Ceanada-Éire 180 - Príomhshéasúr na nEalaíon agus na gCultúr Comhaimseartha Éireannach ar fud Cheanada in 2027
- Foilsithe: 6 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 6 Feabhra 2026
Sheol an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, tionscnamh cultúrtha nua mar chuid dá chuairt le déanaí ar Toronto agus Ottawa. Beidh Ceanada-Éire 180 ina shéasúr mór d’ealaíona comhaimseartha na hÉireann i gCeanada in 2027, a chuirfear ar fáil i gcomhpháirtíocht idir Cultúr Éireann agus Ambasáid na hÉireann go Ceanada. Táthar ag lorg léirithe spéise anois ó ealaíontóirí agus ó eagraíochtaí cultúrtha ar mian leo páirt a ghlacadh sa chlár imeachtaí.
Is tionscnamh mór cultúrtha agus comórtha é Ceanada-Éire 180 a chomórann 180 bliain ó 1847, nóiméad cinntitheach i stair chomhroinnte na hÉireann agus Cheanada. Mar thoradh ar an nGorta Mór, d’imigh breis is 100,000 Éireannach go Ceanada ag cuardach saol níos fearr. Bunaithe ar chuimhne '47 an Bhróin, agus ar imirce na hÉireann go Ceanada de bharr an Ghorta Mhóir, tabharfaidh an tionscnamh ealaíontóirí, staraithe, institiúidí cultúrtha, cruthaitheoirí, lucht déanta beartas, agus pobail ó gach cearn de Cheanada agus Éireann le chéile trí mheascán dinimiciúil d’imeachtaí móra, taispeántais chultúrtha, machnamh acadúil, agus cláir chultúrtha faoi stiúir an phobail.
Agus é ag labhairt faoin séasúr 180 Ceanada-Éire, dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá áthas orm go gcuirfear ar a laghad €1.2m ($1.95 CAD) ar fáil don tionscnamh idir mo Roinn agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Is infheistíocht shuntasach í seo ó Rialtas na hÉireann a léiríonn tábhacht ár gcaidreamh agus ár naisc stairiúla le Ceanada chomh maith le haitheantas a thabhairt do na deiseanna atá ar fáil d’ealaíontóirí Éireannacha sa tír ollmhór seo."
Tá sé mar aidhm ag Cultúr Éireann agus Ambasáid na hÉireann i gCeanada lucht féachana Cheanada a fhorbairt d’ealaíona na hÉireann agus do chomhpháirtíochtaí agus do chomhoibrithe cultúrtha idir Éirinn agus Ceanada, trí chlár bríomhar, comhaimseartha, éagsúil agus ardchaighdeáin a chur i láthair ar fud disciplíní ealaíne i réimse leathan suíomhanna, ó ionaid phearsanta go hionaid ardphróifíle, chomh maith le hinstitiúidí agus féilte.
Táthar ag lorg léirithe spéise anois ó ealaíontóirí, ó ensembles agus ó eagraíochtaí cultúrtha chun páirt a ghlacadh i séasúr ealaíon agus cultúir Éireannach i gCeanada in 2027. Tá sé mar aidhm ag an gclár saibhreas tallainne in ealaíona agus i gcultúr comhaimseartha na hÉireann a thaispeáint ar fud Cheanada.
Is féidir tuilleadh eolais agus critéir incháilitheachta a fháil ar ghlao Cheanada-Éire 180 ar léirithe spéise anseo.
Is comhpháirtíocht chomhoibríoch í Ceanada-Éire 180 idir Cultúr Éireann agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, ag cur leis an rath agus leis na ceachtanna a bhain leis an tionscnamh Zeitgeist Irland 24, a bhuaigh duaiseanna, a cuireadh ar fáil ar fud na Gearmáine in 2024.