Ciste Gníomhaíochta Cruthaitheach Aeráide €2 mhilliún fógartha ag na hAirí Catherine Martin agus Eamon Ryan
- Foilsithe: 29 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá ríméad ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide 14 fhaighteoir rathúlá Chiste €2 mhilliún um Ghníomhú ar son na hAeráide a fhógairt. Tacaíonn an tionscnamh seo de chuid Éire Ildánach le tionscadail chruthaitheacha, chultúrtha agus ealaíne a chuireann daoine ar an eolas maidir le hathrú aeráide agus a thugann cumhacht do shaoránaigh athruithe fiúntacha iompraíochta a dhéanamh.
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin T.D.;
“Creidim go bhfuil ról ríthábhachtach ag an bpobal cruthaitheach chun práinn an athraithe aeráide a chur chun tosaigh. Sin é an fáth gur muidne an chéad tír de chuid an AE a sheol Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide den sórt seo. Léiríonn na tionscadail seo go bhfuil an tsamhlaíocht agus an tionchar ag cur chuige cruthaitheach i leith rannpháirtíocht an phobail, le tacaíocht ó eolaíocht acadúil, a thaispeáint go bhfuil todhchaí inbhuanaithe indéanta.”
Dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Eamon Ryan T.D.;
“Tá a fhios againn gur dúshlán mór cultúrtha é aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide. Múnlaíonn ár gcultúr an chaoi a dtéimid i ngleic lenár dtimpeallacht - trínár nósanna tomhaltais, smaointe faoin dúlra, na rudaí atá tábhachtach dúinn, agus na rudaí a cheapaimid atá indéanta agus dodhéanta.
“Chuir ár gComhráite Aeráide le pobail agus le daoine aonair agus an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide á ullmhú againn in iúl dúinn le déanaí go dteastaíonn ó dhaoine tacaíocht agus spreagadh a fháil chun athruithe a dhéanamh. Creidim go gcuideoidh tionscadail mar seo le samhlaíocht a spreagadh agus chun an chiall a bhaineann le ‘loirg carbóin’ agus ‘gníomhú ar son na haeráide’ a chur in iúl do dhaoine aonair agus do phobail.”
Roghnaíodh 14 thionscadal as gach cearn den tír as 166 iarratas. Ina measc tá:
**Field Exchange* Sraith imeachtaí cruthaitheacha é seo atá bunaithe ar an bhfeirm a thacóidh le feirmeoirí cleachtais talmhaíochta a chur i bhfeidhm a théann i ngleic leis an athrú aeráide san agus ar an ithir i dTiobraid Árann.
- Repair Acts Ireland* Cuirfidh an tionscadal píolótach 16 mhí seo béim ar chúram, deisiú agus athúsáid rudaí san Iarmhí.
- Corca Dhuibhne Inbhuanaithe 2030* Oibreoidh ealaíontóir le feirmeoirí traidisiúnta agus le Mol Cruthaitheach an Daingin chun aird a tharraingt ar an gcúis a bhfuil gá le héagsúlú i gcleachtais reatha feirmeoireachta.
- Sráidbhailte na nOibrithe* Déanfaidh Fondúireacht Ailtireachta na hÉireann plé le cónaitheoirí i dtrí shráidbhaile de chuid Bhord na Móna i Lár na Tíre ar an todhchaí dhifriúil atá roimh mhuintir na háite agus ar thodhchaí níos inbhuanaithe a athshamhlú dá gcuid pobal.
- ACT Phort Láirge* Oibreofar le cúig phobal sa tionscadal seo chun sábháil fuinnimh, éagsúlú fiadhúlra, úsáid mhéadaithe ar iompar poiblí agus forbairt doirteal carbóin a chur chun cinn agus chun na nósanna tomhaltais reatha a cheistiú.
- Siopa Fuinnimh an Challainn* Tobshiopa Fuinnimh i gcroílár an Challain, Co. Chill Chainnigh a bheidh mar chuid de thionscadal rannpháirtíochta pobail a dhéanfaidh soláthar fuinnimh an bhaile a athshamhlú ó bhonn, tionscnamh faoi stiúir Amharclann Asylum agus Loosysmokes.
- Baint an Aeir/Hope it Rains* Ag obair trí mheán na Gaeilge, comhchruthóidh ealaíontóirí agus an pobal saothair ealaíne poiblí a ghineann fuinneamh in-athnuaite i gConamara a sholáthróidh cumhacht do sheirbhísí áitiúla agus a tharraingeoidh aird ar ídiú/laghdú fuinnimh.
- Gníomhú Chromghlinne ar son na hAeráide* Faoi stiúir an eolaí Niamh Shaw, cuirfidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i gcomhairle le pobal Chromghlinne sraith tionscadal aeráide i ngníomh chun cur le heolas an phobail, an domhan nádúrtha a fheabhsú agus stíleanna maireachtála a athrú.
- Ag dícharbónú le chéile* Sainaithneoidh cúig ghrúpa pobail i Luimneach gné den dícharbónú atá tábhachtach dóibh agus ansin oibreoidh siad le comhpháirtí cruthaitheach chun athrú iompraíochta ina saol laethúil a iniúchadh agus a chumasú.
- Stories of Change* Is seó cruthaitheach bóthair idirghlúine é seo a thaistealaíonn chuig ceithre chontae a thaispeánfaidh réitigh áitiúla ar ghéarchéim na haeráide trí mheán na grianghrafadóireachta, na scéalaíochta agus an bhia.
- KinShip* Déanfaidh an tionscadal seo plé leis an bpobal ar ghníomhú ar son na hAeráide trí chlár gníomhaíocht chruthaitheach pobail in Tramore Valley Park, páirc 170 acra a forbraíodh ar láithreán líonadh talún athghafa i gcathair Chorcaí.
- Rising* Tá an tionscadal idirdhisciplíneach ealaíon seo faoi stiúir Amharclann Brokentalkers agus Choláiste na Tríonóide Bhaile Átha Cliath agus tacóidh sé le pobail Dugthailte Bhaile Átha Cliath iniúchadh cruthaitheach a dhéanamh ar chastachtaí an athraithe aeráide, gníomhaíocht áitiúil a spreagadh agus gníomhú go náisiúnta mar mhúnla do phobail.
- Línte na Farraige* Is sraith de shuiteálacha suntasacha solais iad seo a dhear ealaíontóirí de chuid na Fionlainne a chuirfear i sé shuíomh ar chósta na hÉireann i gContae Bhaile Átha Cliath, Loch Garman agus na Gaillimhe. Tá na suiteálacha comhdhéanta de línte cothrománacha soilsithe a léiríonn leibhéil na farraige agus borradh stoirme sa todhchaí.
- Ripple* Úsáidfidh an tionscadal seo próiseas comhdheartha chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le pobal Bhéal an Átha a spás glas áitiúil a atheagrú agus a athrú trí uisce a úsáid mar acmhainn agus mar bhealach chun athléimneacht aeráide a fheabhsú.
Tosóidh an obair ar gach ceann de na 14 Thionscadal um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide láithreach agus beidh gach ceann acu críochnaithe faoi Nollaig 2022. Le haghaidh tuilleadh eolais faoi na tionscadail téigh chuig https://www.CreativeIreland.gov.ie
- Nótaí don Eagarthóir*
- Ciste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide*
Is é príomhchuspóir thionscnamh Éire Ildánach um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide tacaíocht a sholáthar do thionscadail chruthaitheacha, chultúrtha atá bunaithe sna healaíona a tharraingíonn aird an phobail ar na hathruithe iompraíochta a chaithfidh an tsochaí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide.
Sheol na hAirí Catherine Martin agus Eamon Ryan an ciste ar an 31 Márta 2021. Lorg sé tionscadail chomhoibríocha a d’fhéadfadh daoine a cheangal go ciallmhar le hathruithe as cuimse atá ag tarlú sa timpeallacht, sa tsochaí agus sa gheilleagar a eascraíonn as athrú aeráide, ag úsáid cur chuige cruthaitheach, cultúrtha agus ealaíne chun nasc agus feasacht a athrú go gníomhú ar son na haeráide.
Is cuid den Chlár Rialtais é, “Tacaigh le hÉire Ildánach ina tionscnamh chun ‘Plé a Dhéanamh leis an bPobal ar Athrú Aeráide tríd an Earnáil Chultúrtha agus Chruthaitheach” (lch88).
- Clár Éire Ildánach*
Is clár cúig bliana é Éire Ildánach a nascann daoine, cruthaitheacht agus folláine le chéile. Is clár cultúir agus folláine uile-rialtais muid a spreagann agus a chlaochlaíonn daoine, áiteanna agus pobail trí chruthaitheacht. Táimid tiomanta don fhís gur chóir go mbeadh an deis ag gach duine in Éirinn a acmhainneacht chruthaitheach a bhaint amach ina iomláine.
- Ciste an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide um Ghníomhú ar son na hAeráide*
Déanfar na tionscadail a chómhaoiniú le €1 mhilliún ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide.
Bunaíodh an Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide ar bhonn reachtúil in 2020 chun tacaíocht a sholáthar do thionscadail, do thionscnaimh agus do thaighde a chuireann le spriocanna aeráide agus fuinnimh na hÉireann a bhaint amach, agus le haghaidh tionscadal agus tionscnamh i réigiúin den Stát, agus laistigh d’earnálacha an gheilleagair atá faoi thionchar an aistrithe go geilleagar ísealcharbóin. Cuirtear acmhainní ar fáil don Chiste ó fháltais ón tobhach a íocadh leis an nGníomhaireacht Náisiúnta Cúlchistí Ola i leith diúscairtí ábhartha táirgí peitriliam, tar éis riachtanais mhaoinithe na Gníomhaireachta a chomhlíonadh.
Tá tuilleadh eolais faoin gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide ar fáil ag an nasc seo a leanas: https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/de5d3-climate-action-fund/