Fógraíonn an tAire O’Donovan seoladh Chlár Comórtha Céad Bliain Dhrom Collachair.
- Foilsithe: 17 Meitheamh 2026
- An t-eolas is déanaí: 17 Meitheamh 2026
D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O'Donovan, inniu seoladh Chlár Comórtha Dhrom Collachair chun comóradh 100 bliain a dhéanamh ar dhóiteán pictiúrlann Dhrom Collachair, áit ar cailleadh 48 duine go tragóideach.
I mí an Mhárta 2025, d’fhógair an tAire bunú grúpa oibre, le hionadaíocht áitiúil láidir, chun tacú le pleanáil don chomóradh céad bliain. Tionóladh cruinniú Halla an Bhaile ina dhiaidh sin i nDrom Collachair chun tuairimí áitiúla a bhailiú agus chun a chinntiú go léiríonn an clár comórtha mianta agus íogaireachtaí an phobail a n-imríodh an tionchar díreach is mó orthu.
Tá clár comórtha forbartha ag an Roinn, i gcomhar leis an bpobal áitiúil, Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, Cartlann Náisiúnta na hÉireann, Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP), agus páirtithe leasmhara eile, faoi threoir na bprionsabal seanbhunaithe atá mar bhonn ag cur chuige an Stáit i leith comóraidh.
Is é an príomhimeacht a bheidh ann ná comóradh foirmiúil faoi stiúir an Stáit i nDrom Collachair, Contae Luimnigh, Dé Sathairn, an 5 Meán Fómhair 2026, agus clár níos leithne de thograí náisiúnta agus pobail ag gabháil leis.
Agus é ag labhairt inniu, dúirt an tAire Patrick O’Donovan:
Is mór an onóir dom a bheith in ann an clár comórtha seo a fhógairt inniu. Ní dhearna muintir Dhrom Collachair dearmad riamh ar na himeachtaí tragóideacha a tharla 100 bliain ó shin. Sa dóiteán sin, chaill daoine tuismitheoirí, páistí, deartháireacha agus deirfiúracha, cairde, comharsana. Scriosadh an deichiú cuid den bhaile in aon oíche amháin, agus táim ag súil go mór go dtabharfaidh an clár agus an comóradh seo urraim a do na mairbh agus na marthanóirí araon ar bhealach atá ómósach agus bríoch. Ba mhaith linn go mbeidh sé fréamhaithe i bpobal Dhrom Collachair agus ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil le Gerry Keyes agus an grúpa pobail Dromcollogher 26 as a gcuid oibre agus a dtiomantas go dtí seo i bpleanáil an chomóraidh.
Dúirt Gerry Keyes, cathaoirleach ghrúpa Dromcollogher 26:
“Cuirtear fáilte mhór roimh fhógra comórtha stáit do na daoine a fuair bás i dTubaiste Pictiúrlann Dhroim Collachair, go háirithe ón ngrúpa i nDroim Collachair atá ag obair chun an ócáid seo a chomóradh tráth a céad bliain i mí Mheán Fómhair. Beidh sé ina bhealach oiriúnach agus measúil chun ómós a thabhairt do na 48 duine a fuair bás anseo agus do na teaghlaigh uile a raibh tionchar acu ar a saol. Cuidíonn onóir a thabhairt do chuimhne na ndaoine a cailleadh freisin le tábhacht stairiúil na tragóide seo a aithint agus cabhróidh sé lena chinntiú nach ndéanfar dearmad ar an ócáid seo a bhfuil tábhacht áitiúil agus náisiúnta léi.”
Cuimsíonn an clár:
Comóradh faoi stiúir an Stáit
Beidh Searmanas Stáit foirmiúil ar siúl Dé Sathairn, an 5 Meán Fómhair 2026 i nDrom Collachair, Contae Luimnigh. Á chur i gcrích i gcomhpháirtíocht le hOOP, cloífidh an searmanas leis an gcreat seanbhunaithe maidir le searmanais Stáir agus beidh sé ina ghníomh lárnach náisiúnta cuimhneacháin don chomóradh céad bliain. Dearfar an searmanas chun ómós a thabhairt do chuimhne na 48 íospartach agus chun aitheantas a thabhairt do thionchar leanúnach na tragóide ar an bpobal áitiúil agus ar an Stát i gcoitinne.
Taispeántas Chartlann Náisiúnta na hÉireann
Cuirfidh Cartlann Náisiúnta na hÉireann taispeántas i láthair a bheidh dírithe ar Chnuasach Chiste Fhóirithint Anachaine Dhrom Collachair. Áirítear sa chnuasach taifid choiste, comhfhreagairt, cáipéisíocht airgeadais, litreacha comhbhróin, grianghraif, píosaí a gearradh as nuachtáin agus taifid a bhaineann leis an tacaíocht a tugadh do theaghlaigh na n-íospartach i ndiaidh na tragóide.
Osclófar an taispeántas mar chuid den chlár comórtha agus soláthróidh sé léargas stairiúil tábhachtach ar an bhfreagairt náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an tragóid.
Cartlann Ar Líne maidir le Tubaiste Dhrom Collachair
Forbróidh Leabharlanna Luimnigh cartlann bhuan ar líne a chuimseoidh ábhar stairiúil agus cartlainne a bhaineann leis an dóiteán, lena n-áirítear tuairisciú a rinneadh sna meáin náisiúnta agus áitiúla in 1926, taifid agus comhfhreagairt chartlainne, ábhar staidéir áitiúil, taifid a bhaineann leis an leabharlann chuimhneacháin a bunaíodh sna 1950í; agus aistí stairiúla agus taighde stairiúil a bhaineann leis an tubaiste.
Stampa Comórtha An Post
Eiseofar stampa poist comórtha náisiúnta an 3 Meán Fómhair 2026. Beidh íomhá de mhórshiúl sochraide trí Dhrom Collachair air, agus beidh Clúdach Céadlae agus postmharc dáta speisialta in éineacht leis, rud a sholáthróidh siombail náisiúnta mharthanach chuimhneacháin.
Clár Comórtha Pobail
Beidh clár togra pobail a bheidh stiúrtha go háitiúil ar siúl le linn na tréimhse comórtha i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí áitiúla, ionadaithe pobail, agus Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.
I measc na dtograí sin beidh Aifreann agus fáiltiú pobail, imeachtaí cuimhneacháin pobail agus deiseanna do shliochtaigh, teaghlaigh agus baill den diaspóra i gcoitinne páirt a ghlacadh in imeachtaí comórtha.
Forbraíodh an clár le béim láidir ar an ionchuimsitheacht, an íogaireacht, agus an rannpháirtíocht áitiúil, ag tabhairt aitheantais do thábhacht mharthanach na tragóide laistigh den phobal.
Clár Cruthaitheach Pobail
Bainfidh clár cruthaitheach pobalbhunaithe ina mbeidh scoileanna, cónaitheoirí níos sine, agus grúpaí áitiúla páirteach ann úsáid as tograí scríbhneoireachta cruthaithí, scéalaíochta, filíochta, ceoil agus podchraolta chun rannpháirtíocht idirghlúine a éascú. I measc na dtograí ealaíonta beidh léirithe ceoil comórtha agus ealaín suiteála poiblí deartha chun freagairtí cultúrtha buana ar an tragóid a chruthú.
Coimisiúnaíodh píosa córúil mórscála agus casfaidh grúpaí córúla ón bpobal áitiúil é.
Foilseacháin Stairiúla agus Rannpháirtíocht Phoiblí
Tá sraith tograí stairiúla beartaithe chomh maith, lena n-áirítear saothar stairiúil a bhfuil taighde áitiúil déanta air a fhoilsiú ina scrúdaítear tionchar agus oidhreacht na tragóide, cainteanna agus cuir i láthair poiblí a bhaineann leis an tubaiste, agus siompóisiam ina bheidh staraithe agus saineolaithe ábhair a dhéanfaidh scrúdú ar chomhthéacs agus oidhreacht stairiúil níos leithne an imeachta.
Léiriú Amharclannaíochta de The Bellringer
Taispeánfar léiriú amharclannaíochta de The Bellringer le Charlie McCarthy i nDrom Collachair le linn na tréimhse comórtha, dráma ina ndéantar iniúchadh ar théamaí bróin, cuimhne agus cuimhneacháin.
Garrán an Chuimhneacháin
Déanfar aibhinne comórtha de 48 crann darach, le ceann amháin do gach íospartach, a bhunú i nDrom Collachair mar bhuanleacht cuimhneacháin.
Oibreacha Caomhnaithe agus Feabhsaithe
Áireofar le hoibreacha caomhnaithe agus athchóirithe feabhas a chur ar olluaigh na n-íospartach agus ar ghnéithe cuimhneacháin gaolmhara.
Áiseanna Leabharlainne agus Cuairteora
Táthar ag smaoineamh chomh maith ar fhorbairt áiseanna pobail agus cuairteora a bhfuil baint acu leis an suíomh leabharlainne atá ann agus le tábhacht stairiúil iarshuíomh na pictiúrlainne.
CRÍOCH