Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceapacháin chuig Bord Ard-Mhúsaem na hÉireann

Tá na ceapacháin a leanas chuig Bord Ard-Mhúsaem na hÉireann fógartha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán, Catherine Martin TD, inniu.

Léachtóir i ndearadh troscáin i GMIT Leitir Fraic í an Dr. Susan Rogers a bhfuil taithí 30 bliain aici i réimse an dearaidh agus an oideachais. Tá taithí forleathan aici ina coimeádaí taispeántais agus tá spéis mhór agus an-tuiscint ar iarsmalanna aici. Léiríodh é sin ina tráchtas Dochtúireachta ina ndearna sí chomh maith agus a chuirtear eolas i láthair chun go mbeadh an pobal ábalta idirghníomhú ar bhealach níos fiúntaí leis an spás agus leis na bailiúcháin ar taispeántas a mheas.

Seandálaí gairmiúil é an Dr. Barra O’Donnabháin a bhfuil breis is 35 bliain taithí aige. Is léachtóir sa tseandálaíocht i gColáiste na hOllscoile Corcaigh é ó 1996 agus tá go leor leabhar, piarmheasúnaithe agus ailt eile ina shainréimse foilsithe aige agus tá sé páirteach i dtionscadal taighde maidir le hInis Píc i láthair na huaire.

Beidh siad ar an mBord ar feadh cúig bliana. Is i ndiaidh glao poiblí ar iarratais ar www.Stateboards.ieagus próisis measúnaithe a rinneadh na ceapacháin.

Maidir leis na ceapacháin, dúirt an tAire Martin:

"Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an mbeirt a ceapadh agus gach rath a ghuí orthu le linn a dtéarmaí. Glacaim buíochas leo as na róil ríthábhachtacha seo a ghlacadh orthu féin agus a gcuid scileanna agus saineolais a ofráil d'Ard-Mhúsaem na hÉireann."

CRÍOCH