Ceiliúrann Rugbaí Chonnacht Oscailt Oifigiúil Staid Dexcom athfhorbartha
- Foilsithe: 24 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 24 Eanáir 2026
- Tagann an tUachtarán Catherine Connolly, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan agus Charlie McConalogue, an tAire Stáit le freagracht speisialta as Spórt agus Beartas Poist le chéile le Rugbaí Chonnacht i nGaillimh chun Staid Dexcom a oscailt go hoifigiúil
- Faigheann Rugbaí Chonnacht cistiú stáit de luach €20m faoin gCiste um Bonneagar Spóirt ar Mhórscála (‘LSSIF’)
- Staid ina bhfuil spás do 12,000 curtha ar fáil leis an tionscadal arna thacú ag LSSIF. Cuimsíodh leis an tionscadal dromchla imeartha uile-aimsire nua a thógáil, córas tuilsoilsithe nua LED, agus Ionad Ardfheidhmíochta agus Ardán Mór nua a thógáil.
Chuir Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD agus an tAire Stáit le freagracht speisialta as Spórt agus Beartas Poist, Charlie McConalogue TD, fáilte inniu (24 Eanáir) roimh oscailt oifigiúil athfhorbairt Staid Dexcom, mórionad spóirt agus staid baile Rugbaí Chonnacht, an 24 Eanáir 2026.
Fuair forbairt na staide leithdháileadh €20 milliún de chistiú Rialtais tríd an gCiste um Bonneagar Spóirt ar Mhórscála (LSSIF). Is staid í a bhfuil spás inti do níos mó ná 12,000 duine. Cuimsíodh leis an tionscadal dromchla imeartha uile-aimsire nua a thógáil, córas tuilsoilsithe nua LED, agus Ionad Ardfheidhmíochta agus Ardán Clainne nua a thógáil. Leis an áis ardchaighdeáin seo, tacófar le scoth an rugbaí, cuirfear feabhas ar eispéireas lá an chluiche agus rachfar chun tairbhe bhuan don phobal áitiúil.
Dúirt an tUachtarán Catherine Connolly:
Tá an spórt i gcroílár ár bpobal, ag spreagadh imreoirí, cóitseálaithe agus lucht leanúna agus ag soláthar chuimhneacháin chomhchoiteanna áthais agus sceitimíní. Tá ról ríthábhachtach ag Rugbaí Chonnacht i saol chathair na Gaillimhe, an chontae, agus fiú sa chúige ar fad. Leis an Ardán Clainne nua, beidh Chonnacht in ann fáilte a chur roimh níos mó lucht leanúna chuig gach cluiche baile, ag méadú a dtacaíochta agus ag tógáil don todhchaí. Guím go leor laethanta agus oícheanta sona orthu sa staidiam athfhorbartha seo, áit a bhfuil súil agam go mbeidh lucht leanúna Chonnacht, atá ag fás i gcónaí, in ann go leor chuimhneacháin eile a fháil cosúil lena gCraobhchomórtas Sraith Pro 12 deich mbliana ó shin i mbliana in 2016.
Agus é ag labhairt ag an oscailt, dúirt an tAire O’Donovan:
Garsprioc thábhachtach is ea oscailt Staid Dexcom do Rugbaí Chonnacht agus don spórt in Iarthar na hÉireann. Léiríodh leis an tionscadal seo tiomantas an Rialtais d’infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar spóirt ardchaighdeáin a théann chun tairbhe bhuan don phobal. Tá lúcháir orm go raibh mo Roinn in ann an tionscadal sármhaith seo a chistiú. Dírítear aird leis an infheistíocht mhórscála seo ar thiomantas mo Roinne agus an Rialtais d’infheistíocht a dhéanamh sa spórt, toisc gur maith is eol dúinn na tairbhí is féidir a bhaint amach nuair a dhéanaimid infheistíocht inár ndaoine. Leis an áis seo, freastalaítear ar phobal uile Chonnacht a mhéid a thacaítear leis na himreoirí.
Chuir an tAire Stáit McConalogue leis sin:
Léirítear leis an athfhorbairt dea-thionchar na hinfheistíochta spriocdhírithe i mbonneagar spóirt, rud a neartaíonn an rannpháirtíocht agus a thacaíonn le forbairt réigiúnach chothrom. Is é seo an infheistíocht chaipitil is mó go dtí seo in LSSIF agus is údar bróid é don Roinn gur thacaigh sí leis an tionscadal claochlaitheach seo. Ba mhaith liom obair chrua agus tiomantas Rugbaí Chonnacht agus Chumann Rugbaí na hÉireann a aithint as áis a chur ar fáil a rachaidh chun tairbhe d’imreoirí, do chóitseálaithe agus do phobail ar feadh na mblianta fada amach romhainn.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
An Ciste um Bonneagar Spóirt ar Mhórscála (LSSIF):
Is é is aidhm don Chiste um Bonneagar Spóirt ar Mhórscála (LSSIF) tacaíocht Státchiste a sholáthar do thionscadail áise spóirt mhóra. Tionscadail is ea iad sin ina bhfuil infheistíocht Státchiste níos mó ná an t-uasmhéid atá ar fáil faoin gCiste Áiseanna Spóirt Pobail. I gcásanna áirithe, d’fhéadfaí tionscadail a bheith i gceist leis sin inarb é an príomhchuspóir rannpháirtíocht ghníomhach sa spórt a mhéadú. I gcásanna eile, d’fhéadfaí ionaid/staideanna mórscála a bheith i gceist leo lena ndírítear níos mó ar rannpháirtíocht shóisialta agus spórt ardfheidhmíochta.
Ó cuireadh tús leis, leithdháileadh thart ar €297 milliún le LSSIF, agus deonaíodh cistiú ar 68 tionscadal mórscála.
Treoir Eolais an Tionscadail:
- Deonaíodh €20,000,000 ar Rugbaí Chonnacht faoi LSSIF 2018 i leith cistiú caipitil
- Cuirtear staid a bhfuil spás do 12,000 duine inti ar fáil leis an tionscadal, mar aon le hIonad Ardfheidhmíochta. Féadtar achoimre a dhéanamh ar an athfhorbairt ina trí chéim ar leith:
- Céim 1 - Tógáil an dromchla imeartha uile-aimsire nua; córas tuilsoilsithe LED nua; agus oibreacha cumasúcháin eile a cuireadh i gcrích in 2022.
- Céim 2A - Tógáil Ionaid Ardfheidhmíochta. Cuimsítear leis an Ionad Ardfheidhmíochta áiseanna lúthchleasaithe agus cóitseála; áiseanna leighis; seomraí anailíse; oifigí riaracháin agus páirc imeartha faoi dhíon, agus oibreacha suímh coimhdeacha, seirbhísí, rochtain agus páirceáil. Cuireadh tús leis an tógáil i mí an Mhárta 2024 agus cuireadh i gcrích í i mí Aibreáin 2025.
- Céim 2B - Ardán Thuaidh nua a chur in ionad Ardán Clan a bhí ann roimhe agus na hoibreacha suímh gaolmhara uile. (ar cuireadh tús leis i mí an Mheithimh 2024 agus a cuireadh i gcrích i mí Eanáir 2026)
- I mí Eanáir 2024, d’fhógair Rugbaí Chonnacht go n-athainmneofar an staid mar Staid Dexcom tar éis comhaontú cearta ainmniúcháin a mhairfidh 12 bliain a shíneadh le Dexcom.