Ceadaíonn an tAire Martin maoiniú níos mó ná €187k don Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2023

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceadaíonn an tAire Martin maoiniú níos mó ná €187k don Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2023

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán sraith deontas faoi Scéim na Roinne um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann. Cheadaigh an tAire leithdháiltí €187,015 chun tacú le tionscadail chultúrtha a bhfuil gnéithe suntasacha trasteorann acu.

Tá sé mar aidhm ag tionscadail bheaga neamhspleácha a mhaoinítear faoin Scéim feabhas a chur ar, ceiliúradh agus comóradh a dhéanamh ar ealaín, ar chultúr, ar cheol, ar scannáin nó ar oidhreacht Oileán na hÉireann ar bhonn Thuaidh/Theas.

Cuireadh fáilte roimh iarratais le haghaidh tionscadal a chabhraigh le cur chun cinn:

• Comhoibriú agus comhthionscnaimh idir eagraíochtaí agus institiúidí ar bhonn Thuaidh/Theas;

• Turasóireacht chultúrtha ar bhonn Thuaidh/Theas;

• Soláthar chláir chultúrtha for-rochtana ar bhonn Thuaidh/Theas.

D'éirigh le sé thionscadal déag agus gheobhaidh siad maoiniú suas go huasmhéid €15,000. I measc na dtionscadal seo tá féilte, léirithe rince agus físthionscadail agus beidh comhlachtaí ar an dá thaobh den teorainn ag comhoibriú i gcomhthéacs cultúrtha, ina measc Caoineadh Dúlra / Mourning Nature, clár imeachtaí ealaíne agus for-rochtana le Comhairle Chontae an Chabháin, Peace Heroines Phase 2, clár ealaíon agus oideachais le Herstory Education Trust agus clár forbartha trasteorann le Photo Museum Ireland.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

“Tá an-áthas orm na leithdháiltí faoin Scéim Maoinithe um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2023 a fhógairt. Tacaíonn an Scéim seo le tionscadail ag soláthar malartú smaointe agus taithí roinnte ina ndéantar ceiliúradh ar ár gcultúr mar oileán le tionchar domhanda. Tá taipéis iontach ealaíne, ceoil, scannán agus oidhreachta againn ar fud oileán na hÉireann. Is deis thábhachtach í an Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann chun a aithint nach bhfuil aon teorainneacha ag an gcultúr agus é seo a cheiliúradh ar fud oileán na hÉireann ar fad..”

Nótaí don Eagarthóir:

Miondealú Leithdháiltí 2023
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat