Deimhníodh le Comhairliúchán Poiblí go bhfuil an pobal go mór i bhfabhar an Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona a chur ar bhonn Bhuan
- Foilsithe: 2 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 2 Deireadh Fómhair 2025
D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, inniu príomhthorthaí comhairliúcháin phoiblí maidir le tionscnamh an Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona, ina léiríodh go bhfuil 97% den phobal i gcoitinne agus d’earnáil na n-ealaíon i bhfabhar an scéim a dhéanamh buan.
Fuarthas breis is 7,600 freagra ó dhaoine den phobal, agus fuarthas breis is 7,400 freagra ó ealaíontóirí nach raibh an íocaíocht á fáil acu. Chomh maith leis sin, rinne beagnach 75% de lucht faighte an ioncaim bhunúsaigh an suirbhé freisin.
Measann 47% den bhreis is 17,000 freagróir gur cheart faighteoirí a roghnú bunaithe ar riachtanas airgeadais, agus measann 37.5% de na freagróirí gur cheart iad a roghnú bunaithe ar theist/fiúntas ealaíne. Is fearr le 14% eile roghnú randamach.
Tá 50% de na freagróirí den tuairim go bhfuil an leibhéal reatha íocaíochta (€325) ceart go leor, agus tá 44% den tuairim go bhfuil sé ró-íseal. Ar an meán, dúirt freagróirí gur cheart go bhfaighidh ealaíontóirí an ioncam bunúsach go ceann 12 bliana, agus is é 5 bliana an meánluach don fhreagra seo.
Bhí an comhairliúchán poiblí ar oscailt ón 12 Lúnasa go dtí an 5 Meán Fómhair.
Dúirt an tAire Patrick O’Donovan:
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a chuir an dua air féin a chuid tuairimí a chur in iúl faoin scéim seo. Is dócha gurb é seo an freagairt is mó ar chomhairliúchán poiblí a rinneadh sa Roinn seo. Tá áthas orm gur daoine den phobal i gcoitinne sciar mór de na freagróirí, rud a léiríonn go bhfuil meas ar an scéim ní hamháin in earnáil na n-ealaíon ach i measc an phobail i gcoitinne freisin. Tá mo Roinnse i mbun anailíse faoi láthair ar an líon mór freagraí, d’fhonn tuarascáil maidir leis an gcomhairliúcháin phoiblí a ullmhú.”
Nótaí do na heagarthóirí:
Miondealú ar na bhfreagróirí
|
Freagraí |
Cóimheas |
duine den phobal |
7686 |
44.73 % |
ealaíontóir nach n-íoctar an ioncam bunúsach d'ealaíontóirí leis (lena n-áirítear grúpa cóimheasa) |
7422 |
43.19 % |
ealaíontóir atá ag fáil an ioncaim bhunúsaigh d'ealaíontóirí faoi láthair |
1459 |
8.49 % |
ionadaí ó eagraíocht ealaíon |
474 |
2.76 % |
Freagra ar bith |
101 |
0.59 % |
ionadaí ó eagraíocht a throideann ar son cearta daoine faoi mhíchumas |
42 |
0.24 % |
Ar cheart an tIoncam Bunúsach do na hEalaíona a dhéanamh buan?
|
Freagraí |
Cóimheas |
Ba cheart |
16736 |
97.39 % |
Níor cheart |
344 |
2.00 % |
Freagra ar bith |
104 |
0.61 % |
Nuair a shuífear go bhfuil duine incháilithe, cén bealach ar cheart faighteoirí a roghnú? (freagra amháin)
|
Freagraí |
Cóimheas |
Ar bhonn riachtanais airgid |
8090 |
47.08 % |
Ar bhonn teiste/fiúntas ealaíne |
6464 |
37.62 % |
Go randamach |
2455 |
14.29 % |
Freagra ar bith |
175 |
1.02 % |
Maidir leis an leibhéal reatha íocaíochta (€325 in aghaidh na seachtaine) an gceapann tú: (freagra amháin)
|
Freagraí |
Cóimheas |
Go bhfuil sé ceart go leor |
9188 |
53.47 % |
Go bhfuil sé ró-íseal |
7559 |
43.99 % |
Go bhfuil sé ró-ard |
312 |
1.82 % |
Freagra ar bith |
125 |
0.73 % |