Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deich mBliana na gCuimhneachán - Fógraíonn an tAire Martin oscailt Ghradam Markievicz do 2023

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, go n-osclófar scéim sparánachtaí Markievicz Dheich mBliana na gCuimhneachán d’ealaíontóirí do 2023 le haghaidh iarratas ar líne trí thairseach ealaíontóirí na Comhairle Ealaíon Dé Máirt, an 17 Eanáir 2023 agus dúnfar é ag 5.30 i.n. Déardaoin, an 16 Feabhra 2023.

Bronnann an tAire gradaim faoin scéim gach bliain ar suas le 10 ealaíontóirí (ealaíontóirí ag obair ina n-aonar nó i gcomhar le daoine eile) – ar luach €25k in aghaidh an duine aonair nó an ghrúpa. Oibríonn an Roinn i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon maidir le riarachán na scéime agus fógróidh an tAire faighteoirí ghradaim 2023 i mí Aibreáin. Tá treoir dóibh siúd ar mhaith leo cur isteach ar an nGradam ar fáil anois.

Dúirt an tAire Martin:

Tugann Gradam Markievicz urraim do Constance de Markievicz – a bhí ina healaíontóir í féin – agus tacaíocht d’ealaíontóirí ó gach cúlra agus seánra chun saothar nua a chruthú a léiríonn ról na mban san am ata caite, go mór mór sa tréimhse a chlúdaítear i nDeich mBliana na gCuimhneachán. Is í 2023 an cúigiú bliain den scéim rathúil seo agus bhain 32 ealaíontóir in go leor seánraí éagsúla leas as €700,000 a bronnadh faoin scéim go dtí seo. Bhain an lucht éisteachta leas as an obair a rinneadh agus tá i bhfad níos mó le teacht sna blianta amach romhainn.”

Thagair an tAire freisin d’acmhainn chomhlántach Mná100Mná100 na Roinne. Ar an suíomh gréasáin scrúdaítear an tábhacht agus na gnéithe éagsúla a bhaineann le ról ríthábhachtach na mban sa tréimhse réabhlóideach. Soláthraíonn an suíomh gréasáin, mar aon le hábhar gaolmhar atá ar fáil ar líne ó na Forais Náisiúnta Cultúir agus eile, foinsí úsáideacha faisnéise do chách agus cuirfidh ealaíontóirí a chuireann isteach ar an nGradam spéis iontu.

Ón 17 Eanáir beidh an scéim oscailte trí ghlao poiblí ar ealaíontóirí atá ag obair i ngach seánra ealaíon le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon. I bhfianaise a thábhachtaí is a bhí gluaiseacht athbheochan na Gaeilge le linn na tréimhse réabhlóidí, agus i bhfianaise fhreagrachtaí leanúnacha agus sonracha na Roinne chun tacú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, tabharfar ceann de na gradaim d’ealaíontóir a oibríonn sa Ghaeltacht agus trí mheán na Gaeilge, faoi réir chaighdeán gradaim a bhaint amach. Glacfar go fonnmhar le hiarratais ó dhaoine aonair nó ó ghrúpaí laistigh de phobail atá éagsúil ó thaobh cultúir agus ó dhaoine faoi mhíchumas faoin scéim chomh maith.

Nótaí don Eagarthóir:

Táirseach na Comhairle Ealaíon

Cláraigh agus féach ar thairseach na Comhairle Ealaíon - https://onlineservices.artscouncil.ie/Register.aspx

Gradam Markievicz

Treoir maidir le Gradam Markievicz - https://www.artscouncil.ie/Funds/Markievicz-Award/

Mná100:

Is tionscnamh de chuid an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán é Mná100 faoi Chlar Dheich mBliana na gCuimhneachán chun feasacht a ardú agus tuiscint a dhoimhniú ar ról na mban inár gcuid staire, a n-ionchur ríthábhachtach le linn tréimhse réabhlóideach na hÉireann, 1912-1923.

Féach ar shuíomh Mhná100 - www.mna100.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat