Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Martin pacáiste tacaíochtaí €50m don Earnáil Léirithe Beo

  • €5m don scéim amharclannaíocht shéasúrach ceoil agus geamaireachta
  • Scéim nua €35m chun Tacú le Taibhiú Beo;
  • €5m le haghaidh tacaíochtaí Údaráis Áitiúla d’ealaíontóirí agus do léirithe
  • Deontais oiriúnaithe €5m i gcomhair ionad
  • €1m d’Fhéile Phádraig 2022

Inniu (8 Nollaig), d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD maoiniú breise €50m chun tacú leis an Earnáil Léirithe Beo. Tacaíonn na siranta seo le léirithe beo i bhfianaise tabhairt isteach srianta nua orthu. I measc na dtacaíochtaí a fógraíodh inniu don earnáil tá:

  • €5m don scéim amharclannaíocht shéasúrach ceoil agus geamaireachta, méadóidh maoiniú ó €2m go €5m agus laghdófar an r láimhdeachas riachtanach go €100,000 ó €300,000 agus glacfar le hiarratais go dtí deireadh mhí Eanáir 2022. Tá an scéim seo oscailte anois d’iarratais;
  • €20m do snáithe eile den Scéim chun Tacú le Taibhiú Beo, chun tacú le léirithe i mí na Nollag agus i mí Eanáir go sonrach a chaitear a chur ar ceal, a laghdú nó a athsceidealú. Osclófar an scéim seo d’iarratais Dé hAoine, an 17 Nollaig. Is féidir le hionaid, lena n-áirítear clubanna oíche a chuireann léirithe beo ar stáitse, léiritheoirí agus tionscnóirí iarratas a dhéanamh ar suas le 50% dá gcostais incháilithe;
  • €14m ar a laghad le haghaidh snáithe 4 den Scéim chun Tacú le Taibhiú Beo, chun tacú le léirithe a bheidh ar stáitse ó mhí Feabhra 2022 go dtí mí an Mheithimh 2022. Osclófar an scéim seo i mí Eanáir 2022. Má theastaíonn tuilleadh maoinithe iarrfaidh an tAire maoiniú breise ón gCiste Teagmhasach Covid;
  • €5m d’Údaráis Áitiúla tacú le healaíontóirí agus taibhithe áitiúla tríd an Scéim chun Tacú le Taibhiú Beo Áitiúil. Áireofar leis seo maoiniú do gheamaireachtaí pobail agus áitiúla;
  • €5m chun leanúint leis an scéim tacaíochtaí caipitil le haghaidh ionad, lena n-áirítear uasghrádú aerála agus oiriúnuithe eile COVID;
  • €1m d’Fhéile Phádraig 2022

Tá an tAire ag smaoineamh faoi conas tuilleadh tacaíochtaí a sholáthar don earnáil imeachtaí níos leithne. I mí Eanáir fógrófar síneadh breise ar an Scéim Chúnaimh do Ghnólachtaí Ceoil agus Siamsaíochta a thacaíonn le gnóthais in earnáil an cheoil. Chuir an scéim seo tacaíocht deontais ar fáil do ghnólachtaí chun costais a chlúdach suas go dtí deireadh mhí na Nollag.

Dúirt an tAire Martin:

“Chuir na srianta nua seo ualach ar an earnáil siamsaíochta beo. Nílimid san áit a theastaigh uainn a bheith agus tá meath tagtha ar chúrsaí eipidéimeolaíocha. Caithfimid iarracht a dhéanamh sóisialú a laghdú chun cásanna COVID-19 a bhainistiú sna seachtainí atá romhainn. Tá a fhios agam go bhfuil an lucht féachana fós ag lorg eispéiris léirithe beo tar éis d’ionaid a bheith dúnta ar feadh tréimhse fada agus níor mhaith liom stáitsí a fhágáil sa dorchadas sna seachtainí atá romhainn. Tabharfaidh an tríú snáithe den Scéim chun Tacú le Taibhiú Beo solúbthacht d’ionaid cinneadh a dhéanamh an rachaidh siad ar aghaidh lena n-imeachtaí nó an ndéanfaidh siad imeachtaí a athsceidealú agus ealaíontóirí agus criú a choinneáil fostaithe."

Cuirfear tuilleadh sonraí faoi na scéimeanna go léir ar fáil go luath, lena n-áirítear treoirlínte agus eolas faoin bpróiseas iarratais, ar shuíomh gréasáin na Roinne.

Dúirt an tAire, chomh maith:

“Tuigim a thábhachtaí agus atá na geamaireachtaí agus na seónna séasuracha amharclannaíocht cheoil seo do na gnóthais a chuireann iad ar stáitse. Ba mhaith liom go leanfadh an oiread agus is féidir de na léiriúcháin seo ar aghaidh, fiú le 50% den ghnáth-lucht féachana. Bíonn teaghlaigh agus leanaí ar fud na tíre ag tnúth leo seo gach bliain agus i mbliana tá sé níos tábhachtaí ná riamh go mbeidh siad ar siúl. Táim tiomanta do thacaíocht a thabhairt don earnáil léirithe beo agus chlub oíche agus iad ag dul trí chéim dhúshlánach oibríochtaí gnó nach bhfacthas riamh cheana. Tá a fhios agam go dtógann sé go leor seachtainí agus míonna seónna agus turais phleanáil. Tá an-áthas orm na scéimeanna seo a fhógairt a bhfuil sé mar aidhm acu a bheith chomh solúbtha agus freagrach agus is féidir."

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat