Buailfidh breis agus 300 toscaire le chéile i gCaisleán Bhaile Átha Cliath le haghaidh comhdhála speisialta chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhoilsiú Dhaonáireamh 1926
- Foilsithe: 4 Meitheamh 2026
- An t-eolas is déanaí: 4 Meitheamh 2026
Comhdháil lae á reáchtáil ag an gCartlann Náisiúnta le rannpháirtithe Éireannacha agus idirnáisiúnta chun plé a dhéanamh ar Dhaonáireamh 1926
Buailfidh breis agus 300 toscaire le chéile i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inniu chun páirt a ghlacadh i gcomhdháil aon lae Plé ar Dhaonáireamh 1926 atá á reáchtáil ag an gCartlann Náisiúnta mar chuid dá clár rannpháirtíochta poiblí a ghabhann le heisiúint Dhaonáireamh 1926. Tabharfaidh an Chomhdháil Plé ar Dhaonáireamh 1926 taighdeoirí, saineolaithe agus an pobal oidhreachta go ginearálta le chéile chun machnamh agus ceiliúradh a dhéanamh ar eisiúint Dhaonáireamh 1926 ag an gCartlann Náisiúnta.
Beidh clár don lá ar fad i gceist leis an ócáid - clár a phléifidh aistear an Daonáirimh, idir an comhthéacs stairiúil agus an t-ullmhúchán dá fhoilsiú, chuig a thionchar ar an bpobal agus poitéinseal don todhchaí.
Le heochairléachtaí, painéil agus díospóireachtaí de réir téamaí, tabharfaidh an Chomhdháil aghaidh ar an daonáireamh mar cháipéis stairiúil agus mar acmhainn chomhaimseartha araon.
Tar éis comhthéacs a chur ar Éirinn sa bhliain 1926, beidh sraith painéal spriocdhírithe ar siúl mar chuid den chlár:
- Tuiscint níos fearr a fháil ar shochaí na hÉireann ag an am
- Béim a chur ar an gcaomhnú, tras-scríobh agus digitiú fairsing a rinneadh chun na taifid a ullmhú
- Plé ar na tionscnaimh chruthaitheacha agus rannpháirtíochta poiblí a forbraíodh maidir leis an bhfoilsiú
- Taispeáint conas a thacaíonn modheolaíochtaí nuálacha digiteacha le taighde agus an tionchar a bhíonn acu ar ár dtuiscint ar an am atá caite
Críochnóidh an lá le píosa machnaimh maidir leis an méid atá i ndán do thaighde leanúnach a bhaineann úsáid as Daonáireamh 1926 agus do mhisean níos ginearálta na Cartlainne Náisiúnta maidir le taifid chartlainne a chaomhnú, a léirmhíniú agus a roinnt.
Tá sé mar chuspóir ag an gcomhdháil seo comóradh a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann le heisiúint Dhaonáireamh 1926, agus caint, comhoibriú agus meonta nua a spreagadh ar fud na réimsí cartlainne, acadúla agus cultúrtha.
I measc na rannpháirtithe, beidh an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, Ollamh Emeritus, Ollscoil na Gaillimhe; an tOllamh Lindsey Earner-Byrne, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath; an tOllamh Marie Coleman, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste; an t-eacnamaí David McWilliams; an craoltóir Katie Hannon, chomh maith le ginealeolaithe, ealaíontóirí, déantóirí clár faisnéise, agus Foireann Dhaonáireamh 1926 de chuid na Cartlainne Náisiúnta.
Is é an tAire Patrick O’Donovan, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, a osclóidh an chomhdháil go hoifigiúil.
Beidh an tUachtarán Catherine Connolly i láthair freisin.
Agus é ag labhairt ag an gcomhdháil inniu, dúirt an tAire Patrick O’Donovan:
Tá an-áthas orm bheith anseo inniu. Ó foilsíodh é mí ó shin, léirigh an tír ar fad - agus áiteanna níos faide ar shiúl - an-suim i nDaonáireamh 1926, a thugann léargas dúinn ar Éirinn i 1926, stát nua a bhí á bhunú tar éis deich mbliana réabhlóide agus míshocrachta. Tá an-chuid foghlamtha againn ón bhfaisnéis atá sna tuairisceáin daonáirimh faoinár dteaghlaigh féin, ár bpobail agus faoin tír go ginearálta. Tá lúcháir orm gur eagraigh an Chartlann Náisiúnta an chomhdháil seo inniu mar pháirt dá cuid oibre rannpháirtíochta poiblí maidir le foilsiú an Daonáirimh. Tugann sé deis iontach do dhaoine plé a dhéanamh agus tuiscint níos fearr a fháil ar Éirinn mar a bhí sí i 1926.
Agus í ag labhairt ag an gcomhdháil freisin, dúirt Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta Orlaith McBride:
Agus Daonáireamh 1926 foilsithe anois, tá súil againn go gcuideoidh an chomhdháil seo le staraithe, acadóirí, cartlannaithe, ginealeolaithe agus daoine ón bpobal i gcoitinne a bhfuil spéis acu ann tuiscint a fháil ar aistear an Daonáirimh óna chomhthéacs stairiúil in 1926 suas go dtí na próisis chasta theicniúla agus theicneolaíocha a bhí á ndéanamh ag an gCartlann Náisiúnta chun é a fhoilsiú, agus plé a dhéanamh ar úsáidí éagsúla an Daonáirimh do theaghlaigh, staraithe, taighdeoirí, staitisteoirí agus pobal an ghinealais. Is foinse an-saibhir eolais é Daonáireamh 1926 chun tuiscint níos fearr a fháil ar dhaoine agus ar áiteanna in Éirinn sa bhliain 1926. Tá súil againn go gcuirfidh an chomhdháil seo leis an aidhm sin.
CRÍOCH
Nótaí an Eagarthóra
- Bunaíodh an Chartlann Náisiúnta leis an Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 agus aistríodh chuici páipéir na hOifige Taifead Poiblí agus na hOifige Páipéar Stáit, agus cuireadh deireadh leis an dá cheann acu. Sa bhliain 1992, bhog ceanncheathrú na Cartlainne Náisiúnta ó na Ceithre Cúirteanna go dtí sean-mhonarcha brioscaí Jacob i Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath 8.
- Caomhnaíonn an Chartlann Náisiúnta cuimhne an Stáit i bhfoirm a taifead scríofa. Faigheann agus cosnaíonn sí taifid phoiblí na hÉireann, rud a chinntíonn a n-infhaighteacht mar acmhainn do chách. Baineann na taifid sin le stair shóisialta, chultúrtha, eacnamaíoch agus pholaitiúil oileán na hÉireann ón Meánaois go dtí bunú Shaorstát Éireann in 1922 agus isteach sa ré nua-aimseartha.
- An 18 Aibreán 2026, d’fhoilsigh an Chartlann Náisiúnta Daonáireamh 1926. Ba é an chéad daonáireamh a rinneadh i Saorstát Éireann. Foilsíodh níos mó ná 750,000 íomhá digiteach a bhaineann le breis agus 2.9m duine a bhí ina gcónaí in Éirinn an 18 Aibreán 1926.
- Is é an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt a mhaoinigh Daonáireamh 1926, atá ar fáil go neamhshrianta ar shuíomh gréasáin na Cartlainne Náisiúnta: www.nationalarchives.ie