Fógraíonn an tAire Martin maoiniú do Mhionfhéilte Áitiúla agus do Mhionscoileanna Samhraidh

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Martin maoiniú do Mhionfhéilte Áitiúla agus do Mhionscoileanna Samhraidh

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. leithdháileadh maoinithe €96,391 inniu do 28 imeacht chun tacú le Mionfhéilte Áitiúla agus Mionscoileanna Samhraidh a reáchtálfar ar fud na hÉireann in 2021.

Dearadh an scéim chun cabhrú le himeachtaí cultúrtha áitiúla nach mbeadh incháilithe faoi chritéir mhaoinithe d’imeachtaí níos mó cosúil leo siúd a dtacaíonn Fáilte Éireann, an Chomhairle Ealaíon agus forais dá samhail leo. Ba é an 23 Aibreán 2021 an dáta deiridh le haghaidh iarratas. Leithdháileadh maoiniú tar éis phróiseas iomaíoch iarratais, agus bhí uasdeontas €5,000 ar fáil.

Meascán de thionscnaimh ar líne agus d’imeachtaí ar an láthair atá sna tionscadail a mhaoineofar i mbliana. Freastalóidh lucht féachana ar na himeachtaí ar an láthair ag teacht le treoir ghinearálta sláinte poiblí. Tá sé mar aidhm ag an Roinn cur leis an ábhar cultúrtha a chabhraíonn an Roinn leis agus spás cultúrtha a chruthú a bheidh spéis ag daoine áitiúla agus an pobal níos leithne ann.

Tá liosta na n-iarratasóirí a gheobhaidh maoiniú thíos.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

“Tá an-áthas orm tacú le Scéim na Mionfhéilte Áitiúla agus na Mionscoileanna Samhraidh i mbliana, le meascán d’imeachtaí ar líne agus ar an láthair. Cuireann an cultúr agus na healaíona go mór lenár saolta agus lenár bpobal.

Cuirfidh na himeachtaí seo eispéiris chultúrtha atá ag teastáil go géar uainn ar fáil do lucht féachana agus do chleachtóirí. Léirigh na heagraíochtaí a mhaoinítear faoin scéim seo teacht aniar agus solúbthacht iontach i bpleanáil a dtionscadal.”

Nótaí

Iarratasóir Cur síos ar an Tionscadal Contae Méid Maoinithe Molta
Féile Cheoil Thraidisiúnta Bhaile an Tóchair
Imeachtaí ceoil thraidisiúnta ar a áirítear ceolchoirmeacha, céilithe, ceardlanna ceoil, amhránaíocht agus damhsa, gníomhaíochtaí ealaíne agus cultúrtha ina mbeidh bunscoileanna áitiúla páirteach.
Sligeach €2,666
Seosamh McGabhann Scoil Samhraidh a bheidh ar siúl go fíorúil. Maigh Eo €5,000
Ceantar Ardeaglas Leitir Ceannain
Féile ina mbeidh na healaíona, an litríocht, an drámaíocht, an ceol, an scéalaíocht agus an fhilíocht faoi théama bunaithe ar shaothair Brendan Behan.
Dún na nGall €4,000
Féile Scannán Phort Láirge
15ú Fhéile Scannán Phort Láirge - Imeachtaí agus Comórtais Fíorúla Ealaíon.
Port Láirge €2,600
Scoil Samhraidh Cheoil Dhún na nGall
Scoil Samhraidh Cheoil Dhún na nGall Ag déanamh naisc go fíorúil.
Dún na nGall €4,000
Shakefest 2021
Féile an-bheag chun ceiliúradh a dhéanamh ar éagsúlacht chultúrtha sa Damhsa, san Ealaion, sa Drámaíocht agus sa Cheol.
Uíbh Fhailí €1,000
Cumann Ealaíon Allingham
Tá foirm thraidisiúnta na féile ealaíon ag an bhféile seo le réimse leathan aíonna agus imeachtaí.
Dún na nGall €4,000
Leabharlanna Chathair Chorcaí
Scoth Bhaile Féitheán: Léireoidh sé cultúr agus ealaíon an phobail le réimse leathan ceoil, scéalaíochta, staire, ealaíon agus ceardaíochta san áireamh.
Corcaigh €1,100
Ceardaíocht agus Dearadh Chorcaí
Fiontar sóisalta atá i gCeardaíocht agus Dearadh Chorcaí a thacaíonn agus a chuireann ceardaithe gairmiúla chun cinn a oibríonn i réimse disciplíní agus a chónaíonn i gcathair agus i gcontae Chorcaí.
Corcaigh €3,500
Músaem Scríbhneoirí Chiarraí
Féile Idirnáisiúnta Scéalaíochta Lios Tuathail 2021.
Ciarraí €5,000
Grúpa Ealaíon an Gheata Féile Shamhain Chloich na Coillte 2021 Corcaigh €3,500
Ionad Ealaíon agus Oidhreachta Bhaile Átha an Rí
Féile Cheoil, Ealaíon & Dhamhsa Bhaile Átha an Rí (M.A.D) 2021.
Gaillimh €4,000
Stiúideonna Theach an Chustaim
Dealbhóireacht ar Ché Chathair na Mart, taispeántais féile faoin aer de dhealbhóireacht chomhaimseartha.
Maigh Eo €2,500
Iarsmalann Hunt
Féile agus Scoil Samhraidh Dealbhóireachta Gainimh na Triúr Béithe.
Luimneach €4,000
CCÉ an Ghoirt Chroim
Scoil Samhraidh chun ceiliúradh a dhéanamh ar 25 bliana de Cheol agus Amhránaíocht Thuaisceart Mhaigh Eo.
Maigh Eo €4,000
CLG Creative Spark
Is féile ealaíon, oidhreachta agus cultúir í Féile Ealaíon Uirbeach SEEK atá dírithe ar chuid de na dearthóirí múrmhaisithe agus na healaíontóirí uirbeacha faoin aer is fearr ar domhan a mhealladh go Dún Dealgan, chun cabhrú le hoidhreacht an bhaile a chur chun cinn, go cultúrtha agus go healaíonta, ag athdhíriú an cheantair mar mhol beoga don chruthaitheacht.
€3,500
Féile Amhránaíochta Dhrom Dhá Liag
Sraith ceolchoirmeacha ina léireofar na hamhránaithe is fearr ó Éirinn agus ón iasacht.
Corcaigh €4,000
Cumann Yeats Shligigh 62ú Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta Yeats Sligeach €5,000
Swing Samhraidh an Chóibh
Beidh ceol saor in aisce, siamsaíocht do leanaí, bia, deoch agus rogha stallaí ó thrádálaithe áitiúla san fhéile seo.
Corcaigh €700
Comhairle Pobail an Dúrais agus a Cheantar
Féile ‘Love Durrus’ – Ceiliúradh poiblí ar an bpobal agus athmhúscailt ár n-oidhreachta ceoil agus cultúir.
Corcaigh €4,000
CLG Oidhreacht Bhaile Átha Í
Virtual Shackleton 2021 - ábhar réamhthaifeadta, craolta gréasáin bheo agus ceardlanna fíorúla.
Cill Dara €4,000
Spilt Milk Festival Féile thrí lá de cheol, scannáin agus ealaín. Sligeach €5,000
Féile Imeallach na Gaillimhe
Féile ildisciplíneach bhliantúil ealaíon a bhfuil an chathair mar chúlra agus mar inspioráid di.
Gaillimh €3,500
Fondúireacht Mhíleata Oidhreacht na hÉireann
Scoil Samhraidh The Speaker William Conolly – ag déanamh iniúchta ar éagsúlacht, féiniúlacht agus athmhuintearas na hÉireann.
Cill Dara €3,500
Ionad Scannán Phort Láirge
Space Oddities: Féile Coiméide agus Ficsean Eolaíochta
Port Láirge €4,000
Forbairt Phobal Theach Solais ÓMÓS - Féile Ealaíon agus Scannán An Cabhán €2,450
Féile Imeallach Bhéal an Átha
Féile bhliantúil ealaíon ina mbeidh seó sorcais faoin aer, pictiúrlann tiomáin isteach agus ceardlanna cruthaitheacha ar líne.
Maigh Eo €5,000
Comharghrúpa Leifir/Chluain Lao Brightening Up Lifford 2021 - féile ceoil Dún na nGall €875
Iomlán €96,391

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat