English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deontas caipitil, ar fiú €1 mhilliún ar fad é, bronnta ar Áras Nua-Ealaíne na hÉireann agus ar Ghailearaí Crawford chun tacú le healaíontóirí na hÉireann agus chun cur leis an mbailiúchán náisiúnta de shaothair ealaíne

Tá sé fógartha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. inniu go bhfuil maoiniú €1 mhilliún ceadaithe ar mhaithe le dhá Institiúid Náisiúnta Cultúir, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann agus Gailearaí Crawford. Tabharfar tacaíocht leis an maoiniú seo le saothair ealaíne a fháil agus tacú le healaíontóirí na hÉireann sa tráth deacair agus dúshlánach seo.

Coinnítear an Bailiúchán Náisiúnta nua-ealaíne agus ealaíne comhaimseartha in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann.

Is do na hamharc-ealaíona, stairiúil agus comhaimseartha araon, amháin Gailearaí Crawford.

Leis an maoiniú breise €600,000 seo d'Áras Nua-Ealaíne na hÉireann agus €400,000 do Ghailearaí Crawford beidh an dá iarsmalann ábalta cur leis an mBailiúchán Náisiúnta trí shaothar a fháil ó ealaíontóirí na hÉireann, a dteastaíonn tacaíocht ríthábhacht uathu ag an tráth seo.

Dúirt an tAire Martin:

“Tá ríméad orm a bheith ábalta an maoiniú suntasach seo don dá Institiúid Náisiúnta Cultúir, Gailearaí Crawford agus Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, a fhógairt. Is cuid lárnach dár bhféiniúlacht na healaíona agus an cultúr. Ábhar tacaíochta a bhí sna healaíona agus sa chultúr le cúpla mí anuas. Táim sásta a bheith ábalta an leithdháileadh seo a dhéanamh chun cur leis an mbailiúchán náisiúnta. Trí sin a dhéanamh, cuirfear tacaíocht ríthábhachtach ar fáil d'ealaíontóirí na hÉireann le linn na tréimhse seo, tréimhse nach bhfacthas riamh cheana.”