Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceapadh chathaoirleach agus comhaltaí nua Bhord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Cheap an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, an tUasal Eoin McVey mar Chathaoirleach Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Tá cúig bliana curtha isteach ag an Uasal McVey mar chomhalta cheana féin.

Cheap an tAire na daoine seo a leanas chomh maith mar chomhaltaí boird Leabharlann Náisiúnta na hÉireann:

  • Lisa Grimm,
  • An tOllamh Kalpana Shankar,
  • An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh,
  • John Grenham,
  • Lorelei Harris, agus
  • Caitriona Sharkey

Rinneadh na ceapacháin seo tar éis comórtas oscailte de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí. Rinneadh na ceapacháin de réir an Achta um Fhorais Chultúir Náisiúnta 1997 agus mairfidh siad ar feadh téarma 5 bliana.

Ag cur fáilte roimh na ceapacháin, dúirt an tAire:

“Tá an-áthas orm an tUasal Eoin McVey a cheapadh mar Chathaoirleach Bhord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Tá neart taithí ag Eoin don phost agus beidh ról ríthábhachtach aige i stiúradh na Leabharlainne Náisiúnta tríd na dúshláin iomadúla a chuireann COVID-19 roimh an earnáil chultúrtha.

Tá áthas orm freisin seisear comhalta a cheapadh ar an mBord. Tá a fhios agam go gcinnteoidh na baill nua seo go leanfaidh an Leabharlann Náisiúnta lena bheith ar cheann de na Forais Chultúir Náisiúnta is suntasaí atá againn. Gabhaim buíochas le Comhaltaí uile an Bhoird as na róil seo a ghlacadh agus as a gcuid scileanna agus saineolais a thabhairt chuig an mBord. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin le baill an Bhoird a bhfuil a dtéarmaí caite, as a gcuidiú láidir le roinnt blianta anuas.

Nótaí

Tá sonraí chomhaltaí an bhoird thíos:

Tabhair faoi deara: * Dara téarma oifige

Ainm Post An dáta a ceapadh Téarma oifige Cineál ceapacháin
Eoin McVey Cathaoirleach 08/02/2021 Cúig bliana* Ainmní RDS
An tOllamh Maeve Conrick Comhalta Boird 24/11/2020 Trí bliana* Ceapachán na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí
Jennifer Taafe Comhalta Boird 24/11/2020 Trí bliana* Ceapachán na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí
An Dr Conor Kostick Comhalta Boird 24/11/2020 Trí bliana* Ceapachán na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí
An Dr Marie Bourke Comhalta Boird 08/02/2021 Cúig bliana Ainmní RDS
Katherine McSharry Comhalta Boird 08/02/2021 Cúig bliana* Ainmní fhoireann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
An tOllamh Kalpana Shankar Comhalta Boird 29/07/2021 Cúig bliana Ceapachán na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí
Lisa Grimm Comhalta Boird 29/07/2021 Cúig bliana Ceapachán na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí
An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh Comhalta Boird 29/07/2021 Cúig bliana Ceapachán na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí
John Grenham Comhalta Boird 29/07/2021 Cúig bliana Ceapachán na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí
Lorelei Harris Comhalta Boird 29/07/2021 Cúig bliana Ceapachán na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí
Caitriona Sharkey Comhalta Boird 29/07/2021 Cúig bliana Ceapachán na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat