Ceadaíonn an tAire Martin maoiniú €300k do mhúsaeim áitiúla agus réigiúnacha
- Foilsithe: 18 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., sraith deontais bheaga do mhúsaeim áitiúla agus réigiúnacha timpeall na tíre inniu. Beidh €310,225 ar fáil faoi Scéim Thaispeántais Mhúsaeim Réigiúnacha 2021.
Tá gach ceann de na 32 tionscadal a chuir isteach ar mhaoiniú i mbliana ag baint leas as an maoiniú, Músaem Stair Cheilte Thiobraid Árann san áireamh, a léireoidh Seoda Ceilte an Mhúsaeim mar aon le hEispéireas Shean-Oibreacha Uisce Chorcaí a athchruthóidh léiriú buan ar an gcoire-theach mar a bhíodh sé le linn a shaol oibre c.1863-1940.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“Tá ríméad orm an tacaíocht seo a chur ar fáil do gach ceann de na forais áitiúla agus réigiúnacha seo agus páirt a ghlacadh i gcruthú taispeántais agus imeachtaí ar líne nua agus bríomhara.
Is acmhainní barrthábhachtacha iad ár gcuid músaeim áitiúla agus réigiúnacha do chultúr agus d’oidhreacht inár gcuid bailte agus sráidbhailte ar fud na tíre. Tá siad ríthábhachtach don phobal agus caithfimid tacú lena ról inár gcultúr oidhreachta.
Bhain forais áitiúla agus réigiúnacha úsáid as maoiniú a cuireadh ar fáil faoin scéim seo le blianta beaga anuas chun a gcuid taispeántais chultúrtha a fheabhsú dá gcuid pobal agus do chuairteoirí.
Is minic a bhíonn buiséad beag ag na haonáin chultúrtha seo. Is acmhainn iontach iad do mhuintir na hÉireann, go mór mór i dtréimhse seo na héiginnteachta. Tá an-áthas orm a bheith in ann tacú le athnuachan agus forbairt na bhforas seo.
Agus iad ag athoscailt agus ag téarnamh, is féidir lenár bhforais chultúrtha a gcuid taispeántas agus léirithe a dhéanamh mar aon le gnéithe nua spéisiúla, gnéithe a dtacaíonn an maoiniú a fhógraítear inniu leo.”
Nótaí
Féach thíos liosta iomlán na dtionscadal rathúil:
| Iarratasóir | Contae | Cur síos ar an Tionscadal | Méid maoinithe molta | |
| Músaem Luimnigh | Luimneach | Lása Luimnigh Ó Dhearadh go Déanamh | 3,000 | |
| LAMN | Muineachán | 5,500 | ||
| Gailearaí de Buitléir | Cill Chainnigh | Bailiúchán Ghailearaí de Buitléir a dhigitiú | 7,600 | |
| Iarsmalann Hunt | Luimneach | 15,000 | ||
| Fondúireacht Ealaíon Bhaile an Ghleanna | Maigh Eo | Taispeántas: A Chladach Thiar Thuaidh | 9,375 | |
| The Model | Sligeach | Taispeántas: Jack Butler Yeats; Bailéid an tSáile | 10,500 | |
| Músaem Ime Chorcaí | Corcaigh | 7,500 | ||
| Músaem Scríbhneoirí Chiarraí | Ciarraí | 8,750 | ||
| Músaem Muireitleán agus Muirí Fhainge | Luimneach | Taispeántas Bhlaiseadh na Staire | 3,600 | |
| Músaem Sheoda Phort Láirge | Port Láirge | Taighde | 10,500 | |
| The Glucksman | Corcaigh | 15,000 | ||
| Músaem Beag na hÉireann | Baile Átha Cliath | 12,000 | ||
| Leabharlann de Moiréis | Baile Átha Cliath | Taispeántas: Eilifintí Fiáine Chlós Phádraig | 2,650 | |
| Gailearaí Eolaíochta Bhaile Átha Cliath | Baile Átha Cliath | Clár BIAS | 10,500 | |
| Iarnród an Cabháin & Liatroma | Liatroim | Iarnród a fheabhsú | 6,000 | |
| Músaem Chontae Chiarraí | Ciarraí | Gnéithe nua de sheomra polach Tom Crean | 15,000 | |
| Ionad Oidhreacht Bhodhar na hÉireann | Baile Átha Cliath | 13,500 | ||
| Músaem Chontae Cheatharlach | Ceatharlach | 4,100 | ||
| Músaem an Chumainn Lúthchleas Gael | Baile Átha Cliath | 3,375 | ||
| An Músaem Náisiúnta Cló | Baile Átha Cliath | Leabhar a dhéanamh | 15,000 | |
| Comharchumann Pharóiste na nAilichí | Corcaigh | 11,400 | ||
| Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann | Ros Comáin | 11,150 | ||
| Ionad Ealaíon Sirius | Corcaigh | 10,000 | ||
| Caisleán Bhaile Sheáin | Loch Garman | 10,000 | ||
| Músaem Chathair na Gaillimhe | Gaillimh | 9,000 | ||
| Músaem an Chontae, Dún Dealgan | Lú | Taispeántas ‘na gCnoc i bhFad Uainn’ | 12,000 | |
| Gailearaí Highlanes | Lú | 13,500 | ||
| Teach Fhóite/Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann | Corcaigh | 13,200 | ||
| Músaem Muirí an Phasáiste | Corcaigh | 775 | ||
| Músaem Sheoda Ceilte Thiobraid Árann | Tiobraid Árann | Taispeántas: Seoda Ceilte Mhúsaeim Thiobraid Árann | 15,000 | |
| Eispéireas Shean-Oibreacha Uisce Chorcaí | Corcaigh | 15,000 | ||
| Maigh Eo | Baliuchán Chogadh Saoirse Jackie Clarke | 10,750 | ||
| 310,225 |