Deontas suas le €29,753 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne chun áiseanna Choláiste Uisce a fhorbairt

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deontas suas le €29,753 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne chun áiseanna Choláiste Uisce a fhorbairt

D’fhógair Sean Kyne TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu go bhfuil deontas suas le €29,753 ceadaithe aige do Choláiste UISCE Teo, An Eachléim, Contae Mhaigh Eo, chun cur ar a gcumas obair shábháilteachta a chur i gcrích agus trealamh a cheannach.

Tá ráite ag an gColáiste gur cuidiú mór a bheidh sa deontas seo - go háirithe agus an Coláiste ag iarraidh freastal ar níos mó scoláirí agus an Ghaeilge a chur chun cinn i measc a gcuid scoláirí, idir óg agus aosta, ó cheann ceann na bliana. Bainfidh muintir an cheantair leas as an deontas chomh maith mar go gcuirfear gníomhaíochtaí trí Ghaeilge ar siúl go háitiúil dá bharr.

Is i gcomhréir le gníomhartha 2.13, 2.14, 2.15 agus 2.21 faoi Réimse Gnímh 2: An Ghaeltacht i bPlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais d’fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge atá an maoiniú seo á cheadú.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat