Comhaltaí nua ceaptha ar Bhord Spórt Éireann
- Foilsithe: 9 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 9 Márta 2026
Ceapann an tAire Patrick O’Donovan agus an tAire Charlie McConalogue ceathrar comhaltaí nua ar Bhord Spórt Éireann
D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Beartas Spóirt agus Poist, Charlie McConalogue TD, inniu ceapachán ceathrar comhaltaí nua ar Bhord Spórt Éireann.
Is iad na ceapaithe nua ná:
- Michael Hand, atá ceaptha faoi chritéir Forbartha agus Bainistíochta Áiseanna;
- Caroline Kelly, atá ceaptha faoi chritéir Margaíochta agus Cumarsáide;
- Brendan Foster, atá ceaptha faoi chritéir Airgeadais;
- Fiona Chambers, atá ceaptha faoi chritéir Claochlaithe Dhigitigh/Teicneolaíochta.
Dúirt an tAire O’Donovan, faoi na ceapacháin:
“Braitheann neart spórt na hÉireann ar cheannaireacht láidir, ar rialachas fónta agus ar smaointeoireacht uaillmhianach. Tá áthas orm Michael, Caroline, Brendan, agus Fiona a cheapadh ar Bhord Spórt Éireann ag tráth atá ríthábhachtach dár dtodhchaí spóirt. Tá Corn Ryder 2027, UEFA Euro 2028 agus Cluichí Oilimpeacha Los Angeles ar na bacáin agus mar sin tá Éire ag dul isteach i dtréimhse chinniúnach ar an stáitse spóirt idirnáisiúnta. Ag an am céanna, ní mór dúinn leanúint de rannpháirtíocht an phobail a neartú ionas gur féidir le gach páiste agus le gach pobal leas a bhaint as an spórt. Tugtar saineolas ríthábhachtach i bhforbairt áiseanna, airgeadas, cumarsáid agus nuálaíocht dhigiteach leis na ceapacháin seo — na hacmhainní ceannann céanna atá de dhíth chun imeachtaí den scoth a reáchtáil agus córas spóirt inbhuanaithe, ionchuimsitheach a chruthú san fhadtéarma ag an am céanna. Táim ag tnúth le bheith ag obair go dlúth leis an mBord chun a chinntiú go bhfuil Spórt Éireann réidh chun an deis atá romhainn a thapú.”
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá áthas orm fáilte a chur roimh cheathrar iarrthóirí den scoth chuig Bord Spórt Éireann, agus comhghairdeas leo as a gceapachán. Creidim go mbeidh a dtaithí agus a scileanna fairsinge thar a bheith tairbheach do Spórt Éireann agus dá chuid oibre leanúnaí chun rannpháirtíocht a mhéadú ar bhealach inbhuanaithe, ionas gur féidir le níos mó daoine leas a bhaint as an spórt agus a lánacmhainneacht a bhaint amach, ón mbunús go dtí leibhéal na hardfheidhmíochta. Beidh Spórt Éireann fós á éascú agus á chumasú ag an rialtas chun clár idirghabhálacha a sheachadadh chun leibhéil rannpháirtíochta i measc daoine faoi mhíchumas a spreagadh agus chun ceannaireacht agus treoir a chur ar fáil don earnáil ar fud réimsí tosaíochta lena n-áirítear cosaint, comhionannas inscne, éagsúlacht agus ionchuimsiú.”
Nótaí:
Tá breis is 40 bliain de thaithí fhairsing ag Michael Hand mar cheannaire sinsearach in earnálacha na hInnealtóireachta Comhairleoireachta agus na Tógála in Éirinn. Tá Céim san Innealtóireacht Shibhialta aige ó Ollscoil na Gaillimhe, Máistreacht i Riarachán Gnó ó UCD agus Dochtúireacht Oinigh ó Ollscoil Bhaile Átha Cliath. Is Innealtóir Cairte agus Stiúrthóir Cairte é. D’oibrigh sé mar Stiúrthóir agus mar Stiúrthóir Bainistíochta ar chuideachtaí príobháideacha, poiblí agus stáit, lena n-áirítear 6 bliana mar POF agus Stiúrthóir ar Ghníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin. Tá taifead aige i ndearadh agus i seachadadh tionscadal móra bonneagair straitéisigh ar fud na hÉireann agus d’oibrigh sé mar Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin ar EirGrid, ar Chomhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath, ar JB Barry Consulting Engineers agus ar Irish Archaeological Consultancy. Bhí sé páirteach mar oibrí deonach le Bord Contae CLG Bhaile Átha Cliath, ag fónamh ar a Choiste Straitéise agus le déanaí mar bhall de Choiste Chur i bhFeidhm Straitéise Bonneagair. Bhí sé ina oibrí deonach freisin le Club CLG Bhaile an tSaoir Naomh Eoin ó 1992, agus le Club Gailf Bhaile Éadmoinn ó 2005, áit ar oibrigh sé ar choistí éagsúla agus ar chaith sé 3 bliana mar Chathaoirleach ar gach ceann acu.
Tá breis agus 15 bliana de thaithí ag Caroline Kelly sa mhargaíocht, sa bhrandáil agus sa chumarsáid. Faoi láthair, is Ceann Margaíochta agus Fáis na hEorpa ag Eudia í, cuideachta IS a bhfuil a cheanncheathrú suite sna Stáit Aontaithe a dhíríonn ar fhiontar dlí agus ar chlaochlú gnó. Fuarthas ALSP Johnson Hana, a bunaíodh in Éirinn, ag Eudia in 2025, áit a raibh Caroline ina Leas-Uachtarán Margaíochta agus Fáis roimhe seo. Ina ról, tá sí i gceannas straitéis réigiúnach, cumarsáid chomhtháite agus margaíocht tráchtála ar fud na hEorpa. Chomh maith leis sin, tá Caroline mar Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin le Hand in Hand, carthanas náisiúnta ailse leanaí, áit a gcuireann sí maoirseacht rialachais agus ionchur straitéiseach ar fáil do chúrsaí cumarsáide agus tiomsaithe airgid. Tá Caroline, a bhí ina hiomaitheoir lúthchleasaíochta náisiúnta agus idirnáisiúnta, fós gníomhach sa spórt agus faoi láthair déanann sí cóitseáil ar chamógaíocht faoi aois, lena léirítear a tiomantas leanúnach do rannpháirtíocht phobail agus d’fhorbairt lúthchleasaithe.
Bhí Brendan Foster ina chomhpháirtí in Grant Thornton agus tá breis agus 40 bliain de thaithí sa chuntasaíocht aige. Tá sé ina chomhalta de Choiste Iniúchóireachta agus Riosca an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe faoi láthair, agus tá baint dhíreach aige le maoirseacht ar iniúchadh seachtrach leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus le hullmhúchán aighneacht na Meastachán Bliantúil do 2026. Tá eolas maith ag Brendan ar raon leathan spórt agus tá spéis ar leith aige sa rothaíocht agus glacann sé páirt in imeachtaí rothaíochta carthanachta go rialta. Chomh maith leis sin, bhí sé ina chuntasóir agus ina chomhairleoir i luathbhunú Chomhairle Spóirt na hÉireann in 1999 agus chonaic sé forbairt na struchtúr agus na mbeartas as a d’fhorbair Spórt Éireann.
Is Ollamh le hOideachas, Spórt agus Nuálaíocht í Fiona Chambers i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus tugann sí breis agus 30 bliain de thaithí bhunathraitheach chuig an ról. Le linn a gairme beatha, bhí go leor post suntasach aici, lena n-áirítear poist reatha mar Uachtarán agus Cathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí an Chumainn Idirnáisiúnta um Thaighde sa Chorpoideachas san Ardoideachas (AIESEP), Leas-Uachtarán na Comhairle Eorpaí um Thaighde sa Chorpoideachas agus sna Spóirt Scoile (CEREPS), Comhairleoir Sinsearach d’Fhaireachlann Dhomhanda EOECNA maidir le Comhionannas Inscne agus an Spórt, Breathnóir ar Choiste Idir-Rialtasach EOECNA um Chorpoideachas agus Spórt (CIGEPS), agus comhalta de Choiste Cóitseála Spórt Éireann. Bronnadh an chéad ghradam Mná i mBun Gnó sa Spórt uirthi ag Gradaim Thionscal Spóirt na hÉireann in 2023 chomh maith.
Notes to Editor
Michael Hand has extensive experience over 40 years as a senior leader in the Consulting Engineering and Construction sectors in Ireland. He holds a Degree in Civil Engineering from University of Galway, a Masters in Business Administration from UCD and an Honorary Doctorate from TU Dublin. He is a Chartered Engineer and a Chartered Director. He has acted as Director and Managing Director of private, public and state companies, including 6 years as CEO and Director of Grangegorman Development Agency. He has a track record in the design and delivery of major strategic infrastructure projects throughout Ireland and has acted as a Non-Executive Director of EirGrid, Dublin Port Company, JB Barry Consulting Engineers and Irish Archaeological Consultancy. He has been involved as a volunteer with Dublin GAA County Board, serving on its Strategy Committee and latterly serving as Infrastructure Strategy Implementation Committee member. He has also been a volunteer with Ballinteer St Johns GAA Club since 1992, and Edmondstown Golf Club since 2005, where he has worked on various committees and served 3-year terms as Chairperson for each.
Caroline Kelly has over 15 years’ experience in marketing, branding and communications. She is currently Head of Marketing & Growth, Europe at Eudia, a US-headquartered AI company focused on enterprise legal and business transformation. Eudia acquired Irish-founded ALSP Johnson Hana in 2025, where Caroline previously served as Vice President of Marketing & Growth. In her role, she leads regional strategy, integrated communications and commercial marketing across Europe. Caroline also serves as a Non-Executive Director with Hand in Hand, a national children’s cancer charity, providing governance oversight and strategic input into communications and fundraising. A former national and international athletics competitor, Caroline has remained actively involved in sport and currently coaches underage camogie, reflecting her ongoing commitment to grassroots participation and athlete development.
Brendan Foster served as a partner, and Head of Advisory, in Grant Thornton until 2024 and has over 40 years of accounting experience. A former President of Dublin Chamber of Commerce, he is currently a member of the Residential Tenancies Board and member of its Audit & Risk Committee. He was previously Chair of the Audit & Risk Committee of Dublin City Council. Brendan has good knowledge of a wide range of sports with a particularly keen interest in cycling and is a regular participant in charity cycles. He also previously acted as accountant and advisor in the early establishment of The Irish Sports Council in 1999 and witnessed the development of structures and policies that would evolve into Sport Ireland.
Fiona Chambers is Professor of Education, Sport and Innovation at UCC, bringing over 30 years of transformative experience to the role. Throughout her career, she has many positions of note, including current positions as President and Chair of the Board of Directors of the International Association for Research in Physical Education in Higher Education (AIESEP), Vice President of the European Council for Research in Physical Education and School Sports (CEREPS), Senior Advisor to the UNESCO Global Observatory in Gender Equality and Sport, UNESCO Intergovernmental Committee for Physical Education and Sport (CIGEPS) Observer, and member of the Sport Ireland Coaching Committee. She was also the recipient of the 2023 inaugural Women in Business in Sport award at the Irish Sport Industry Awards.