Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ciste ar fiú suas le €267,465 fógartha ag an Aire Stáit Chambers do limistéar pleanála teanga na Rosa i nDún na nGall

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers T.D., inniu agus é ar chamchuairt ar dheisceart Dhún na nGall go bhfuil allúntas ar fiú suas le:

  • €202,465 ceadaithe aige do CLG An Chlocháin Liath chun páirc peile úr a thógáil; agus
  • €65,000 ceadaithe aige chun tacú leis an eagraíocht Oideas Gael clár oibre a fheidhmiú i ndáil le cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta a riar i nGaeltacht Ghleann Cholm Cille, Thoraí agus Ghleann Fhinne.

Osclóidh an tAire Stáit gteic@na Rosa go hoifigiúil le linn a chuairte chomh maith.

Ag fógairt an deontais d’Oideas Gael dúirt an tAire Stáit Chambers:

Aithnítear go forleathan an obair fhónta atá ar bun ag an eagraíocht Oideas Gael le fada an lá chun deiseanna a chur ar fáil do dhaoine fásta ó fud fad na hÉireann agus an domhain an Ghaeilge a fhoghlaim i dtimpeallacht álainn cheantar Ghleann Colm Cille. De thoradh Oideas Gael mealltar na céadta daoine chuig an dúiche go bliantúil - rud a chuireann go mór le turasóireacht chultúrtha agus le geilleagar an cheantair dá réir.

Ag fógairt an deontais do CLG an Chlocháin Liath dúirt an tAire Stáit Chambers:

Le ceadú an chúnaimh seo faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne cuirfear tuilleadh leis an obair atá ar bun ar leas an phróisis pleanála teanga - atá ar leas phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge i ndeireadh thiar thall.

Tá gteic – Gréasán Digiteach na Gaeltachta – ag leathnú ar fud na Gaeltachta agus moil nuálaíochta á bhforbairt ag an Údarás chun áiseanna agus spásanna oibre le rochtain idirlín ardluais a chur ar fáil do chianoibrithe chun filleadh ar an nGaeltacht. Forbraíodh an gteic seo trí chúnamh suntasach a cuireadh ar fáil ón RRDF. Tá gteic@Na Rosa ar cheann de naoi gcinn de mhol digiteach atá á bhforbairt ag Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Dhún na nGall.

Dúirt an tAire Stáit Chambers:

Is áis iontach é an mol digiteach seo do cheantar an Chlochán Liath. Cuirfidh sé deiseanna ar fáil do ghnóthaí agus d'fhiontraithe na háite agus spreagfar daoine chun smaoineamh ar fhilleadh ar an gceantar nó gnó a bhunú ann. Tá forbairt mar seo thar a bheith tráthúil leis na féidearthachta nua atá tagtha chun cinn maidir leis an gcian obair.

Agus é ar an gClochán Liath thug sé cuairt ar chliant-chomhlacht eile de chuid an Údaráis - Próiseáil Teo - gnó teaghlaigh agus an t-aon stánaitheoir iasc in Éirinn. Fostaíonn Próiseáil thart ar 30 duine, rud a fhágann ina ghnó an-tábhachtach sa cheantar iad.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat