Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann an Taoiseach agus an tAire O’Donovan ceiliúradh ar Chruthaitheacht an Oileáin Chomhroinnte ag Comhdháil an Oileáin Chomhroinnte arna eagrú ag Éire Ildánach i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath

Thug an Taoiseach Micheál Martin agus Patrick O’Donovan TD, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt aithisc uathu inniu do líon is mó ná 300 duine ag comhdháil Éire Ildánach maidir leis an Oileán Comhroinnte i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath.

Ag an ócáid, faoin téama Cruthaitheacht mar Cheangal idir Daoine, rinneadh ceiliúradh ar a fheabhas a d’éirigh le 47 tionscadal de chuid an Oileáin Chomhroinnte an comhar páirtnéireachta, an chruthaitheacht agus buanchairdeas a chothú ar fud oileán na hÉireann ón mbliain 2023 i leith.

Ag labhairt dó ag an gcomhdháil, dúirt an Taoiseach Micheál Martin:

Baineann tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte le ceangal agus comhthuiscint a chothú idir daoine, comharsanachtaí agus dreamanna de thraidisiúin éagsúla ar fud an oileáin. Feictear, trí bheartaíocht chruthaitheachta agus chultúir, an chomhthuiscint sin ag teacht chun cinn; sa cheol, san ealaín, sa scéalaíocht agus sa chairdeas a eascraíonn ó bheartaíocht i gcomhar ina leith sin.

Is léiriú an clár Éire Ildánach ar an dóigh ar féidir deighilt a shárú le bearta samhlaíochta ar mhaithe leis an gcomhchuspóir agus saol níos soirbhe agus níos cónasctha a chruthú san am atá le theacht don uile dhuine a mhaireann ar an oileán seo.”

Leis an iriseoir Dearbhail McDonald i bhfeighil imeachtaí, bhí oirfidíocht á cur ar fáil i rith na comhdhála ag Music Generation Chontae Laoise, Sharing Songs - Unforgettable Voices, agus ealaíontóirí óga de chuid Circus Explored, chomh maith le plé painéil agus taispeántais óna raibh léargas ar thaithí daoine agus ar an lón foghlama a fuarthas ó thionscnamh Éire Ildánach maidir leis an Oileán Comhroinnte.

Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt an tAire Patrick O’Donovan:

“Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm chomh fada fairsing agus a théann na tionscadail de chuid Éire Ildánach maidir leis an Oileán Comhroinnte atá le feiceáil anseo inniu againn; tá 47 tionscadal i gceist a bhaineann le 23 contae ar fud na hÉireann agus níl aon cheann de na cúigí nach rabhthas ag saothrú ann. Is é an bua is mó atá le tionscnamh an Oileáin Chomhrointe go bhfuil béim mhór ar an gceangal idir comharsanachtaí, mórtas á spreagadh chomh maith le dúthracht agus dlúthchairdeas a leanfaidh go buan.

Tá á chur ar ár súile dúinn go soiléir an acmhainn a ghabhann le bearta cruthaitheachta maidir le daoine a tharraingt le chéile, caidreamh a chothú agus dlús a chur leis an gcairdeas ar fud oileán na hÉireann.

Déanaimid ceiliúradh inniu ar mheon an chomhair agus ar an gcomhchuspóir a eascraíonn ón gcomhshamhlú”

Ón mbliain 2023 i leith, tá infheistíocht €6 mhilliún déanta ag an gclár Éire Ildánach ar fud cúig cinn de cholúin; Pobail Ildánacha, Óige Ildánach, Sláinte agus Folláine Ildánach, Gníomh Cruthaitheach i leith a hAeráide, agus Tionscail Ildánacha, d’fhonn treisiú leis an gcruthaitheacht agus leis an obair i gcomhar ar fud Oileán na hÉireann.

CRÍOCH.

Nótaí don Eagarthóir

  • Maidir le tuilleadh eolais faoi ócáid an lae inniu, féach www.creativeirelandconference.ie
  • Maidir le tuilleadh eolais faoin gclár Éire Ildánach agus faoi thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, féach www.creativeireland.gov.ie/en/publications/creative-ireland-shared-island-initiative-2023-25/

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat