Comhpháirtíochtaí Cultúir, Pobail agus Forbartha na hÉireann sa Téalainn agus i Vítneam le Neartú ag an Aire McConalogue
- Foilsithe: 12 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 12 Márta 2026
Rachaidh an tAire Stáit le freagracht as Spórt agus Beartas Poist, Charlie McConalogue TD, i mbun clár coinní ar fud na Téalainne agus Vítneam san Áise Thoir Theas ón 12 go dtí an 21 Márta 2026 mar chuid d’fhor-rochtain Fhéile Pádraig de chuid an Rialtais. Sa chuairt tarraingeofar aird ar naisc chultúir agus spóirt na hÉireann, tacófar le heagraíochtaí pobail Éireannacha, cuirfear dlús le tosaíochtaí na hÉireann maidir le comhar um fhorbairt agus spreagfar deiseanna le haghaidh fiontraíocht Éireannach sa réigiún.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá an caidreamh idir Éire agus an Áise Thoir Theas ag éirí níos doimhne agus níos uaillmhianaí i gcónaí. Ar fud na Téalainne agus Vítneam tá eagraíochtaí, gnólachtaí, oideoirí agus comhpháirtithe forbartha de chuid na hÉireann i mbun sárobair a léiríonn luachanna ár dtíre agus a chuireann lenár láithreacht dhomhanda. Tá an chuairt seo mar dheis chun aitheantas a thabhairt dá gcuid ionchuir, ár gcomhpháirtíochtaí a threisiú agus bealaí nua comhoibrithe a réiteach ó thaobh spóirt, cultúir, oideachais agus forbairt inbhuanaithe de.”
Is in Bangkok a chuirfidh an tAire tús lena chuairt. Ar an 14 Márta rachaidh sé mar Aoi Oinigh chuig Óstán Amari Bangkok chun freastal ar Bhál Iathghlas Chumann Pádraig (St. Patrick’s Society Emerald Ball), ceann de na himeachtaí bliantúla is suntasaí don phobal Éireannach sa Téalainn.
Ar an 15 Márta tabharfaidh an tAire cuairt ar sheisiún oiliúna pháistí na ‘Ellies’ de chuid chlub CLG na Téalainne ag Scoil Idirnáisiúnta NIST, áit a mbuailfidh sé le himreoirí óga agus oibrithe deonacha a chuireann na cluichí Gaelacha chun cinn sa réigiún. Níos déanaí sa tráthnóna freastalóidh sé mar aoi mór le rá ar imeacht spóirt Muay Thai, lena léireofar na naisc láidre spóirt idir Éire agus an Téalainn.
Tar éis dó páirt a ghlacadh in agallamh meán ag Radio Thailand ar an 16 Márta, freastalóidh an tAire ar imeacht chun bia na hÉireann a chur chun cinn a eagróidh Bord Bia in Óstán Anantara Siam. An oíche chéanna freastalóidh sé ar dhinnéar le cliaint agus príomh-chomhpháirtithe de chuid Fhiontraíocht Éireann, d’fhonn tacú le nuálaíocht agus rannpháirtíocht tráchtála ár dtíre i margadh na Téalainne.
Ar an 17 Márta beidh sraith coinní ag an Aire le haghaidh Lá Fhéile Pádraig, lena n-áireofar agallamh teilifíse le Thai PBS; cuairt ar Ionad an Aoire Mhaith chun bualadh leis an misinéir Éireannach, an tSiúr Louise Horgan, agus foghlaim faoi obair an Ionaid; agus freastal mar Aoi Oinigh ar Fháiltiú na Féile Pádraig a reáchtálfaidh Ambasáid na hÉireann in Óstán Anantara Siam.
Ar an 18 Márta déanfaidh an tAire a bhealach ó Bangkok go Vítneam, áit a dtabharfaidh sé cuairt ar bhlitzchomórtas CLG ag Scoil TH i gcomhair ócáid ghrianghrafadóireachta leis na daltaí agus leis na cóitseálaithe. An tráthnóna sin tabharfaidh sé cuairt ar Ospidéal Duc Giang le haghaidh seisiún eolais faoi thionscadal réigiúnach chothú na naíonán nuabheirthe a dtacaíonn Cúnamh Éireann leis i Vítneam, sa Chambóid agus i Laos. Le linn na cuairte fógróidh sé maoiniú €900,000 ó Chúnamh Éireann don tionscadal Alive and Thrive.
Ar an 19 Márta buailfidh an tAire leis an Leas-Aire Hoàng Đạo Cương, a bhfuil freagracht air as spórt agus oidhreacht chultúrtha san Aireacht Chultúir, Spóirt agus Turasóireachta. Rachaidh sé ar cuairt ina dhiaidh sin chuig Teach na Náisiún Aontaithe le haghaidh seisiún eolais le Foireann Tíre na Náisiún Aontaithe chun maoiniú ó Chúnamh Éireann don chlár rialachais agus riaracháin phoiblí PAPI/UNDP a phlé.
An oíche chéanna freastalóidh sé ar Fháiltiú na Féile Pádraig a reáchtálfaidh an Ambasáid in Óstán Melia, ina mbeidh cruinniú cúirtéise aige leis an Aire Gnóthaí Eachtracha agus ina rachaidh sé i dteagmháil le grúpaí pobail Éireannacha agus club CLG Viet Celts.
Ar an 20 Márta taistealóidh an tAire go Cathair Ho Chi Minh, áit a mbuailfidh sé le cliaint de chuid Fhiontraíocht Éireann. Freastalóidh sé ar imeacht um Lá Fhéile Pádraig a eagróidh an pobal Éireannach ansin ar an 21 Márta roimh a thuras ar ais go Baile Átha Cliath.
Tá cuairt an Aire mar chuid de chlár bliantúil na Féile Pádraig a chuireann an Rialtas ar siúl chun oidhreacht chultúrtha na hÉireann a chur chun cinn, caidrimh thaidhleoireachta agus gheilleagracha a neartú agus tacaíocht a thabhairt do phobail Éireannacha ar fud na cruinne.
Dúirt an tAire McConalogue freisin:
“Ar fud na Téalainne agus Vítneam tá ionadaíocht á déanamh d’Éirinn ag pobail dhíograiseacha, comhpháirtithe tiomanta agus gnólachtaí nuálacha. Cuirtear leis an dea-cháil atá ar Éirinn agus cothaítear ceangail mharthanacha mar gheall ar a gcuid oibre. Is cúis onóra dom a bheith mar ionadaí d’Éirinn san Áise Thoir Theas um Lá Fhéile Pádraig i mbliana agus a bheith ag tacú leis na comhpháirtíochtaí atá ag fás idir ár dtíortha i gcónaí.”