Cuireann na hAirí O’Donovan agus McConalogue comhbhrón in iúl ar bhás Ronnie Delany.
- Foilsithe: 11 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 11 Márta 2026
Chuir an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, agus an tAire Stáit Spóirt agus Beartais Poist, Charlie McConalogue TD, a gcomhbhrón in iúl inniu ar bhás churadh Oilimpeach na hÉireann, Ronnie Delany, a fuair bás ag aois 91 bliain.
Dúirt an tAire O'Donovan:
Bhí brón orm cloisteáil inniu faoi bhás churadh Oilimpeach na hÉireann agus an sár-lúthchleasaí Ronnie Delany. Ba laoch do lúthchleasaithe sa bhaile agus thar lear é Ronnie, a bhuaigh bonn óir d’Éirinn i gcluichí Melbourne i 1956. Le linn a shlí bheatha ghairid lúthchleasaíochta, spreag Ronnie reathaithe óga Éireannacha chun a n-aislingí a leanúint. Ba é a bhua suntasach san Astráil an chéad bhonn óir d’Éirinn i dhá scór bliain, ó bhuaigh Bob Tisdall agus Pat O’Callaghan bonn óir i 1932 – agus ba bhuaicphointe é do spórt na hÉireann go dtí 1992 i mBarcelona.
D’éirigh Ronnie as an rásaíocht go hóg, mar gheall ar ghortuithe, an lá céanna a mhol sé pósadh dá ghrá geal Joan. Chuaigh sé ag obair do Aer Lingus agus B&I Line ina dhiaidh sin, sular bhunaigh sé a ghnó féin i margaíocht agus i gcomhairleoireacht spóirt.
Maireann a oidhreacht i bPáirc Uí Dhúshláine, ina cheantar dúchais san Inbhear Mór, atá ainmnithe ina onóir; agus freisin i measc na mílte mílte reathaithe míle, reathaithe meánachair agus lúthchleasaithe eile Éireannacha atá ag leanúint ina lorg. Tá mo chuid smaointe le Joan agus le muintir agus cairde Ronnie go léir ag an am seo. Ar dheis Dé go raibh a anam.
Dúirt an tAire McConalogue:
Bhí brón mór orm nuair a chuala mé faoi bhás Ronnie Delany. Spreag a bhua bonn óir i 1956 glúnta lúthchleasaithe Éireannacha chun a gcuid spící a thógáil agus tosú ag rith agus ba é an bunús le rath lúthchleasaithe ar nós Sonia O’Sullivan agus John Treacy.
Fear teaghlaigh an-díograiseach ab ea Ronnie, a bhí dílis dá bhean chéile Joan, dá chlann, agus dá chlann clainne, agus ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl dóibh ag an am seo.
CRÍOCH