Comhghairdeas á dhéanamh ag an Aire O’Donovan le Grúpa Oscars na hÉireann 2026
- Foilsithe: 16 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 16 Márta 2026
Rinne an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, comhghairdeas [leis na buaiteoirí agus] leis na hainmnithe Éireannacha do Dhuais an Acadaimh tar éis deireadh shearmanas Oscars 2026 i Los Angeles. Leag an tAire béim ar láidreacht thionscail chruthaitheacha na hÉireann agus ar an aitheantas idirnáisiúnta leanúnach do thallann, do chomhlachtaí léiriúcháin agus do scéalaíocht na hÉireann. Bhí seisear ainmní Éireannach ann, agus bhailigh beirt dealbha ag Amharclann Dolby i Hollywood anocht.
Dúirt an tAire O’Donovan:
Is éacht iontach é bua Jessie Buckley anocht agus is cúis mhór bhróid d’Éirinn é. Tá lucht féachana ar fud an domhain faoi dhraíocht ag a taispeántas, agus is léiriú ar a cumas iontach, a dúthracht agus a misneach ealaíonta é an gradam seo. Leanann Jessie uirthi ag déanamh ionadaíochta ar an gcuid is fearr de chruthaitheacht na hÉireann ar an stáitse domhanda.
Is léiriú é bua Richard Baneham anocht, a thríú ghradam, ar a shaineolas iontach agus ar a cheannaireacht i gceann de na réimsí is forbartha go teicniúil sa scannánaíocht dhomhanda. Léiríonn a shaothar ar Avatar: Fire and Ash an rannchuidiú den chéad scoth atá á dhéanamh ag ealaíontóirí Éireannacha ar mhórléiriúcháin idirnáisiúnta.
Is formhuiniú suntasach idirnáisiúnta é an t-ainmniúchán do Hamnet ar scéalaíocht eisceachtúil Maggie O’Farrell agus ar an gcomhoibriú cruthaitheach le Chloé Zhao,
a dúirt an tAire.
Tá scéal cumhachtach scríofa ag údar Éireannach curtha ar fáil do lucht féachana domhanda trína shaothar, agus léiríonn an t-aitheantas seo neart leanúnach na scríbhneoireachta Éireannaí.
Is éacht ollmhór é an t-ainmniúchán do Blue Moon do Wild Atlantic Pictures agus do thionscal scáileáin na hÉireann. Déanta beagnach go hiomlán in Éirinn agus tacaithe ag Alt 481, léiríonn an scannán neart ár n-éiceachórais léiriúcháin agus caighdeán tallann chruthaitheach agus theicniúil na hÉireann.
Dúirt an tAire O’Donovan:
Léiríonn ainmniúchán Element Pictures do Bugonia dea-cháil na cuideachta as a sármhaitheas le fada an lá. Leanann a gcuid oibre ag cur le próifíl na hÉireann sa scannánaíocht dhomhanda, agus leagann an t-aitheantas sin béim ar neart agus ar chomhsheasmhacht a n-aschuir chruthaithigh.
Is aitheantas suntasach é an t-ainmniúchán do Retirement Plan ar chruthaitheacht agus ar scil John Kelly agus na foirne atá taobh thiar den scannán, lena n-áirítear sár-thaispeántas gutha Domhnall Gleeson. Leanann earnáil beochana na hÉireann de bheith ag fáil aitheantais idirnáisiúnta, agus neartaíonn an t-ainmniúchán seo a cháil dhomhanda atá ag dul i méid.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire O’Donovan:
Leanann láithreacht na hÉireann ag Duais an Acadaimh ag fás, rud a léiríonn tallann, cruthaitheacht agus uaillmhian eisceachtúil ár n-ealaíontóirí, scríbhneoirí, scannánóirí agus cuideachtaí léiriúcháin. Cibé acu trí bhuanna nó ainmniúcháin, léiríonn éachtaí na hoíche anocht tionchar domhanda thionscail scannánaíochta agus chruthaitheacha na hÉireann. Is fada an Rialtas ag féachaint ar an dreasacht chánach, Alt 481, mar uirlis chumhachtach fáis don earnáil scáileáin. Tá méadú ar mhaoiniú Fís Éireann le blianta beaga anuas agus a straitéis forbartha scileanna tionscail scáileáin tríd an Líonra Náisiúnta um Acadamh Tallann tar éis cur leis an rath atá á fheiceáil againn do thionscal scáileáin na hÉireann faoi láthair. Comhghairdeas leo siúd go léir a aithnítear agus táim ag tnúth le tacú le fás leanúnach na hearnála bríomhaire seo.
CRÍOCH