Ceadaíonn an tAire Martin níos mó ná €147k i maoiniú do thionscadail chultúrtha trasteorann faoin Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2021
- Foilsithe: 23 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. leithdháileadh maoinithe €147,500 inniu chun tacú le 13 thionscadal chultúrtha le gnéithe suntasacha trasteorann faoin Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2021.
Is scéim maoinithe í an Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann do thionscadail bheaga fhéinchuimsitheacha a bhfuil sé mar aidhm acu ealaín, cultúr, ceol, scannán nó oidhreacht oileán na hÉireann a fheabhsú, a cheiliúradh nó a chomóradh ar bhonn Thuaidh / Theas.
Cuireadh fáilte roimh iarratais le haghaidh tionscadal a chuireann:
- Comhoibriú agus comhthionscnaimh chun cinn idir eagraíochtaí agus institiúidí ar bhonn Thuaidh/Theas;
- Turasóireacht chultúrtha chun cinn ar bhonn Thuaidh/Theas;
- Soláthar chláir chultúrtha for-rochtana chun cinn ar bhonn Thuaidh/Theas.
Bainfidh trí thionscadal déag leas as, le uasmhéid maoinithe €15,000. Beidh taispeántais, féilte agus léirithe damhsa i measc na dtionscadal agus beidh comhlachtaí ar an dá thaobh den teorainn ag comhoibriú i gcomhthéacs cultúrtha. I measc na n-imeachtaí beidh Reframing 100: Digital Collaborations le Gailearaí Grianghrafadóireachta agus grúpa ceoltóirí óga ar líne le Music Generation Laois.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“Tá an-áthas orm na leithdháiltí faoin Scéim Maoinithe um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2021 a fhógairt. Cuireann an scéim seo ardán ar fáil do mhalartuithe cultúrtha agus do chomhthionscadail ó eagraíochtaí ar an dá thaobh den teorainn agus sholáthair an scéim roinnt tionscadail spéisiúla agus luachmhara thar na blianta. Maoiníonn leithdháiltí na bliana seo gach rud ó ghrianghrafadóireacht go healaín go ceol agus glacfar go fonnmhar leo ar fud oileán na hÉireann. Guím gach rath ar rannpháirtithe na dtionscadal seo agus gabhaim buíochas leo siúd a bhí cliste agus cruthaitheach go leor chun na tionscadail seo a chur ar bun.”
Nótaí
Féach thíos liosta iomlán na dtionscadal rathúil:
| Iarratasóir | Cur síos ar an Tionscadal | Gné Thuaidh / Theas | Contae | Méid Maoinithe Molta | |
| Éabhlóid | Bláth na dTulach - Leabhar & acmhainní ar líne | Dún na nGall | €10,000 | ||
| Cinemagic | Aontroim | €15,000 | |||
| Músaem Beag Bhaile Átha Cliath | Baile Átha Cliath | €7,000 | |||
| NYAH Cavan | No musical demarcation - féile bheo dhigiteach | An Cabhán | €15,000 | ||
| Comhairle Cheantar an Iúir, Mhúrn & an Dúin | An Dún | €15,000 | |||
| Gailearaí Grianghrafadóireachta | Reframing 100: Digital Collaborations | Baile Átha Cliath | €15,000 | ||
| Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann | Comóradh Cuimsitheach an Ghorta Mhóir | Baile Átha Cliath | €3,000 | ||
| ADAPT | Baile Átha Cliath | €6,000 | |||
| Músaem an Chumainn Lúthchleas Gael | Cultúr a Cheiliúradh, Bailiúcháin a Fhionnadh | Baile Átha Cliath | €7,500 | ||
| Fondúireacht Oidhreacht Mhíleata na hÉireann | Cill Dara | €12,000 | |||
| Cumann Mhúsaeim na hÉireann | Baile Átha Cliath | €15,000 | |||
| Damhsa Éireann | Baile Átha Cliath | €15,000 | |||
| Music Generation Laois | Laois | €12,000 | |||
| Iomlán | €147,500 |