocht)
- Aoife Spillane-Hinks (Ceoldhrámaíocht)
- Olesya Zdorovetska (Ceol)
Bronntar dámhachtainí faoin scéim gach bliain idir 2021 agus 2023 ar suas le deichniúr ealaíontóirí (ealaíontóirí aonair a oibríonn ina n-aonair nó ealaíontóirí a chomhoibríonn le healaíontóirí eile) le luach suas le €25k do gach duine aonair nó grúpa. Oibríonn an Roinn i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon maidir le riarachán na scéime faoi chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012 2023.
Dúirt an tAire Martin:
“Tagann na 10 ealaíontóirí a fógraíodh inniu mar fhaighteoirí Ghradaim Markievicz mar aon le 20 ealaíontóir atá ag fáil gradam cheana féin ó cuireadh tús leis in 2019. Tugann na Gradaim seo urraim do Constance de Markievicz – a bhí ina healaíontóir í féin – agus tacaíocht d’ealaíontóirí ó gach cúlra agus seánra chun saothar nua a chruthú a léiríonn ról na mban san am atá caite, go mór mór sa tréimhse a chlúdaítear i nDeich mBliana na gCuimhneachán. Is í 2022 an ceathrú bliain a bhronnfar an Gradam a riarann ár gcomhpháirtí, an Chomhairle Ealaíon go cumasach. Méadaíodh clár na nGradam go suntasacha anuraidh. Táim tiomanta do thacaíocht a thabhairt don Ghradam i mbliana agus an bhliain seo chugainn agus muid ag obair chun an timpeallacht oibre d’ealaíontóirí a athnuachan, a athchóiriú agus a thacú i ndiaidh na héigeandála sláinte poiblí a chruthaigh COVID-19.”
Dúirt an tAire Martin chomh maith:
“Tá an-áthas orm bualadh leis na healaíontóirí chun an Gradam a fhógairt i mbliana. Aithníonn gach ceann acu a thábhachtaí is atá sé an ról ríthábhachtach a bhí ag mná ina n-aonar agus i dteannta a chéile inár stair a aithint, a thuiscint agus a léiriú. Táim ag súil le dul chun cinn na n-ealaíontóirí agus na saothair nua a chruthófar mar thoradh ar na dámhachtainí seo a fheiceáil - cuirfidh an dá ghné seo leis an bplé ar ról ríthábhachtach na mban sa troid ar son na saoirse agus sa chéad 100 bliain ó bunaíodh an Stát. Is acmhainn ríthábhachtach dár sochaí é léiriú cruthaitheach, chun stair achrannach a insint agus chun ár smaointeoireacht reatha agus ár mianta don todhchaí a threorú.”
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Seo thíos roinnt sonraí faoi thograí na n-ealaíontóirí dá ngradaim: