Deontas €60,079 ceadaithe ag an Aire Stáit O’Donovan do Chumann Lúthchleas Gael Chill na Martra, i gCo. Chorcaí

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deontas €60,079 ceadaithe ag an Aire Stáit O’Donovan do Chumann Lúthchleas Gael Chill na Martra, i gCo. Chorcaí

Agus é ar chamchuairt go dtí Gaeltacht Mhúscraí inniu 7 Feabhra 2023 d’fhógair an tAire Stáit don Ghaeltacht Patrick O’Donovan T.D. go bhfuil deontas €60,079 ceadaithe do Chumann Lúthchleas Gael Chill na Martra le cur ar a gcumas dromchla agus sconsa nua a fhorbairt ar an bpáirc peile i gCill na Martra.

Dúirt an tAire Stáit Donovan:

“Le ceadú an chúnaimh seo faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne, cuirfear tuilleadh leis an obair atá ar bun ar leas an phróisis pleanála teanga - atá ar leas phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge i ndeireadh thiar thall. Tuigim go bhfuil obair iontach ar bun ag an gCumann ar mhaithe lenár gcluichí náisiúnta a thabhairt don chéad ghlúin eile chomh maith leis na pleananna atá ag an gCumann tuileadh áiseanna a fhorbairt sna blianta amach romhainn. Tá an-áthas orm go bhfuil ar mo chumas an tacaíocht seo a chur ar fáil, dá bharr.”

Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha sa Phlean Forbartha Náisiúnta agus i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.13 agus 2.22 go sonrach sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 atá an deontas seo á ceadú.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat