Clár comórtha suntasach don bhliain 2020 maidir le Deich mBliana an Chuimhneacháin arna fhógairt ag an Aire Josepha Madigan T.D. agus an tAire David Stanton T.D
- Foilsithe: 1 Eanáir 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D'fhógair Josepha Madigan T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, inniu clár suntasach imeachtaí comórtha i rith na bliana 2020 maidir le Deich mBliana an Chuimhneacháin, agus clár comórtha suntasach san áireamh i gcuimhne ar imeachtaí suntasacha a thit amach i gCathair Chorcaí, agus ar fud Chontae Chorcaí, sa bhliain 2020. Labhair an tAire Stáit a bhfuil freagracht air maidir le Comhionannas, Imirce agus Imeascadh, David Stanton TD freisin ag an ócáid i Halla na Cathrach i gCorcaigh.
Ar na hócáidí suntasacha a mbainfidh comóradh an chéid leo ar fud na hÉireann agus thar sáile i rith na bliana seo chugainn, áirítear: Toghcháin áitiúla na bliana 1920 (Eanáir), Ceannairc na Connaught Rangers (Mí Meithimh), Loisceadh Bhaile Brigín (Mí Meán Fómhair), Domhnach na Fola (Mí na Samhna), agus Caoimhín de Barra a chur chun báis (Mí na Samhna).
Baineann tábhacht faoi leith le Corcaigh maidir le clár na bliana 2020 faoi Dheich mBliana an Chuimhneacháin. Beidh clár suntasach cuimhneacháin ar siúl i rith na bliana ar fud chathair agus chontae Chorcaí mar chomóradh ar na himeachtaí claochlaitheacha a thit amach céad bliain ó shin – lena n-áirítear bás bheirt de shaoránaigh mór le rá na cathrach, Tomás Mac Curtáin (Mí Márta) agus Traolach Mac Suibhne (Mí Deireadh Fómhair); Luíochán Chill Mhichíl agus loisceadh Chathair Chorcaí (Mí na Nollag).
Beidh réimse leathan de thionscnaimh cuimhneacháin eile ar siúl i rith na bliana 2020, ina measc: sraith de léachtaí poiblí, clár leanúnach sparánachtaí d'ealaíontóirí agus do scríbhneoirí, camchuairt Thobmhúsaem na mBan agus Comórtas Dheich mBliana an Chuimhneacháin maidir le Stair na hÉireann do scoileanna.
Is é atá de chuspóir ag an Stát a chinntiú go ndéantar cuimhniúchán ar chéad bliain ó tharla Gluaiseacht na Saoirse ar bhealach atá oiriúnach, lán de bhrí, stuama, staidéartha le haird ar dhlisteanas na dtraidisiún go léir, ar mheas ar a chéile agus ar chruinneas ó thaobh na staire.
Dúirt an tAire Madigan:
I m'Aire dom ar a leagtar de chúram ceannródaíocht a dhéanamh maidir le Deich mBliana an Chuimhneacháin, leagtar de ról orm deiseanna a chruthú a spreagann daoine den uile thraidisiún chun cíoradh stuama a dhéanamh ar thuairimíocht de chineálacha éagsúla maidir leis an stair a bhaineann linn ar fad. Cuirimse romham córas cúnta a chur ar fáil lena gcinntítear go ndéantar comóradh ar na himeachtaí anróiteacha a tharla i rith Ghluaiseacht na Saoirse ar bhealach tomhaiste neamhpháirte lena gcothaítear cuimhneachán measúil agus athmhuintearas.
Leanfar faoi chlár na bliana 2020 den bhéim leathanréimseach lena n-admhaítear bearta trodaíochta i rith Ghluaiseacht na Saoirse chomh maith leis na gnéithe iomadúla eile a bhí fite fuaite leis an gcoimhlint, na gnéithe polaitíochta, sóisialta, cultúir agus eacnamaíochta ina measc. Dírítear aird freisin ar na bearta suntasacha a baineadh amach maidir leis an daonlathas ag an am, parlaimint nua a chur ar bun chomh maith le córas riaracháin an Stáit.
Táim ag tnúth leis an bpáirtíocht agus leis an gcomhar leanúnach i rith na bliana 2020 leis na geallsealbhóirí éagsúla, ina measc na forais náisiúnta cultúir; údaráis áitiúla agus forais léinn, cartlanna, gluaiseacht na gceardchumann, na meáin chumarsáide, agus an lucht cruthaitheachta a bhfuil tionscnaimh cuimhneacháin á gcur i gcrích acu lena mbaineann staidéar, dánaíocht agus ionracas. Beidh bhur gcuid rannpháirtíochta cinniúnacha maidir leis an gcomhrá náisiúnta tomhaiste stuama faoi imeachtaí a tharla céad bliain ó shin a spreagadh, trí dhíospóireacht agus plé staidéartha, soicheallach, macánta a chothú idir saoránaigh lena léirítear meas ar ghnéithe logánta den chomhthéacs.