Ceadaíonn an tAire Martin níos mó ná €147k i maoiniú do thionscadail chultúrtha trasteorann faoin Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2021
- Foilsithe: 23 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. leithdháileadh maoinithe €147,500 inniu chun tacú le 13 thionscadal chultúrtha le gnéithe suntasacha trasteorann faoin Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2021.
Is scéim maoinithe í an Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann do thionscadail bheaga fhéinchuimsitheacha a bhfuil sé mar aidhm acu ealaín, cultúr, ceol, scannán nó oidhreacht oileán na hÉireann a fheabhsú, a cheiliúradh nó a chomóradh ar bhonn Thuaidh / Theas.
Cuireadh fáilte roimh iarratais le haghaidh tionscadal a chuireann:
- Comhoibriú agus comhthionscnaimh chun cinn idir eagraíochtaí agus institiúidí ar bhonn Thuaidh/Theas;
- Turasóireacht chultúrtha chun cinn ar bhonn Thuaidh/Theas;
- Soláthar chláir chultúrtha for-rochtana chun cinn ar bhonn Thuaidh/Theas.
Bainfidh trí thionscadal déag leas as, le uasmhéid maoinithe €15,000. Beidh taispeántais, féilte agus léirithe damhsa i measc na dtionscadal agus beidh comhlachtaí ar an dá thaobh den teorainn ag comhoibriú i gcomhthéacs cultúrtha. I measc na n-imeachtaí beidh Reframing 100: Digital Collaborations le Gailearaí Grianghrafadóireachta agus grúpa ceoltóirí óga ar líne le Music Generation Laois.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“Tá an-áthas orm na leithdháiltí faoin Scéim Maoinithe um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2021 a fhógairt. Cuireann an scéim seo ardán ar fáil do mhalartuithe cultúrtha agus do chomhthionscadail ó eagraíochtaí ar an dá thaobh den teorainn agus sholáthair an scéim roinnt tionscadail spéisiúla agus luachmhara thar na blianta. Maoiníonn leithdháiltí na bliana seo gach rud ó ghrianghrafadóireacht go healaín go ceol agus glacfar go fonnmhar leo ar fud oileán na hÉireann. Guím gach rath ar rannpháirtithe na dtionscadal seo agus gabhaim buíochas leo siúd a bhí cliste agus cruthaitheach go leor chun na tionscadail seo a chur ar bun.”
Nótaí
Féach thíos liosta iomlán na dtionscadal rathúil:
Iarratasóir | Cur síos ar an Tionscadal | Gné Thuaidh / Theas | Contae | Méid Maoinithe Molta | |
Éabhlóid | Bláth na dTulach - Leabhar & acmhainní ar líne | I gcomhar le Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich i mBéal Feirste | Dún na nGall | €10,000 | |
Cinemagic | Féile Scannán agus Teilifíse Bhaile Átha Cliath Cinemagic 2021 (15ú heagrán) a reáchtálfar ar líne i mí Iúil le roinnt imeachtaí a d’fhéadfadh a bheith in ionaid i mí Mheán Fómhair agus i mí na Samhna. Cuimseoidh na tionscadail cláir scoile, cláir idirnáisiúnta um léiriú scannán, ceardlanna agus campaí thionscal scannán. | Beidh daoine óga ón dá thaobh den teorainn ag glacadh páirte sna himeachtaí seo. | Aontroim | €15,000 | |
Músaem Beag Bhaile Átha Cliath | Píosa nua ealaíne chun taifead a dhéanamh ar scéal an lucht siúil. | Glacfaidh an t-ealaíontóir as Béal Feirste Fiona McDonnell páirt sa tionscadal agus I gcomhthionscnamh i gcomhar le Músaem Beag Bhaile Átha Cliath. | Baile Átha Cliath | €7,000 | |
NYAH Cavan | No musical demarcation - féile bheo dhigiteach | Féile bheo dhigiteach i gcomhar le hIonad Oidhreachta Dhún Uladh a thabharfaidh buanna trasteorann le chéile ón gCabhán, ó Mhuineachán, ón Dún, ó Aontroim, ó Fhear Manach agus ó Thír Eoghain. | An Cabhán | €15,000 | |
Comhairle Cheantar an Iúir, Mhúrn & an Dúin | Comhoibriú a chur chun cinn agus a fhorbairt agus clár for-rochtana cultúrtha a sholáthar do cheoltóirí agus d’amhránaithe ón dá thaobh den teorainn. | Comhthionscnamh idir Comhairle Cheantar an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, Ceolfhoireann Thraidisiúnta Oriel i gContae Lú, Cumann Stair Áitiúil an Chreagáin in Ard Mhacha, Imeachtaí Colleen Savage-Oriel san Iúr agus Comhairle Chontae Lú. | An Dún | €15,000 | |
Gailearaí Grianghrafadóireachta | Reframing 100: Digital Collaborations | Comhpháirtíocht idir an Gailearaí Grianghrafadóireachta i mBaile Átha Cliath, Nerve Centre i nDoire agus an tIonad Cultúrtha Réigiúnach i nDún na nGall chun comhshaothar nua Reframing 100 a chur chun cinn. | Baile Átha Cliath | €15,000 | |
Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann | Comóradh Cuimsitheach an Ghorta Mhóir | Comhshaothar idir Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann agus Teach Allt na bhFiach i gContae an Dúin. | Baile Átha Cliath | €3,000 | |
ADAPT | Ábhar teangeolaíochta cultúrtha a fhorbairt do cheardlanna trasteorann tras-phobail do dhaltaí meánscoile. | Comhshaothar idir ADAPT i mBaile Átha Cliath, Coláiste na Modhach i mBéal Feirste, Meánscoil Phádraig Chill Dara, Coláiste Phobal Leamhcáin i mBaile Átha Cliath, Scoil an Chreidimh Naofa i mBaile Átha Cliath agus Scoil Pháirc Áth an Ghainimh i mBaile Átha Cliath | Baile Átha Cliath | €6,000 | |
Músaem an Chumainn Lúthchleas Gael | Cultúr a Cheiliúradh, Bailiúcháin a Fhionnadh | Comhthionscnamh Mhúsaem CLG i mBaile Átha Cliath agus Ionad Línéadaigh na hÉireann agus músaem Lios na gCearrbhach in Aontroim | Baile Átha Cliath | €7,500 | |
Fondúireacht Oidhreacht Mhíleata na hÉireann | A Voice for Veterans - beidh formáidí ilmheán sa tionscadal ar a áirítear grianghrafadóireacht, físeáin, agallaimh agus na meáin shóisialta. Cuirfidh sé seo béim ar ról an Choimisinéara Iarshaighdiúirí, déanfaidh sé taifead ar a gcuid oibre i dTuaisceart Éireann agus i bPoblacht na hÉireann agus cuirfidh sé an cultúr agus an oidhreacht chomhroinnte i measc iarshaighdiúirí ar oileán na hÉireann chun cinn. | Comhshaothar idir Fondúireacht Oidhreacht Mhíleata na hÉireann i gCill Dara agus Oifig Tacaíochta Iarshaighdiúirí Thuaisceart Éireann in Aontroim | Cill Dara | €12,000 | |
Cumann Mhúsaeim na hÉireann | Lá ‘Mhúsaeim Anois’ - a thaispeánfaidh gníomhaíocht a bheidh ar siúl i músaeim ar fud an oileáin agus a spreagfaidh lucht féachana chun cuairteanna a thabhairt ar an láthair. | Comhshaothar idir IMA i mBaile Átha Cliath agus Comhairle Mhúsaeim Thuaisceart Éireann in Aontroim. | Baile Átha Cliath | €15,000 | |
Damhsa Éireann | Comhráite Damhsa - sraith comhráite idir péirí ealaíontóirí a oibríonn ar an dá thaobh den teorainn a dhéanfaidh iniúchadh ar a dtaithí oibre roinnte trí dhamhsa agus plé ar an damhsa. | Comhshaothar idir Damhsa Éireann i mBaile Átha Cliath, Drámaíocht agus Damhsa Thuaisceart Éireann i mBéal Feirste, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus UCD i mBaile Átha Cliath. | Baile Átha Cliath | €15,000 | |
Music Generation Laois | Ceoltóirí óga a sheinneann agus a dhéanann cleachtadh ar líne, ag úsáid teicneolaíocht dhigiteach agus ardáin ar líne. | Comhshaothar idir Music Generation i gContae Laoise, Banna Práis an tSratha Báin i gContae Thír Eoghain agus Music Generation i gCeatharlach. | Laois | €12,000 | |
Iomlán | €147,500 |