Fógraíonn an Rialtas ciste €6.5 milliún um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide III

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an Rialtas ciste €6.5 milliún um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide III

Tacóidh an ciste nua le tionscadail chruthaitheacha ar mhórscála chun pobail a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa ghníomhú ar son na haeráide.

D’fhógair an Taoiseach Micheál Martin, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, agus an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O’Brien, Ciste nua €6.5 milliún um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide inniu, rud a thacóidh le tionscnaimh shamhlaíocha, chruthaitheacha, chultúrtha agus ealaíne ar mhórscála a chabhróidh le pobail dul i ngleic leis an athrú aeráide agus a chuirfidh ar chumas na saoránach athrú bríoch iompraíochta a dhéanamh.

Is tionscnamh de chuid an Chláir Éire Ildánach é an Ciste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide III i gcomhpháirtíocht le Roinn an Taoisigh agus leis an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil.

Leis an gCiste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide III (2026-2029), tacófar le tionscadail uaillmhianacha fhadtéarmacha a thugann saineolas le chéile ón earnáil ealaíon agus cultúir, eolaíocht aeráide, agus rannpháirtíocht phobail, agus a sheachadtar trí chomhpháirtíocht trasrialtais.

Tá an Ciste seo ag lorg tograí a fhreagraíonn go cruthaitheach do phríomhthosaíochtaí náisiúnta aeráide, lena n-áirítear iad siúd a leagtar amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025, sa Chomhphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide, agus in obair an Choimisiúin um Aistriú Cóir.

Mar chuid den infheistíocht fhoriomlán sin, tá €1 milliún á chur ar fáil faoi thionscnamh Oileán Comhroinnte an Rialtais. Féadfar an maoiniú Oileán Comhroinnte sin a dheonú do thionscadail a bhfuil comhpháirtíocht láidir uile-oileáin, Thuaidh-Theas nó Thoir-Thiar acu, nó do thionscadail atá ceaptha agus curtha i bhfeidhm go hiomlán ar bhonn Oileán Comhroinnte. Is é aidhm na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht ó Oileán Comhroinnte comhar trasteorann a chur chun cinn agus comhoibriú a dhoimhniú idir pobail agus saoránaigh atá ag gabháil don athrú aeráide, sa dá dhlínse, ar fud an oileáin.

Tá an maoiniú dírithe ar eagraíochtaí a bhfuil taithí acu ar thionscadail rannpháirtíochta poiblí a chur i gcrích ar scála, agus a mholann tionscadail lena mbaineann rannpháirtíocht phoiblí fhairsing thar thréimhse ama. Beidh deontais idir €400,000 agus €750,000 ar fáil do thionscadail a sheachadfar thar thréimhse ceithre bliana.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin:

“Is dúshlán ríthábhachtach comhroinnte é an t-athrú aeráide agus cuirim fáilte roimh an deis seo, a fhaigheann tacaíocht ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte, dóibh siúd sna hearnálacha ealaíon, cultúir, aeráide agus eolaíochta, agus rannpháirtíochta pobail ar fud an oileáin seo comhoibriú chun feasacht an phobail ar dhúshláin aeráide a mhéadú agus chun tacú leis an bpobal gníomhartha inbhuanaithe, tionchair a dhéanamh.”

Dúirt an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD:

“Táim bródúil go bhfuil an Rialtas ag tacú leis an gcur chuige nuálach seo i leith aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide, agus Éire a fheiceáil chun tosaigh ag glacadh le cumhacht na gcleachtas cruthaitheach chun croíthe a mhealladh, meon a mhúscailt agus athrú buan a spreagadh i bpobail agus muid ag bogadh i dtreo domhan níos inbhuanaithe. Tríd an gciste seo, tugtar tacaíocht do phobail a nasc lena dtimpeallacht nádúrtha a dhoimhniú, cur chuige cruthaitheacha a fhiosrú, agus todhchaí níos inbhuanaithe a shamhlú le chéile.”

Dúirt an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Darragh O’Brien TD:

“Éilíonn na dúshláin aeráide atá romhainn comhoibriú láidir ar fud an Rialtais agus na sochaí. Cuirimid fáilte roimh ról na hearnála cruthaithí agus cultúrtha maidir le tosaíochtaí an Phlean náisiúnta Gníomhaithe ar son na hAeráide a bhaint amach agus maidir le tacú leis an athrú sistéamach is gá chun oiriúnú do ghéarchéim atá ag dul i bhfeidhm cheana féin ar phobail ar fud an oileáin, agus chun í a mhaolú.”

Osclófar na hiarratais an 16 Feabhra, 2026, ag Creative Grant Call 2025 - Creative Ireland Programme agus dúnfar iad an 15 Aibreán, 2026.

Nótaí don Eagarthóir

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat