Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáilte curtha ag an Aire Patrick O’Donovan roimh thuarascáil an Choiste Chomhairligh um Scéalta na mBan.

  • 31 moladh chun ionadaíocht na mban agus scéalta na mban a chur chun cinn, lena ndírítear ach go háirithe ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus ar ghrúpaí imeallaithe

  • Tacaíochtaí feabhsaithe do na hInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta agus d’institiúidí bailiúcháin eile

  • Forbairt músaeim bhuan na mban

  • Bearta chun aghaidh a thabhairt ar éagothroime beartais, maoinithe agus struchtúrach ar fud na hearnála cultúrtha, agus comhpháirtíochtaí tacúla a thógáil.

Chuir an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan T.D., tuarascáil an Choiste Chomhairligh um Scéalta na mBan faoi bhráid an Rialtais inniu.

Bunaíodh an Coiste Comhairleach i mí an Mhárta 2024 chun moltaí a dhéanamh chun cur le hionadaíocht na mban agus scéalta na mban lena n-ilghnéitheacht iomlán, sna Forais Cultúir Náisiúnta agus sna bailiúcháin náisiúnta. Iarradh ar an gCoiste Comhairleach freisin roghanna éagsúla a mheas maidir le cur i láthair tiomnaithe do scéalta na mban a chruthú, lena n-áirítear músaem buan do mhná. Tá go leor gnéithe de shaol agus de thaithí na mban á léiriú cheana féin ar bhealach íogair agus tuisceanach ag na Forais Cultúir Náisiúnta agus earnáil an chultúir i gcoitinne. Cuirtear i dtábhacht sa tuarascáil seo an acmhainneacht mhór atá ann maidir le cur leis an dul chun cinn sin agus athrú dearfach a leabú.

Dúirt an tAire O’Donovan:

“Táim an-bhuíoch den Choiste Comhairleach um Scéalta na mBan, faoi chathaoirleacht shaineolach an Dr Sandra Collins, as an obair thráthúil agus thábhachtach seo. Tá a fhios agam nach ndearnadh ionadaíocht chothrom i gcónaí ar ghuthanna, eispéiris agus tionchar na mban ar fud earnáil an chultúir agus gur ghoill sé seo ar go leor daoine. Anois níos mó ná riamh, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaimid uile ár ndícheall chun comhionannas a chur chun cinn agus sochaí níos cuimsithí agus níos cothroime ar bhonn sóisialta a chruthú.”

Dúirt an Dr Sandra Collins, Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh um Scéalta na mBan:

“Ba mhór an onóir dom bheith i mo chathaoirleach ar an gCoiste Comhairleach seo, ag obair le comhghleacaithe den scoth chun 31 moladh a fhorbairt chun feabhas suntasach a chur, ar bhealach sofheicthe, ar ionadaíocht na mban agus scéalta na mban sna bailiúcháin náisiúnta agus sna forais cultúir.’ Le hobair an Coiste díríodh ar chur chuige cuimsitheach agus comhchomhairleach chun éagsúlacht shaibhir taithí, saineolais phearsanta agus eolais a thabhairt isteach sa phróiseas. Tá súil againn go mbeidh ár moltaí ina gcabhair don Rialtas chun athruithe dearfacha a chur i bhfeidhm lena gcuirfear le hinfheictheacht, rannpháirtíocht agus tionchar na mban, i ngach gné d'earnáil an chultúir agus den saol cultúrtha. Tá áthas orainn ár moltaí a chur faoi bhráid an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan T.D. agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire agus lena oifigigh, agus le gach duine a chuir leis an obair seo trí thuairimí, taithí agus saineolas a roinnt.”

Tá sé beartaithe go mbeidh moltaí an Choiste Chomhairligh iad dtaca, iad dírithe ar réitigh, cuiditheach, intomhaiste agus inghníomhaithe. Tá siad bunaithe ar neart taighde, comhairliúchán agus bailiúchán faisnéise a rinne an Coiste Comhairleach le 18 mí anuas. Ghlac an Coiste Comhairleach cur chuige cuimsitheach le linn a chuid oibre, cur chuige atá bunaithe ar phrionsabail an chomhionannais inscne agus ar fhorálacha na nAchtanna Comhionannais na hÉireann.

Tá 31 moladh sonracha sa tuarascáil, iad eagraithe faoi 8 dtéama ginearálta. Tá sé beartaithe go mbeidh na moltaí sin ina gcabhair i réimsí éagsúla cultúir, i bhfoirmeacha ealaíne agus i mbailiúcháin - go náisiúnta, go réigiúnach agus laistigh de phobail áitiúla. Tá achoimre orthu seo thíos:

  1. Treoirphrionsabail a ghlacadh mar chreat tacaíochta do gach duine atá páirteach i gcinnteoireacht agus i bpleanáil straitéiseach chun feabhas a chur ar ionadaíocht na mban agus scéalta na mban. [1 mholadh]
  2. Aghaidh a thabhairt ar éagothroime maidir le beartais , maoiniú agus struchtúir; Tá sé seo ríthábhachtach chun rannpháirtíocht agus ionadaíocht níos iomláine ag mná a chumasú ar fud earnáil an chultúir, go háirithe do ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste agus grúpaí imeallaithe. [5 mholadh]
  3. Éiteas maidir le taispeántas faoi coimeád ag níos mó ná dream amháinagusfaoi stiúir an phobail a chur i bhfeidhm, agus cur chuige a fhorbairt maidir le dul i mbun caidrimh le pobail lena dtugtar tús áite do mhaoirseacht, do chomhpháirtíocht, agus do phrionsabail na comhchoimeádaíochta, go háirithe do ghrúpaí atá faoi thearcionadaíochtagus grúpaí imeallaithe. [4 mholadh]
  4. Gealltanas a thabhairt maidr le díriú go speisialta ar ghrúpaí atá faoi thearcionadaíocht agusar ghrúpaí imeallaithe, chun ionadaíocht níos éagsúla, níos saibhre, níos casta agus níos iomláine ar shaol cultúrtha na hÉireann a spreagadh. [4 mholadh]
  5. Comhpháirtíochtaí tacúla a thógáil chun ionadaíocht na mban agus scéalta na mban lena n-ilghnéitheacht iomlán a chur chun cinn agus cur leo trí mhaoiniú agus tacaíochtaí riachtanacha eile a sholáthar. [3 mholadh]
  6. Feabhas a chur ar oideachas agus ar chaidreamh a chothú faoi shaol agus eispéiris éagsúla na mban agus deireadh a chur le bacainní ar rannpháirtíocht. [4 mholadh]
  7. Tacú leis na Forais Cultúir Náisiúnta agus institiúidí eile a bhailíonn oidhreacht chun a chinntiú go mbeidh bailiúcháin níos éagsúla, níos ionadaíche agus níos cuimsithí ó thaobh scéalta na mban de acu agus go meidh rochtain ag gach duine orthu. [6 mholadh]
  8. Cur i láthair tiomnaithe a bhunú ar scéalta na mban, agus aitheantas á thabhairt don taithí a bhí ag mná i stair ár n-oileáin mar chuid ríthábhachtach agus dhílis dár stair, dár gcultúr agus dár bhféiniúlacht. [4 mholadh]

Tá fáil anseo ar thuarascáil iomlán an Choiste Chomhairligh, mar aon le miontuairiscí na gcruinnithe agus faisnéis eile faoi obair an Choiste:

An Coiste Comhairleach um Scéalta na mBan

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat