Fógraíonn an tAire Martin pacáiste maoinithe €2m d’údaráis áitiúla in 2022, faoi Snáithe Pobail de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán
- Foilsithe: 5 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 5 Eanáir 2022
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, maoiniú €2 mhilliún inniu d’údaráis áitiúla in 2022 chun tacú lena ról tábhachtach i bhforbairt gníomhaíochtaí comórtha pobail don chéim dheiridh de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán.
Leithdháilfear €50,000 ar gach údarás áitiúil chun tacú lena gcláir chuimhneacháin do 2022. Chuir an tAire Martin ciste forlíontach €450,000 ar fáil chun tuilleadh tacaíochtaí a sholáthar d’údaráis áitiúla a d’aithin riachtanais bhreise maidir le comóradh céad bliain ar leith a bhfuil tábhacht áitiúil leis agus tionscadail eile atá níos mó, lena n-áirítear tionscnaimh thrasteorann.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil lenár n-údaráis áitiúla go léir as a rannpháirtíocht agus a ndíogras leanúnach i mbliana d'ainneoin na ndúshlán leanúnach a chuireann paindéim COVID-19 romhainn. Chuir ár gcomhpháirtithe sna húdaráis áitiúla cláir mhachnamhacha, shamhlaíocha agus uaillmhianacha cuimhneacháin ar siúl a cheadaigh rannpháirtíocht fhiúntach leis an bpobal, a spreag agus a thacaigh le machnamh agus comhchuimhneamh ar chuimhneacháin thábhachtacha céad bliain in 2021."
Dúirt sí, chomh maith:
“Ar fud na tíre, cuireann tionscnaimh chuimhneacháin pobail lenár dtuiscint ar na himeachtaí stairiúla seo ar bhealach mór tábhachtach maidir le tionchar, iarmhairtí agus oidhreachtaí na n-imeachtaí. Ní féidir é seo a dhéanamh ach trí chomhpháirtíocht agus chomhoibriú.
“In 2022, tá sé beartaithe agam leanúint leis an gcur chuige comhoibritheach seo idir an Stát, údaráis áitiúla, agus pobail áitiúla, a d’oibrigh go maith go dtí seo, lena chinntiú go gcuimhneofar ar ár stair chomhroinnte i mbliain leathdhéanach Dheich mBliana na gCuimheachán ar bhealach cuimsitheach, tomhaiste agus cothrom.
“Sa leithdháileadh maoinithe €50,000 seo do 2022 léirítear ár muinín leanúnach inár n-údaráis áitiúla. Ag eascairt as rath chlár na bliana seo, d’iarr mé ar údaráis áitiúla €15,000 ar a laghad a chionroinnt óna leithdháiltí in 2022 chun tacú le hiarrachtaí ealaíonta agus cruthaitheacha. Soláthraíonn léirmhíniú ár n-ealaíontóirí agus cleachtóirí cruthaitheacha ar imeachtaí stairiúla suntasacha ardán tábhachtach chun machnamh a dhéanamh ar ábhair, san am a chuaigh thart agus san am i láthair, a d’fhéadfadh a bheith dúshlánach, deacair agus an-phearsanta in amanna."
Nótaí
In 2022, faoi Snáithe Pobail Chlár Deich mBliana na gCuimhneachán, spreagfaidh údaráis áitiúla tionscnaimh chuimhneacháin pobail chun machnamh a dhéanamh ar naisc áitiúla leis na himeachtaí suntasacha stairiúla a tharla céad bliain ó shin, le tacaíocht ó na prionsabail agus an treoir a leag an Grúpa Comhairleach Saineolaithe ar Chuimhneacháin Céad Bliain síos. Mar shampla, céard a cheap daoine áitiúla faoi imeachtaí mar Shíniú an Chonartha Angla-Éireannaigh; tús an Chogaidh Chathartha; agus bunú an Stáit agus conas a rinneadh comóradh orthu go háitiúil?
Aithnítear i gcur chuige an Rialtais an gá lena bheith íogair don chomhthéacs áitiúil agus stairiúil agus aithnítear ann nach raibh díreach taithí amháin ar an troid ar son na saoirse agus ar an gCogadh Cathartha - laistigh de chontaetha nó ar fud oileáin na hÉireann. Tá sé mar aidhm ag an Rialtas rannpháirtíocht ó gach traidisiún agus pobal ar an oileán a éascú agus aitheantas a thabhairt do thábhacht na dtuairimí agus na n-eispéireas áitiúil le béim i gcónaí ar chuimhneachán agus ar athmhuintearas measúil.
Leanfar an chomhairle um shláinte phoiblí atá i bhfeidhm agus bearta cosanta COVID-19 an Rialtais sna himeachtaí agus beidh an chomhairle agus na bearta mar bhonn eolais agus tacaithe faoi phleananna do gach imeacht comórtha in 2022 agus gníomhaíochtaí for-rochtana gaolmhara.
Seo a leanas cuspóirí Chlár Deich mBliana na gCuimhneachán idir 2021 agus 2023:
- Díriú ar théamaí cuimhneacháin agus athmhuintearais agus ar chomóradh gach duine a cailleadh le linn na tréimhse seo;
- Tuiscint níos doimhne a chur chun cinn ar imeachtaí suntasacha stairiúla na tréimhse seo, a aithníonn gur eascair scéalta agus cuimhní difriúla as eispéiris chomhroinnte stairiúla na mblianta sin;
- Machnamh a spreagadh ar na haitheantais, traidisiúin agus dearcthaí iomadúla atá mar chuid d’eispéireas stairiúil iomlán na hÉireann;
- Freagairt go híogair don chomhthéacs stairiúil áitiúil, ag admháil nach raibh díreach taithí amháin ann laistigh de chontaetha nó ar fud oileáin na hÉireann; agus
- Cur chuige comhairleach agus oscailte i leith chuimhneacháin a chur chun cinn, a bhfuil sé mar aidhm aige síocháin agus athmhuintearas a neartú ar fud oileáin na hÉireann. Príomhghné den athmhuintearas is ea dlisteanacht na dtraidisiún uile ar an oileán a aithint a tharraingíonn a bhféiniúlacht agus a gcomhchuimhneamh ónár stair chomhroinnte.