Fógraíonn an Chartlann Náisiúnta Clár Mór Poiblí Roimh Eisiúint Dhaonáireamh 1926
- Foilsithe: 22 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 22 Deireadh Fómhair 2025
Foilseofar an chéad Daonáireamh de Shaorstát Éireann ar líne an 18 Aibreán 2026
Tá an Chartlann Náisiúnta ag lorg ‘Ambasadóirí Céad Bliain’ a bhí beo tráth an daonáirimh i 1926.
Tá clár poiblí cuimsitheach fógartha go hoifigiúil ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, chun comóradh céad bliain thaifid Dhaonáireamh 1926 a cheiliúradh ón gCartlann Náisiúnta.
Cuirfidh an Chartlann Náisiúnta an daonáireamh iomlán, ina bhfuil breis is 700,000 tuairisceán teaghlaigh aonair, ar fáil saor in aisce agus inchuardaithe go hiomlán ar líne an 18 Aibreán 2026, rud a mharcálann tráth ríthábhachtach i stair na hÉireann.
Nochtadh an clár poiblí a ghabhann leis inniu (22 Deireadh Fómhair) ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, agus Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta, Orlaith McBride. Beidh clár faisnéise suntasach de chuid RTÉ, léiriú amharclainne le ANU Productions, a bhfuil cáil dhomhanda orthu, taispeántais mhóra i mBaile Átha Cliath, i Londain, i mBostún agus ar fud na hÉireann, agus cuardach ar ‘Ambasadóirí Céad Bliain’ oifigiúla san áireamh sa chlár.
Dúirt an tAire Patrick O’Donovan:
Is tráth stairiúil é scaoileadh thaifid Dhaonáireamh 1926, a thugann cuntas luachmhar ar an saol agus Saorstát Éireann ag glacadh a chéad chéimeanna mar náisiún neamhspleách. Is léargas suimiúil é ar bhunú ár stáit, agus, níos cumhachtaí fós, scéal faoi theaghlaigh agus faoi phobail.
Tionscadal Digitithe Dhaonáireamh 1926
Is tionscadal ollmhór don Chartlann Náisiúnta é ullmhú Dhaonáireamh 1926 lena fhoilsiú go poiblí. Baineann an tionscnamh seo le caomhnú cúramach, scanadh ardtaifigh, agus trascríobh gach bileoige, rud a fhágann go bhfuil an chéad dhaonáireamh a tógadh tar éis bhunú an Stáit inrochtana ag ginealaithe, staraithe, agus baill den phobal, in Éirinn agus ar fud an domhain araon.
Cuirfidh an t-ardán ar líne acmhainn gan fasach ar fáil, rud a ligfidh d’úsáideoirí nascleanúint éifeachtach a dhéanamh ar thuairisceáin mhionsonraithe tí agus a thairgeann léargas uathúil ar an saol céad bliain ó shin.
Dúirt Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta, Orlaith McBride:
Tá obair dochreidte déanta ag foireann na Cartlainne Náisiúnta maidir leis na doiciméid luachmhara seo a chaomhnú, a chatalógú agus a dhigitiú go hinmheánach, ag baint úsáide as teicneolaíocht foghlama meaisín den scoth. Cuirfidh na taifid tacar sonraí cuimsitheach agus inrochtana ag an bpobal ar fáil maidir le saol in Éirinn i ndiaidh bhunú an Stáit.
Clár Ambasadóirí Céad Bliain
Tá an Chartlann Náisiúnta ag seoladh cuardaigh freisin ar Ambasadóirí Céad Bliain, ar daoine iad a rugadh roimh an 18 Aibreán 1926 agus atá fós beo inniu.
Meastar go bhfuil breis is 1,000 duine fós beo a taifeadadh sa daonáireamh, agus cuireann na daoine seo peirspictíocht uathúil, bheo ar fáil ar shaol na hÉireann le céad bliain anuas. Tá sé mar aidhm ag clár na nAmbasadóirí fianaise phearsanta dhíreach a ghabháil ó na daoine a fheicfidh a dtaifid teaghlaigh bhunaidh féin á gcur ar fáil don phobal an Aibreán seo chugainn.
Dúirt an tAire Patrick O’Donovan:
Tá sé thar a bheith corraitheach gur féidir linn ómós a thabhairt do na daoine a taifeadadh sa daonáireamh, agus atá fós linn inniu, tríd ár gclár Ambasadóirí Céad Bliain. Cinnteoidh an clár poiblí fairsing seo go sroichfidh na scéalta, an fhaisnéis, agus na naisc dhaonna a nochtar sa daonáireamh gach pobal in Éirinn agus inár ndiaspóra ar fud an domhain.
Dúirt Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta, Orlaith McBride:
Ní bhaineann an daonáireamh le liostaí agus uimhreacha; baineann sé le daoine a bhí ina gcónaí in Éirinn sa bhliain 1926 agus a sliocht go léir inniu. Is í ár scéal féin í, agus ba mhaith linn cloisteáil ó oiread daoine agus is féidir atá sa riocht uathúil gur taifeadadh iad sa doiciméad stairiúil seo.
Ba chóir d’aon duine - nó dá dteaghlaigh - atá ag iarraidh a bheith ina Ambasadóir Céad Bliain teagmháil a dhéanamh leis an gCartlann Náisiúnta ag:
census1926@nationalarchives.ie
Buaicphointí an Chláir
Tá an clár poiblí cuimsitheach deartha chun léargais stairiúla Dhaonáireamh 1926 a thabhairt don lucht féachana is leithne is féidir, i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta éagsúla.
Nochtfar sonraí iomlána faoi ghnéithe aonair an chláir, lena n-áirítear dátaí agus faisnéis áirithinte, sna míonna amach romhainn.
Áirítear leis na príomhghnéithe:
· Taispeántais: Reáchtálfar taispeántais mhóra i mBaile Átha Cliath (Caisleán Bhaile Átha Cliath), i Londain (Acadamh na Breataine), agus i mBostún (Coláiste Bhostúin) i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine 2026, ag aithint thábhacht an daonáirimh don diaspóra Éireannach. Tabharfaidh taispeántas taistil cuairt ar áiteanna i ngach cearn d’Éirinn freisin.
· Léiriú Amharclainne: Beidh léiriú amharclainne suíomh-shonrach, arna chomhléiriú leis an gcomhlacht Éireannach clúiteach ANU Productions, ar siúl sa Chartlann Náisiúnta i mí na Bealtaine 2026.
· Clár Faisnéise Teilifíse: Clár faisnéise teilifíse suntasach de chuid RTÉ a chraolfar i mí Aibreáin 2026, ina dtabharfar léirmhínithe éagsúla ar thorthaí an daonáirimh.
· Leabhar: Foilsiú leabhair, "The Story of Us, Independent Ireland and the 1926 Census", ina bhfuil 18 aiste ó staraithe móra le rá.
· Oideachas & Taighde: Acmhainn foghlama nua agus pacáiste múinteoirí do scoileanna, chomh maith le sraith cainteanna, ceardlann agus cur i láthair do lucht leanúna staire teaghlaigh agus staire áitiúla, ag críochnú le comhdháil mhór i mBaile Átha Cliath i mí an Mheithimh 2026.
Cibé acu an bhfuil suim agat sa stair, sa ghinealas, nó san amharclann, tá rud éigin ann do gach duine inár gclár iomlán, in Éirinn agus ar fud an domhain,
a dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta.
CRÍOCH
Le haghaidh fiosrúcháin ó na meáin, déan teagmháil le: press.office@ccs.gov.ie
Nóta d’Eagarthóirí
Faoin gCartlann Náisiúnta
Caomhnaíonn an Chartlann Náisiúnta cuimhne an Stáit i bhfoirm a cuid taifead scríofa. Faigheann agus cosnaíonn sí taifid phoiblí na hÉireann, rud a chinntíonn a n-infhaighteacht mar acmhainn do chách. Baineann na taifid seo le stair shóisialta, chultúrtha, eacnamaíoch agus pholaitiúil oileán na hÉireann ón Meánaois go bunú Shaorstát Éireann i 1922 agus isteach sa ré nua-aimseartha.