Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O’Donovan faighteoirí Scéim 2026 ‘After Hours at the Museum’ chun tacú le hoscailtí níos déanaí i músaeim agus i ndánlanna

41 deontas bronnta ar mhúsaeim agus ar ghailearaithe i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre

Chomh maith leis sin, bhronn Institiúidí Náisiúnta Cultúrtha cistiú chun tacú le sraith chomhordaithe imeachtaí do ‘Dublin by Dusk’

D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan T.D. inniu faighteoirí na scéime ‘After Hours at the Museum’. Forbraíodh an scéim seo mar thacaíocht do thiomantas i gClár an Rialtais chun oscailtí níos déanaí a chur chun cinn agus tacú leo inár músaeim agus inár ngailearaithe agus forbairt leanúnach a dhéanamh ar Gheilleagar Ilghnéitheach san Oíche in Éirinn.

Ag trácht dó ar an scéim, dúirt an tAire O’Donovan:

Is iad músaeim agus dánlanna bunchlocha ár saoil chultúrtha agus is moil thábhachtacha shóisialta iad inár bpobail. Cuideoidh an infheistíocht seo le rochtain a leathnú, fáilte a chur roimh lucht féachana nua agus cinnteofar léi go mbeidh ról lárnach ag ár músaeim agus ár ngailearaithe i bhfás agus i bhforbairt Geilleagair Oíche chuimsithigh agus ilchineálaigh ar fud na tíre.

Tacóidh an cistiú €423k a fógraíodh inniu le 47 eagraíocht ar fud na tíre imeachtaí a oscailt níos déanaí agus a chlárú go dtí 9 i.n. ar a laghad.

Bhí baill de Chlár Chaighdeáin na Músaem d’Éirinn (MSPI), de Chumann Gailearaí Ealaíne Comhaimseartha (CAGA) agus de Chumann Músaem na hÉireann i dteideal iarratas a dhéanamh ar suas le €8,000 de chistiú chun imeachtaí tráthnóna agus oíche níos déanaí a óstáil.

Cuireadh cistiú ar fáil freisin do shé Institiúid Chultúrtha Náisiúnta mar thacaíocht don tionscnamh píolótach ‘Dublin by Dusk’ a chuirfidh oíche de ghníomhaíocht chultúrtha ar fáil tar éis 5 i.n. an Déardaoin deireanach de gach mí.

Tá liosta iomlán na bhfaighteoirí le fáil anseo.

CRÍOCH

Nótaí do na hEagarthóirí:

Is é an aidhm atá le Tuarascáil Thascfhórsa an Gheilleagair Oíche, a foilsíodh i Meán Fómhair 2021, earnáil Geilleagair Oíche níos éagsúla a chruthú don phobal áitiúil agus do chuairteoirí araon. Tá ról tábhachtach ag forais chultúrtha na hÉireann, iarsmalanna agus gailearaithe áitiúla sa chomhthéacs seo, trí oscailt níos déanaí sa tráthnóna, agus trí bhonneagar a chur ar fáil chun an spás/na saoráidí a chur ar fáil do chineálacha éagsúla gníomhaíochtaí oíche. Is féidir níos mó deiseanna a fhorbairt trí chomhoibriú idir forais agus comhpháirtithe níos éagsúla.

In 2023, chuir an Roinn maoiniú ar fáil ar bhonn píolótach do na Forais Chultúrtha Náisiúnta, iarsmalanna agus gailearaithe chun chur lena gcláir imeachtaí níos déanaí sa tráthnóna. Tharraing an scéim aird ar an éifeachtacht a bhain le spásanna cultúrtha a úsáid san oíche agus bhí an-tóir ar an scéim. Thug go leor de na hiarsmalanna agus de na gailearaithe réigiúnacha níos lú ar fud na tíre le fios gur mhaith leo níos mó a dhéanamh sa chomhthéacs seo ach go mbeadh níos mó tacaíochta ag teastáil uathu chun an clár imeachtaí níos déanaí sa tráthnóna agus i rith na hoíche a bhunú.

D’oibrigh an Scéim ‘After Hours at the Museum’ do 2026 in dhá Shnáithe cistithe ar leith.

Snáithe 1 Oscailtí níos déanaí ag na hInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta

Tá an snáithe seo ag tacú le tiomantas Chlár an Rialtais, le forbairt an Gheilleagair Oíche i mBaile Átha Cliath, agus le huaillmhianta Thascfhórsa Chathair Bhaile Átha Cliath don phríomhchathair, tá tionscnamh píolótach nua forbartha ag an roinn, forbraíodh ‘Dublin by Dusk’ i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Fáilte Éireann agus Baile Átha Cliath chun oíche chomhordaithe gníomhaíochta cultúrtha a chur chun cinn agus tacú léi tar éis thitim na hoíche an Déardaoin dheireanach de gach mí ar feadh tréimhse 10 mí. Cuireadh cistiú €165k ar fáil chun tacú le sé Institiúid Chultúrtha Náisiúnta chun sraith imeachtaí a stiúradh agus a chomhordú mar chuid den tionscnamh.

Snáithe 2 Oscailtí níos déanaí ag músaeim agus dánlanna réigiúnacha

Tacaíonn an snáithe seo le Geilleagar Oíche cuimsitheach agus éagsúil a fhorbairt ar fud na tíre agus tá sé ag teacht le tiomantas Chlár an Rialtais chun oscailtí níos déanaí a chur chun cinn agus tacú leo inár músaeim agus inár ngailearaithe.

Tairgeadh deontais suas le €8,000 do bhaill de Chumann Iarsmalann na hÉireann agus/nó do bhall de Chlár Chaighdeáin na Músaem d’Éirinn nó ball den Chumann Gailearaí Ealaíne Comhaimsearthale hoscailt go dtí 9 i.n. ar a laghad. Tá an scéim ag feidhmiú ar bhonn cistithe mheaitseáilte (85:15), áit nach mór don iarratasóir 15% de na costais atá beartaithe a chur ar fáil.

Bhí ar Mhúsaeim agus ar Ghailearaithe i mBaile Átha Cliath clár a dhéanamh an Déardaoin dheireanach den mhí le bheith i gcomhthráth le clár níos déanaí tráthnóna agus oíche na hInstitiúide Cultúrtha Náisiúnta mar thacaíocht don tionscnamh ‘Dublin by Dusk’.

Soláthraíodh cistiú de €258k do 41 eagraíocht ar fud na tíre atá le hoscailt níos faide anonn.

Tá na sonraí iomlána le fáil anseo.

Ceanglais faoin Scéim:

- Oibreofar an scéim ar bhonn cistiú meaitseála (85:15), ina mbeidh ar an iarratasóir 15% de na costais bheartaithe a chur ar fáil.

- Is féidir le hiarratasóirí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú suas go dtí €8k chun oscailt níos déanaí.

- Ní mór d’iarratasóirí gealltanas a thabhairt go mbeidh siad oscailte go dtí 9pm ar a laghad.

- Ní mór tús a chur le gach imeacht i ndiaidh 5p.m.

- Níl íosmhéid ná uasmhéid imeachtaí is féidir a reáchtáil.

- Ceanglófar ar ionaid i gcathair Bhaile Átha Cliath imeachtaí a eagrú chun teacht le tionscnamh oíche Déardaoin gach mí.

- Ní gá go mbeadh na himeachtaí saor in aisce. Is féidir leis na hionaid táille iontrála a ghearradh, ach an oiread agus is féidir, ba chóir costais a choinneáil íseal chun tacú leis an oiread rannpháirtíochta agus ionchuimsitheachta agus is féidir, agus le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach.

I measc na n-imeachtaí is féidir a mhaoiniú tá, ach gan a bheith teoranta do, turais tráthnóna nó oíche, ceol beo, DJ beo, damhsa (taibhitheach nó rannpháirtíoch), taispeántais, léamha filíochta, seónna coiméide (Fuirseoireacht ar na boinn, geansceitse nó tobthaibhiú), imeachtaí amharclainne, scannán, podchraoltaí beo, scéalaíocht, ranganna, agus tionscnaimh sláinte agus folláine. Is féidir maoiniú a úsáid chun costais oibriúcháin a íoc, e.g. costais foirne a bhaineann le hoscailt níos déanaí sa tráthnóna

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat