Ceadaíonn an tAire Martin maoiniú €170k do mhúsaeim áitiúla agus réigiúnacha
- Foilsithe: 28 Iúil 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, sraith deontais bheaga do mhúsaeim áitiúla agus réigiúnacha timpeall na tíre. Beidh €170,206.50 ar fáil faoin Scéim um Thaispeántais Mhúsaeim Réigiúnaigh 2022.
Féachann tionscadail a mhaoinítear faoin Scéim seo le tairiscint chultúrtha na músaem a fheabhsú, rochtain níos fearr ar mhúsaeim a spreagadh agus úsáid na músaem mar acmhainní turasóireachta ina gceantar nó ina réigiún a chur chun cinn.
Tá cúig thionscadal déag ag baint tairbhe as i mbliana, lena n-áirítear Músaem Bhád Eitilte Fhainge chun macasamhail de Bhád Eitilte Boeing 314 a athchóiriú agus Músaem Chontae Mhuineacháin le haghaidh cásanna taispeántais do shuíomh nua an mhúsaeim ar an gCampas Síochána, Muineachán.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“Is acmhainn thar a bheith tábhachtach iad ár músaeim áitiúla agus réigiúnacha chun rochtain a fháil ar chultúr agus oidhreacht i mbailte agus sráidbhailte ar fud na tíre agus tá áthas orm a bheith in ann tacaíocht a thairiscint dóibh tríd an Scéim um Thaispeántais Mhúsaeim Réigiúnaigh.
Bhain forais áitiúla agus réigiúnacha úsáid as maoiniú a cuireadh ar fáil faoin scéim seo le blianta beaga anuas chun a gcuid taispeántais chultúrtha a fheabhsú dá gcuid pobal agus do chuairteoirí.
Is féidir le spásanna cultúrtha pobail a thabhairt le chéile agus mothaíonnn daoine go bhfuil siad rannpháirteach mar gheall orthu, agus go bhfuil siad mar chuid de rud éigin níos mó ná iad féin.”
Nóta don Eagarthóir:
Féach thíos liosta iomlán na dtionscadal rathúil:
| Iarratas | Contae | Cur síos ar an Tionscadal | Maoiniú a leithdháileadh | |
| Músaem Luimnigh | Luimneach | Stair lása Luimnigh | €6,000.00 | |
| Ionad Oidhreacht Bhodhar na hÉireann | Baile Átha Cliath | €12,546.00 | ||
| Músaem Sheoda Phort Láirge | Port Láirge | €15,000.00 | ||
| Músaem Ime Chorcaí | Corcaigh | € 4,895.00 | ||
| Iarnród an Cabháin & Liatroma | Liatroim | € 9,950.00 | ||
| Ionad Cultúrtha agus Litríochta Chiarraí | Ciarraí | €13,987.50 | ||
| An Músaem Náisiúnta Cló | Baile Átha Cliath | €8,100.00 | ||
| Músaem Muireitleán agus Muirí Fhainge | Luimneach | €15,000.00 | ||
| Comhairle Chontae Mhuineacháin | Muineachán | €15,000.00 | ||
| Ionad Ealaíon Sirius | Corcaigh | €10,275.00 | ||
| Nano Nagle Place | Corcaigh | €15,000.00 | ||
| Iarsmalann Hunt | Luimneach | €15,000.00 | ||
| Músaem Stair Cheilte Thiobraid Árann | Tiobraid Árann | €15,000.00 | ||
| Iontaobhas Reiligí Bhaile Átha Cliath | Baile Átha Cliath | €12,453.00 | ||
| Músaem Giúdach na hÉireann | Baile Átha Cliath | Frámú dhá phictiúr | € 2,000.00 | |
| €170,206.50 |