Fógraíonn an tAire O’Donovan tacaíocht mhaoinithe oidhreachta mar ullmhúchán do Chorn Ryder 2027

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O’Donovan tacaíocht mhaoinithe oidhreachta mar ullmhúchán do Chorn Ryder 2027

Roineann na hAirí O’Donovan agus McConalogue sonraí na dTionscadal Oidhreachta Tábhachtacha in Áth Dara ag fáil Tacaíochta

Inniu d’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, maoiniú suntasach óna Roinn suas le €5.7m chun a chinntiú go mbeidh oidhreacht bhuan ag Corn Ryder 2027 in Áth Dara, i réigiún Luimnigh i gcoitinne agus in Éirinn ar fad.

Tá roinnt tionscadal oidhreachta tábhachtacha in Áth Dara aitheanta a rachaidh chun tairbhe do phobal Áth Dara agus don chontae ar fad sa todhchaí, lena n-áirítear:

  • Athchóiriú agus síneadh ar Halla Sráidbhaile Áth Dara
  • Athchóiriú Ionad Oidhreachta Áth Dara
  • Feabhsú Réimse Poiblí Áth Dara
  • Tionscnamh inbhuanaitheachta chun crainn a chur.

Tá sé mar aidhm ag na Tionscadail Oidhreachta laistigh de Shráidbhaile Áth Dara, Áth Dara a chur chun cinn mar mhol cultúrtha agus turasóireachta i Luimneach agus sa Mheán-Iarthar. Cuirfidh sé seo feabhas ar a mhealltacht do chónaitheoirí agus do chuairteoirí araon le linn agus i ndiaidh Chorn Ryder in 2027 agus rachaidh sé chun tairbhe do phobal Áth Dara do na glúnta atá le teacht. Cuirfear na tionscadail seo ar fáil i gcomhar le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.

Meastar go mbeidh Corn Ryder ar cheann de na himeachtaí spóirt is mó a thionólfar in Éirinn riamh. Mar chuid de phríomhthionscnamh Inbhuanaitheachta an imeachta seo beidh scéim mhór chun crainn dhúchasacha Éireannacha a chur (laistigh d’Áth Dara agus ar fud Chontae Luimnigh), agus thar a saolré déanfaidh siad cúiteamh suntasach ar an lorg carbóin a ghinfear le linn an imeachta.

Agus é ag labhairt inniu, dúirt an tAire O’Donovan:

“Tá áthas orm a fhógairt go gcuirfidh mo Roinn maoiniú ar fáil do na tionscadail oidhreachta seo i sráidbhaile Áth Dara. Is suíomh álainn é Áth Dara don chéad Chorn Ryder eile agus ba mhaith liom sráidbhaile Áth Dara a thaispeáint nuair a bheidh sé ina áit den scoth do mhuintir na háite agus do chuairteoirí araon, ní hamháin le linn an imeachta ach ar feadh na mblianta atá le teacht. Tá a fhios agam gur féidir le himeachtaí mórscála tionchar gearrthéarmach a bheith acu ar dhaoine atá ina gcónaí sa cheantar, agus sin an fáth gur cuid lárnach de bheartas an Rialtais iad tionscadail oidhreachta ar nós seo i ndáil le Mórimeachtaí Spóirt Idirnáisiúnta a óstáil.”

Chuir an tAire Stáit McConalogue leis sin:

“Is príomhthosaíocht don Rialtas oidhreacht bhuan a chinntiú ó Mhórimeachtaí Spóirt, agus tá lúcháir orm go bhfuil maoiniú á chur ar fáil chun a chinntiú go mbainfidh muintir Áth Dara agus an réigiúin níos leithne leas as Corn Ryder na bliana seo chugainn, ní hamháin in 2027 ach ar feadh blianta fada le teacht.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat