Cuireann an chéad Chluiche NFL in Éirinn €104.5 Milliún Ar Fáil do Gheilleagar na hÉireann

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an chéad Chluiche NFL in Éirinn €104.5 Milliún Ar Fáil do Gheilleagar na hÉireann

  • Tionchar geilleagrach iomlán luach €104.5 milliún, toradh 10.5:1 ar infheistíocht phoiblí
  • Thaistil breis is 51,500 cuairteoir idirnáisiúnta go hÉirinn chun freastal ar an gcluiche
  • D’fhéach 9.2 milliún duine in SAM ar an gcluiche ar an teilifís, rud a chiallaigh go raibh níos mó airde ná riamh á tarraingt ar Éirinn ar na meáin chraolta
  • Ghlac breis is 40,000 duine den lucht tacaíochta páirt in imeachtaí rannpháirtíochta saor in aisce do lucht tacaíochta NFL ar fud Bhaile Átha Cliath i rith an deireadh seachtaine
  • Fógraíonn an Rialtas agus NFL tionscnamh comhpháirteach cistithe mheaitseála chun tacú le peil bhrataí in Éirinn

Léirítear i dtaighde nua atá déanta ag BDO thar ceann Fháilte Éireann gur ghin an cluiche NFL a imríodh i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath in 2025, tionchar geilleagrach iomlán d’Éirinn a raibh luach €104.5 milliún luaite leis. Bhí an cluiche ar siúl, idir na Pittsburgh Steelers agus na Minnesota Vikings, ar an 28 Meán Fómhair 2025.

Bhí 74,512 duine ar fad i láthair ar an lá, mar aon le 3,915 duine creidiúnaithe. Is léir ón anailís a rinneadh ar na sealbhóirí ticéid gur thaistil 37% ó na Stáit Aontaithe, gur as Éirinn 33% agus gur le margaí idirnáisiúnta eile a bhain 30%. Léirigh daoine ar fud an domhain spéis sa chluiche freisin agus bhreathnaigh 9.2 milliún duine in SAM ar an gcluiche beo ar an teilifís.

As an €104.5 milliún a gineadh mar thoradh ar an gcluiche NFL a bheith ar siúl in Éirinn, caiteachas díreach a bhí i gceist le €76.8 milliún a bhain le cóiríocht, bia agus dí, caiteachas miondíola agus iompair, mar aon le costais oibriúcháin imeachta agus gníomhaíochtaí gaolmhara. San áireamh san fhigiúr de €104.5 milliún freisin tá tionchar indíreach agus spreagtha €27.7 milliún a d’eascair as an éifeacht iolraitheora níos ginearálta ar fud an gheilleagair.

Dheimhnigh an anailís seo gur ghin gach €1 de chaiteachas poiblí, €2.24 i bhfáltais ó chánacha don Státchiste, fianaise ar thoradh fioscach láidir agus intomhaiste mar aon le tionchar geilleagrach níos ginearálta.

Bhí an measúnú tionchair geilleagrach bunaithe ar fhigiúirí tinrimh, sonraí maidir le caiteachas cuairteoirí, eolas maidir le fad na tréimhse fanachta, sonraí maidir le háitíocht óstáin agus caiteachas oibriúcháin curtha ar fáil ag NFL. Ag cur leis sin ar fad bhí suirbhéanna ar an spota a rinne na daoine a bhí i láthair i rith dheireadh seachtaine an chluiche, mar aon le sonraí ó Fháilte Éireann agus ón bPríomh-Oifig Staidrimh.

Infheistíocht i bPeil Bhrataí

Taobh leis an rath geilleagrach a bhí ar chluiche 2025, bhí oidhreacht na hócáide mar bhonn le níos mó spéise agus infheistíochta i bpeil bhrataí, an leagan gan teagmháil de pheil Mheiriceánach. Tá sé deimhnithe ag an Rialtas agus ag NFL, ag tógáil ar ghealltanais sa chomhaontú a thóg an cluiche go hÉirinn, anois go mbeifear ag díriú ar chur chuige comhpháirteach cistithe mheaitseála chun tacú le forbairt leanúnach na peile brataí ar fud na hÉireann. Tabharfaidh an Rialtas maoiniú, trí Spórt Éireann, suas go €200,000 sa bhliain don trí bliana atá romhainn le fócas ar leith ar thacú le fás acmhainne Pheil Mheiriceánach Éireann, chun meaitseáil le hinfheistíocht NFL i bhfás an chluiche.

In Éirinn déileáiltear le Peil Bhrataí faoi scáth Pheil Mheiriceánach in Éirinn (PMÉ), an Comhlacht Rialaithe Náisiúnta do Pheil Mheiriceánach in Éirinn atá aitheanta ag Spórt Éireann. Leis an gcur chuige a fógraíodh inniu, beidh an NFL agus Peil Mheiriceánach Éireann ag obair chun struchtúr náisiúnta a fhorbairt do pheil bhrataí chun fás leanúnach rannpháirtíochta a sholáthar.

Ailínithe le haidhmeanna an Bheartais Náisiúnta Spóirt chun rannpháirtíocht i spóirt a mhéadú, cruthóidh an cur chuige seo tuilleadh deiseanna do ghníomhaíocht fhisiciúil, do dhaoine chun a bheith páirteach i bhfoireann agus chun spórt taitneamhach, siamsúil a imirt atá ag fás ag ráta suntasach ar fud an domhain.

Chuir an NFL trealamh tosaitheora brataí ar fáil do bhreis is 900 iar-bhunscoil ar oileán na hÉireann roimh an gcluiche i Meán Fómhair 2025 agus tá NFL Flag gníomhach anois i 100 scoil ar fud oileán na hÉireann. San áireamh tá 45 bunscoil agus 55 iar-bhunscoil, agus tá an cluiche á imirt go rialta ag breis is 4,500 buachaill agus cailín anois. Tá sé mar aidhm ag an gclár rannpháirtíocht a mhéadú go dtí breis is 50,000 duine óg faoin mbliain 2027.

Ag cur leis an bhforbairt seo, cabhróidh tionscnamh comhpháirteach cistithe mheaitseála an Rialtais agus NFL chun tacaíocht a thabhairt do Pheil Mheiriceánach Éireann, mar aon le hacmhainní cóitseála agus tacaíocht cláir a chur ar fáil chun dlús a chur leis an bhforbairt seo ag leibhéal an ghnáthphobail.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan T.D. faoi thorthaí na tuarascála agus faoi thionscnamh na Peile Brataí:

“Chomhaontaigh an Rialtas suas le €9.95m a chur ar fáil chun an cluiche a reáchtáil agus is léir ó na torthaí gur caitheadh an t-airgead sin go fiúntach agus gur sholáthair sé toradh iontach ar infheistíocht. Go deimhin, bhí an toradh geilleagrach cothrom le breis is deich oiread an leibhéil de mhaoiniú Rialtais. Chuir an ócáid go mór le hearnáil turasóireachta na hÉireann, threisigh sí ár naisc chultúrtha agus idirnáisiúnta leis na Stáit Aontaithe, agus chuir sí freisin le cáil idirnáisiúnta na hÉireann mar cheann scríbe ceannródaíoch d’imeachtaí móra domhanda spóirt agus cultúrtha. Tá deis ag Éire anois tuilleadh imeachtaí NFL a reáchtáil amach anseo, agus tá mé ag súil le tuilleadh oibre a dhéanamh le NFL amach anseo.

Ó tharla gur éirigh thar barr leis an gcluiche, tá áthas orm an comhoibriú straitéiseach ilbhlianta seo le NFL, Spórt Éireann agus Peil Mheiriceánach Éireann a fhógairt, comhoibriú a bhfuil sé mar aidhm leis an pheil bhrataí a fhorbairt in Éirinn. Is spórt spreagúil é Peil Bhrataí, spórt atá ag fás ag ráta dochreidte ar fud an domhain. Cruthóidh an chomhpháirtíocht seo go leor deiseanna chun an spórt a imirt ar fud na tíre, agus leanfaidh sí ar aghaidh lenár gcaidreamh leis an NFL a threisiú.”

Maidir le tionchar na hócáide ar an turasóireacht, dúirt Peter Burke TD, an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta:

“Bhí an tairbhe turasóireachta a bhain leis an gcluiche NFL idir na Pittsburgh Steelers agus na Minnesota Vikings suntasach. Thaistil níos mó ná 51,500 cuairteoir idirnáisiúnta go hÉirinn don ócáid, agus bhí an dath agus an t-atmaisféar a thug na lucht leanúna leo le feiceáil ar fud Bhaile Átha Cliath roimh an gcluiche. Ní hamháin sa phríomhchathair a bhí an tairbhe le brath, agus chaith cuairteoirí am ar fud na tíre, ag tacú le gnólachtaí agus pobail áitiúla i ngach réigiún. Chuir an cluiche Éire i láthair roimh lucht féachana fíordhomhanda freisin, agus 9.2 milliún lucht féachana sna Stáit Aontaithe amháin ag tiúnadh isteach agus an chuid is fearr d’Éirinn a fheiceáil.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Stáit le freagracht as Beartas Spóirt agus Poist, Charlie McConalogue TD:

“Onóir a bhí ann fearadh na fáilte a chur roimh an tSraith Náisiúnta Peile i mBaile Átha Cliath don chéad chluiche séasúir rialta a imríodh in Éirinn. Tarraingíonn an cinneadh imeacht spóirt dhomhanda den chaighdeán seo a reáchtáil in Éirinn aird ar an gcáil atá ar Éirinn mar óstach spóirt den chéad scoth. Taispeántas iontach a bhí ann agus toradh ar iarracht shuntasach chomhoibritheach, cur chuige uile-Rialtais ‘Foireann na hÉireann’. Pointe tábhachtach is ea go mbeidh buntáistí oidhreachta suntasacha ag baint leis an gcluiche freisin ó thaobh cúrsaí spóirt de mar go dtacóidh sé le fás na Peile Brataí in Éirinn.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Henry Hodgson, Bainisteoir Ginearálta NFL na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann:

“Garsprioc shuntasach don tsraith ba ea an chéad chluiche séasúir rialta NGL a reáchtáil in Éirinn. Fianaise ba ea an t-atmaisféar i bPáirc an Chrócaigh agus ar fud na cathrach ar an spéis atá ag ár lucht leanúna sna cluichí agus ar láidreacht na gcomhpháirtíochtaí atá forbartha ag NFL in Éirinn. “Táimid bródúil as an tionchar geilleagrach a bhí ag an gcluiche seo agus táimid ag súil le bheith ag obair le Spórt Éireann agus le Peil Mheiriceánach in Éirinn chun tacú le fás leanúnach na peile brataí.

Is fianaise é an tionchar geilleagrach agus an infheistíocht oidhreachta ar an luach ginearálta a bhaineann le Cluiche NFL 2025 a reáchtáil i mBaile Átha Cliath, rud a chruthaíonn torthaí airgeadais láithreacha agus a thacaíonn le forbairt fhadtéarmach spóirt ar fud na hÉireann.”

Agus fáilte á cur aige roimh an gcomhoibriú ar Pheil Bhrataí, dúirt uachtarán AFI, Alan Lomasney:

“Tá peil bhrataí ar cheann de na spóirt is mó fáis ar domhan, le breis is 20 milliún imreoir ar fud 100 tír, áit a bhfuil mná agus cailíní ag tiomáint an fháis is tapúla. Cuirfear an spórt san áireamh go hoifigiúil i gclár Cluichí Oilimpeacha LA 2028, faoi stiúir iarrachtaí Chónaidhm Idirnáisiúnta Pheil Mheiriceá agus le tacaíocht ón NFL. Tá AFI ag tnúth le bheith ag obair leis an NFL chun Peil Bhrataí a fhás in Éirinn, agus is mór againn tacaíocht an Rialtais chun seo a bhaint amach.”

Príomhthorthaí maidir le Tionchar Geilleagrach agus Turasóireachta Chluiche NFL 2025 BÁC
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat