Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir á óstáil ag an Aire Patrick O’Donovan in Ionad Theach na mBocht in Éirinn i bPort Omna, Co. na Gaillimhe
- Foilsithe: 17 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 17 Bealtaine 2026
Reáchtáladh 19ú Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir inniu (Dé Domhnaigh, an 17 Bealtaine) in Ionad Theach na mBocht in Éirinn i bPort Omna, Contae na Gaillimhe, i gcuimhne ar na daoine ar fad a d’fhulaing, a fuair bás nó nach raibh an dara rogha acu ach dul ar imirce mar gheall ar an nGorta Mór.
Ba é an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt agus Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, Patrick O’Donovan TD, a d’óstáil an t-imeacht.
Ba é an Taoiseach Micheál Martin TD a bhí ina fhear an tí ag an imeacht agus a thug an spreagaitheasc. Páirteach sna himeachtaí freisin bhí an Sár-Oirmhinneach Luis Mariano Montemayor, Nuinteas Aspalda agus Déan an Chóir Taidhleoireachta agus Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, an Comhairleoir David Collins.
Is í seo an chéad uair ar reáchtáladh an Cuimhneachán Stáit i nGaillimh. Mar a tharla sna blianta roimhe seo, san áireamh san imeacht bhí onóracha míleata, gnéithe cultúrtha agus gnéithe pobail sular ghlac an Taoiseach, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, agus Déan an Chóir Taidhleoireachta páirt i searmanas sollúnta leagtha bláthfhleisce.
Craoladh an t-imeacht beo ar chainéal Nuacht RTÉ ach beidh sé ar fáil le seinm arís ar Sheinnteoir RTÉ agus ar irishfamine.ie níos déanaí.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin an méid seo a leanas:
Is deis thábhachtach é Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir chun machnamh a dhéanamh ar cheann de na tréimhsí is suntasaí agus is sonraí inár stair. Ainneoin go samhlaítear caillteanas agus fulaingt ollmhór leis an nGorta Mór, meabhraítear dúinn freisin teacht aniar an ghnáthphobal agus láidreacht leanúnach an phobail i bhfianaise chruatan an tsaoil. Is ionad cuimhneacháin agus oideachais tábhachtach é Ionad Theach na mBocht in Éirinn, ina gcinntítear go léirítear meas ar eispéiris na ndaoine a mhair i rith an Ghorta Mhóir agus gur féidir le glúnta amach anseo smaoineamh ar an gcomhbhá, dlúthpháirtíocht agus daonnacht atá le foghlaim faoin tréimhse sin.
Dúirt an tAire O’Donovan ag an imeacht:
Is mór an onóir dom é Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2026 a reáchtáil in Ionad Theach na mBocht in Éirinn, Port Omna, chun cuimhneamh ar na daoine ar fad a d’fhulaing mar gheall ar an nGorta Mór in Éirinn. Is mian liom buíochas a ghabháil leis na daoine ar fad a d’fhreastail ar an imeacht maorga sollúnta seo agus aitheantas a thabhairt freisin do na daoine ar fad a chabhraigh le heagrú an imeachta seo. Tá buíochas ar leith tuillte ag foireann Ionad Theach na mBocht in Éirinn agus ag pobal Phort Omna a chuir fáilte romhainn agus a chabhraigh linn chun an deis chuimhneacháin seo a eagrú. Sa chontae seo inar scrios an Gorta Mór pobail, ní raibh siad i bhfad cloíte: atógadh pobail de gach uile chineál a bhí láidir, bríomhar agus éagsúil. Níl aon amhras orm ach gurb é seo ceann de na comharthaí ómóis is oiriúnaí agus is tábhachtaí dár sinsir.
Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, an Comhairleoir David Collins:
Tá scéal An Ghorta Mhóir fite fuaite le stair agus féiniúlacht Chontae na Gaillimhe, ag múnlú pobail ar fud an chontae agus a dhiaspóra níos leithne, ina measc áiteanna ar nós Port Omna, áit a bhfuil caillteanas, marthanacht agus eisimirce ón tréimhse sin le brath fós inniu. Déanann an ócáid seo ómós do chuimhne na ndaoine a d’fhulaing nó a d’imigh ar imirce, aithníonn sé neart agus athléimneacht phobail ar fud an chontae seo, agus spreagann sé sinn chun tábhacht na comhbhá, na dínite agus na dlúthpháirtíochta i sochaí na hÉireann inniu a aithint. Is pribhléid é do Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus do phobal Phort Omna an comóradh náisiúnta suntasach seo a óstáil.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
I ndiaidh a chraolta bheo ar chainéal Nuacht RTÉ, beidh an tImeacht Stáit seo ar fáil ar Sheinnteoir RTÉ. Postálfar tuilleadh sonraí ar: irishfamine.ie