Fáiltiú á óstáil ag an Rialtas don NFL i gCaisleán Bhaile Átha Cliath
- Foilsithe: 26 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 26 Meán Fómhair 2025
Beidh fáiltiú á óstáil ag an Aire Stáit le freagracht as Spórt agus Beartas Poist, Charlie McConalogue TD, thar ceann an Rialtais, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath tráthnóna inniu do dhaoine mór le rá ón Sraith Náisiúnta Peile (NFL) agus ón dá fhoireann iomaíocha, na Pittsburgh Steelers agus na Minnesota Vikings, chomh maith le haíonna ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Páirc an Chrócaigh agus na gníomhaireachtaí agus na geallsealbhóirí éagsúla a chomhoibrigh chun an cluiche a chur i gcrích. Tá an t-imeacht seo á reáchtáil roimh an gcéad chluiche séasúr rialta NFL in Éirinn Dé Domhnaigh.
Cuireann an fáiltiú ag Caisleán íocónach Bhaile Átha Cliath, ionad tábhachtach stairiúil agus cultúrtha, béim ar thábhacht an chluiche d’Éirinn. Tabharfaidh an ócáid le chéile príomhphearsana ón NFL, chomh maith le feidhmeannaigh ó na Steelers agus na Vikings, chun ceiliúradh a dhéanamh ar an tóir atá ag fás ar Pheil Mheiriceánach sa tír.
“Is bealach iontach é an NFL a óstáil ag Caisleán stairiúil Bhaile Átha Cliath chun fáilte a chur rompu go hÉirinn,”
a dúirt an tAire McConalogue.
“Is tráth suntasach cultúrtha agus spóirt é an cluiche seo dúinn, ag léiriú cumas na hÉireann mórimeachtaí spóirt idirnáisiúnta a óstáil ar scála domhanda. Táimid thar a bheith sásta go bhfuil na Steelers agus na Vikings anseo agus táimid ag tnúth leis an gcluiche a bheidh ina ócáid fíor-chuimhneach i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh. Tá súil againn gurb é seo an chéad cheann de go leor cluichí den chineál céanna, rud a neartóidh na naisc dhomhain idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe.”
Tá an cluiche i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh an 28 Meán Fómhair mar chuid de shraith idirnáisiúnta leanúnach an NFL, a bhfuil sé mar aidhm aici lucht leanúna domhanda an spóirt a mhéadú. Léiríonn áireamh na hÉireann mar thír óstach do chluiche séasúr rialta an spéis láidir agus mhéadaitheach atá i bPeil Mheiriceánach anseo, i bhformáidí taclála agus bratach araon.
Táthar ag súil go nginfidh an cluiche toradh láidir i ngníomhaíocht eacnamaíoch bhreise d’Éirinn le toradh díreach don Státchiste ar infheistíocht an Stáit de bheagnach dhá oiread go haon. Chomh maith leis an turasóireacht agus na buntáistí eacnamaíocha, tá an ócáid ag soláthar réimse deiseanna do ghnólachtaí áitiúla agus an NFL ag infheistiú go suntasach freisin chun tacú leis an gcluiche.