Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deimhníonn taighde nua go gcuireann gníomhaíocht chruthaitheach dhaoine fásta an tsláinte agus an fholláine chun cinn agus go laghdaíonn sé uaigneas, dúlagar agus strus

Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., fáilte roimh thorthaí thuarascáil nuafhoilsithe Staidéar Fadama na hÉireann ar Dhul in Aois inniu i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Rinneadh imscrúdú sa taighde, a choimisiúnaigh Clár Éire Ildánach, ar an tionchar a bhíonn ag gníomhaíocht chruthaitheach ar shaol daoine níos sine. Fuair sé amach go raibh caighdeán saoil níos airde ag daoine fásta níos sine a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha agus gur lú an seans go mbeadh siad uaigneach, in ísle brí agus faoi strus ná a gcomhaoisigh nach nglacann páirt iontu.

Príomhthorthaí

  • Bhí 53.5% de dhaoine fásta níos sine a ndearnadh suirbhé orthu páirteach i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha nó i gcaitheamh aimsire ar bhonn seachtainiúil.
  • Thuairiscigh na daoine sin a raibh na leibhéil is airde rannpháirtíochta acu i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha an caighdeán saoil is airde, agus fuair siad an scór is ísle maidir le leibhéil uaignis, dúlagair agus struis.
  • Bhí an leibhéal rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha comhsheasmhach idir 50 agus 74 bliana d'aois, ach tháinig laghdú géar air ó 75 bliana d’aois agus níos sine.
  • Tá comhghaol láidir idir gnóthachtáil ardoideachais agus ioncam níos airde agus rannpháirtíocht rialta i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha, rud a léiríonn patrúin rannpháirtíochta ealaíon agus cultúrtha cosúil leis na cinn atá le feiceáil i measc an daonra níos óige in Éirinn.
  • Bhí mná trí huaire níos dóchúla ná fir leabhair, irisí nó nuachtáin a léamh ar mhaithe le pléisiúr go seachtainiúil.
  • Bhí tionchar ag lagú radhairc agus meath sláinte ar rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha.
  • Thuairiscigh na daoine fásta sin a thuairiscigh leibhéil níos airde gníomhaíochta coirp gníomhaíocht chruthaitheach ag leibhéal measartha nó ard agus thuairiscigh na daoine nár chaith tobac ardleibhéil ghníomhaíocht chruthaitheach freisin.
  • Thuairiscigh 26% de dhaoine fásta níos sine go ndearna siad caitheamh aimsire cruthaitheach níos minice le linn dhianghlasáil COVID-19.

Dúirt an tAire Martin:

“Cuirim fáilte roimh thorthaí an taighde seo a dheimhníonn go mbaineann buntáistí suntasacha le rannpháirtíocht chruthaitheach a chur chun cinn i measc daoine níos sine. Is féidir le rannpháirtíocht mhéadaithe i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha sláinte agus folláine dhaoine níos sine a fheabhsú, agus leanfaidh mé ag obair le mo chomhghleacaithe ar fud an Rialtais chun rochtain ar thionscnaimh chruthaitheacha a chur chun cinn, a fhorbairt agus a thacú.”

Dúirt Rose Anne Kenny, Príomhthaighdeoir Staidéar Fadama na hÉireann ar Dhul in Aois agus Ollamh le Geirinteolaíocht Leighis i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath:

“Le breis agus deich mbliana de thaighde curtha i gcrích, tá tacar sonraí uathúil saibhir ag Staidéar Fadama na hÉireann ar Dhul in Aois le tarraingt air chun príomhghnéithe de dhul rathúil in aois a léiriú. Léiríonn an tuarascáil seo go bhfuil ardrannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha i measc daoine fásta níos sine, agus go bhfuil éifeacht dhearfach láidir aici ar shláinte ghinearálta fhisiciúil, ar shláinte mheabhrach agus ar chaighdeán saoil. Is torthaí taighde tábhachtacha iad seo. Chun cabhrú le níos mó daoine fásta níos sine dul i mbun gníomhaíochtaí cruthaitheacha, d’fhéadfaí beartais a fhorbairt a chumasaíonn rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha agus a fhaigheann réidh le baic rochtana beag beann ar mhíchumas chun sláinte agus folláine a fheabhsú i ndéimeagrafach ag dul in aois atá ag fás go tapa."

Tá an tuarascáil - Gníomhaíocht Chruthaitheach sa Daonra atá ag Dul in Aois - ar fáil ar www.creativeireland.gov.ie. Pléadh torthaí na tuarascála ag seimineár gréasáin a d’óstáil Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath i gcomhar le Clár Éire Ildánach ar an 22 Samhain a bheidh ar fáil ar www.creativeireland.gov.ie. Mhaoinigh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an taighde trí Chlár Éire Ildánach.

Nótaí

Clár Éire Ildánach

Is tionscnamh uile-Rialtais, cultúrbhunaithe é Clár Éire Ildánach, faoi stiúir na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, a dearadh chun folláine aonair, pobail agus náisiúnta a chur chun cinn. Tá an clár bunaithe ar an gcreideamh go bhfuil inniúlachtaí cruthaitheacha ag gach duine, a gcuireann a bhforbairt le folláine phearsanta chomh maith le folláine ghinearálta ár bpobail agus ár sochaí.

Staidéar Fadama na hÉireann ar Dhul in Aois

Is staidéar fadaimseartha ar scála mór, ionadaíoch go náisiúnta, ar dhul in aois in Éirinn é Staidéar Fadama na hÉireann ar Dhul in Aois. Tá sé mar aidhm uileghabhálach ag an Staidéar an áit is fearr ar domhan le dul in aois a dhéanamh d’Éirinn. Bailítear eolas sa Staidéar faoi thaithí ar dul in aois ar fud cúrsaí sláinte, eacnamaíocha agus sóisialta ó níos mó ná 8,500 duine 50 bliain d’aois agus níos sine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn, ag déanamh ionadaíochta ar 1 as 156 duine. Cuireadh cúig shruth de bhailiú sonraí i gcrích sa Staidéar ó 2009 i leith.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat