Ciste nua €10.5m do theilifís agus raidió chun tacú le gníomhú ar son na haeráide, ceol beo agus craoltóireacht na Gaeilge
- Foilsithe: 4 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 4 Bealtaine 2022
- €5m do léiriú ábhair a bhaineann le hathrú aeráide agus gníomhú ar son na haeráide
- €2m do léiriúcháin chraoltóireachta cheol beo
- €2m do chláir Ghaeilge
- €1.5m breise do thionscadail ghinearálta na scéime Fuaime agus Físe
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, €10.5m de mhaoiniú breise do scéim Fuaime agus Físe Údarás Craolacháin na hÉireann in 2022.
Cuirfidh an maoiniú nua seo ar chumas Udarás Craolacháin na hÉireann tús a chur le babhta speisialta €5m do thionscadail chraolacháin a ardóidh feasacht ar athrú aeráide, a chuirfidh gníomh aeráide chun cinn agus a thacóidh le hathrú iompraíochta. Áiríonn sé €2.5m a cheadaigh an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan.
Ina theannta sin, d’iarr an tAire ar an Údarás €2m a imfhálú do thionscadail chraolacháin cheol beo, agus €2m eile d’ábhar craolacháin Ghaeilge. Chuir an maoiniú breise a chuir an tAire ar fáil freisin ar chumas an Údaráis €1.5m breise a leithdháileadh ar thionscadail faoi Bhabhta 42 den scéim Fuaime agus Físe.
Athrú Aeráide agus Gníomhú ar son na hAeráide
Mar chuid den Phlean Gníomhaíochta Aeráide 2021, gheall an Rialtas tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt ábhar meán a ardaíonn feasacht ar athrú aeráide, agus a chuireann gníomh agus athrú iompraíochta chun dul i ngleic leis chun cinn chun. Mar sin, tá €5m á chur ar fáil anois don Údarás do bhabhta Fuaime agus Físe chun tacú le forbairt an ábhair agus na gclár sin. Tá sé seo á chómhaoiniú ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“Tugaim tús áite i gcónaí do dhul i ngleic leis an athrú aeráide agus táim bródúil as an ngealltanas seo i bPlean Gníomhaíochta Aeráide 2021 a chomhlíonadh. Cruthóidh maoiniú Fuaime agus Físe cláir a fheabhsaíonn inniúlacht aeráide agus a chuireann maolú ar an athrú aeráide chun cinn.
“Tá sé ríthábhachtach go gcuirimid daoine ar an eolas faoi na bagairtí a bhaineann le hathrú aeráide agus go spreagaimid daoine chun dul i ngleic leis. Taispeánfaidh an clár Fuaime agus Físe seo do dhaoine cad atá ag tarlú dár n-aeráid agus conas é a stopadh.”
Dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Éamon Ryan, TD:
“Chun ár spriocanna aeráide a bhaint amach, beidh orainn go léir an chaoi a n-oibrímid; a dtéimid ár dtithe; a dtaistealaímid; a úsáidimid earraí agus seirbhísí; agus a bhainistímid ár ndramhaíl a athrú. Trí inniúlacht aeráide a fheabhsú, cuirfimid ar chumas daoine athruithe a dhéanamh ina saol laethúil agus dul i ngleic le gníomhaíocht aeráide ar leibhéal áitiúil agus náisiúnta.
“Tá lúcháir orm go bhfuil mo Roinnse ag cur €2.5m ar fáil do mhaoiniú an bhabhta speisialta aeráide seo den Scéim Fuaime & Físe. Trí shaineolas Údarás Craolacháin na hÉireann, agus fís lucht déanta clár na hÉireann, is féidir linn raon de chláir nuálacha agus chruthaitheacha a chinntiú chun feasacht aeráide a ardú, inniúlacht a fheabhsú agus daoine a chumasú ar fud na tíre.”
Ceol Beo
Tá €2m á chur ar fáil faoin scéim Fuaime agus Físe chun tacú le tionscadail chraolacháin cheoil bheo.
Dúirt an tAire Martin: “Tá lúcháir orm an maoiniú seo a leithdháileadh ar thionscadail chraolacháin cheoil bheo. Anuraidh, thacaigh maoiniú breise €1.4m a chuir mé ar fáil d’Údarás Craolacháin na hÉireann le 8 dtionscadal spreagúla ceoil bheo, ar nós Mhí Cheol na hÉireann agus gradam Laoch Áitiúil Nua. Táim ag tnúth le go leor tionscadail spreagúla dá leithéid a fhorbairt i mbliana tríd an tacaíocht atá á fhógairt agam inniu.”
Dúirt an tAire chomh maith: “Tá an ceol an-tábhachtach domsa go pearsanta agus do mhuintir na hÉireann, agus tá sé riachtanach go dtugaimid gach deis do cheoltóirí seinm os comhair lucht féachana. D’ainneoin shrianta COVID-19 a mhaolú, tá tacaíocht leanúnach an Rialtais don earnáil seo ríthábhachtach agus í ag dul trí na tréimhsí deacra seo. Comhlánaíonn an maoiniú breise seo an pacáiste tacaíochta €50m don earnáil tabhaithe beo i gcoitinne a d’fhógair mé i mí na Nollag anuraidh.”
Gaeilge
As an maoiniú a fógraíodh inniu, leithdháilfear €2m ar léiriú ábhar Gaeilge i mbliana. Cabhróidh sé seo le tiomantas Chlár an Rialtais don Ghaeilge agus do Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chomhlíonadh.
Agus í cur fáilte roimh chinneadh an Údaráis an maoiniú seo a imfhálú, dúirt an tAire Martin:
“Tacaím go láidir leis an nGaeilge i gcónaí. I mbuiséad mhí Dheireadh Fómhair seo caite, fuair mé €4.2m breise do TG4, an t-ardú aonair is mó riamh i stair an chraoltóra, agus chuir an rialtas €1m eile ar fáil freisin do léiriú ábhar Gaeilge i dTuaisceart Éireann.
“Tá lúcháir orm a bheith in ann €2m breise a leithdháileadh chun cláir Ghaeilge ar ardchaighdeán a chruthú tríd an scéim Fuaime agus Físe, agus táim ag tnúth le féachaint ar agus ag éisteacht leis an ábhar a léireofar leis an maoiniú breise seo.”
Nótaí don Eagarthóir
Tá an maoiniú a fógraíodh inniu sa bhreis ar mhaoiniú reachtúil na Scéime Fuaime agus Físe, a mhaoinítear ó 7% de ghlanfháltais an Cheadúnais Teilifíse.
Tá sonraí iomlána na scéime (agus na dtionscadail ráthúla) ar fáil ar láithreán gréasáin Údarás Craolacháin na hÉireann ar www.bai.ie.
Foilseoidh Udarás Craolacháin na hÉireann sonraí faoi conas iarratas a dhéanamh ar an maoiniú a fógraíodh inniu nuair a osclaítear gach babhta d’iarratais.