Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Conradh bronnta chun seirbhís farantóireachta do phaisinéirí agus seirbhís bus a chur ar fáil d’Inis Bó Finne, Co. na Gaillimhe

Chuir Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD, in iúl inniu go bhfuil fóirdheontas €1,540,000 ceadaithe aige chun seirbhís farantóireachta paisinéirí agus seirbhís bus a chur ar fáil d’Inis Bó Finne, Contae na Gaillimhe don tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2024.

Dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh sé an-sásta go raibh sé in ann an fóirdheontas seo a cheadú.

"Is féidir liom a fhógairt inniu gur bronnadh an conradh seo ar an gcomhlacht, Inishbofin Island Discovery Ltd., i ndiaidh comórtas tairisceana poiblí a reáchtáil mo Roinn. Tá mé sásta go bhfuil sé ar mo chumas maoiniú a chur ar fáil don tseirbhís thábhachtach seo. Bainfidh muintir Inis Bó Finne agus cuairteoirí chuig an oileán araon leas mór as an tseirbhís sna cúig bliana amach romhainn," a dúirt an tAire Stáit.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat