Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O’Donovan faighteoirí Scéim Tacaíochta Ionaid Pobail 2026

D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, T.D. faighteoirí Scéim Tacaíochta Ionaid Pobail 2026 inniu. Ag leanúint ó scéim phíolótach in 2025, tá maoiniú méadaithe de €1 milliún curtha ar fáil in 2026, chun tacú le hionaid cheoil phobail, agus chun tallann ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn ar fud na hÉireann a chur i láthair.

Tairgeadh maoiniú suas le €20,000 ón Scéim do sheasca ionad, méadú ar an líon de 34 ionad a fuair tacaíocht in 2025. Ina theannta sin, áirítear ar fhaighteoirí deontais ionaid a chuireann greann agus fuirseoirí Éireannacha ar siúl.

Dúirt an tAire O’Donovan:

Tá ár n-ionaid phobail lárnach chun ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn a chothú agus deis a thabhairt dóibh barr feabhais a chur ar a gcuid tallann, agus tá sé an-tábhachtach go n-aithnímid an méid a dhéanann siad don tionscal léirithe bheo, go háirithe i bhfianaise na ndúshlán atá roimh na hionaid sin.

Táim ag tnúth leis an éagsúlacht seánra agus tallainne a fheiceáil a bheidh ar fáil do lucht féachana nua mar thoradh ar an maoiniú sin sna míonna amach romhainn. Mholfainn do lucht féachana ar fud na tíre leas a bhaint as acmhainn a n-ionad áitiúil agus tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí atá i dtús a ngairmeacha beatha.

Agus fáilte á cur aici roimh fhógra na ndeontaithe inniu, dúirt Edel Curtin, ó Coughlan’s i gCorcaigh, ag labhairt thar ceann an Live Venue Collective:

Cuirimid fáilte mhór roimh fhógra na Scéime Tacaíochta um Ionaid Cheoil Pobail 2026. Ní hamháin gur cúnamh airgeadais ríthábhachtach é seo dár n-ionaid; is aitheantas é freisin ar an ról riachtanach atá ag ár n-ardáin i bhforbairt ealaíontóirí Éireannacha. Tá bóthar fada dúshlánach romhainn chun ár n-ionaid cheoil pobail a choinneáil oscailte agus ag feidhmiú agus is céim sa treo ceart an tacaíocht sin. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an Aire O’Donovan as a thiomantas leanúnach chun tacú leis na spásanna cultúrtha ríthábhachtacha sin.

Cuireann scéim 2026 deontais ar fáil faoi dhá Shruth ar leith chun tacú le hionaid ag leibhéil forbartha éagsúla. Bhí deontais suas le €20k ar fáil faoi Shruth A d’ionaid seanbhunaithe a raibh cuntas teiste cruthaithe acu maidir le healaíontóirí Éireannacha atá ag teacht chun cinn a chláreagrú. Cuireann Sruth B deontais suas le €8k ar fáil d’ionaid a raibh ealaíontóirí Éireannacha cláraithe acu roimhe seo, agus a úsáidfidh an maoiniú faoin scéim sin chun ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn a sheinneann ceol beo nó a dhéanann coiméide a shocrú.

Fuarthas iarratais ó raon leathan d’ionaid dhéanacha, lena n-áirítear tithe tábhairne, clubanna oíche agus amharclanna. Tá tacaíocht á thabhairt d’ionaid i mórán bailte agus sráidbhailte tuaithe, agus bronntar maoiniú ar 28 ionad lasmuigh dár gcathracha móra.

Rinne an tAonad Geilleagar Oíche measúnú ar na hiarratais le hionchur ó phainéal saineolaithe neamhspleách i gcomhréir leis na treoirlínte don scéim.

Is tionscnamh Geilleagar Oíche é an Scéim Tacaíochta Ionaid Pobail chun tacú le hobair an Tascfhórsa Geilleagair Oíche agus ag leanúint ó mholadh a eascraíonn as Gníomh 5 sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Oíche athbhreithnithe.

Cuirfidh an scéim sin maoiniú ar fáil do shraith imeachtaí ina ndéanfaidh ealaíontóirí pobail ábhar a scríobh sia féin nó a chruthaigh siad féin a léiriú. Táthar ag súil go gcuirfidh na himeachtaí sin fostaíocht ar fáil do chriú, d’innealtóireacht solais agus fuaime, do mhargaíocht agus do chaidreamh poiblí, chomh maith le líon na ndaoine a thagann chuig ionaid phobail a mhéadú agus go gcuirfidh sé sin le geilleagar oíche rathúil freisin.

Scéim Tacaíochta Ionaid Pobail 2026 - Iarratasóirí Ceadaithe
Amharc amharc

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat