Fógraíonn an tAire Patrick O’Donovan maoiniú inniu d'os cionn €1.4 milliún le haghaidh chur chun cinn ealaíona na hÉireann ar fud an domhain trí Chultúr Éireann
- Foilsithe: 8 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 8 Aibreán 2026
D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, maoiniú de bhreis is €1.4 milliún chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain trí Chlár Deontas Rialta de chuid Chultúr Éireann.
Rachaidh an maoiniú chun leasa 208 tionscadal atá ar siúl i 44 tír, lena n-áirítear ailtireacht, sorcas, damhsa, scannáin, litríocht, ceol, amharclannaíocht agus na healaíona amhairc.
Agus na deontais á bhfógairt aige, dúirt an tAire O'Donovan:
“Mar Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, is cúis áthais dom an babhta deontais seo ó Chultúr Éireann, ar fiú os cionn €1.4 milliún é, a fhógairt. Cruthóidh na tionscadail seo deiseanna agus lucht féachana nua ar bhonn idirnáisiúnta, rud a léireoidh fíor-éagsúlacht ealaíon chomhaimseartha na hÉireann.”
- Ailtireacht: Fondúireacht Ailtireachta na hÉireann ag cur Camchuairt 'To Not Design Is To Cost the Earth' i láthair (RA)
- Sorcas: Company Gee-Gee ag cur S(h)tick i láthair (RA), Cur i láthair Tri-Fabrica ag Mais Imaginarius Festival (an Phortaingéil), Jazzville Productions ag cur The Most Dangerous Animal in the World i láthair (an Spáinn), Darragh McLoughlin ag taibhiú ag International Performing Arts Festival ConTempo (an Liotuáin), Taibhiú Spraoi i bPort Láirge ag National Eisteddfod of Wales (RA), Taibhithe sráide ó Fizz & Chips, Logy Logan agus Missy Impossible ag Tallinn Fringe (an Eastóin).
- Damhsa: United Fall ag cur Birdboy (an Tuirc) i láthair, Instant Dissidence ag cur Dancing With Strangers i láthair: From Palestine To Ireland (an Chróit), Teać Damsa ag cur MÁM le Michael Keegan-Dolan i láthair (Ceanada), Flora Fauna Project ag cur The Peace Process i láthair (an tSualainn, an Fhionlainn)
- Scannánaíocht: tacaíocht i dtreo freastal scannánóirí Éireannacha ar fhéilte scannán idirnáisiúnta suntasacha amhail Irish Film Festival Cardiff (RA), Irish Film Festival, Bilbao (an Spáinn) agus Irish Pride Film Festival IFTUK (RA)
- Litríocht: Údair Éireannacha ag láithriú ag féilte liteartha idirnáisiúnta éagsúla ar nós Festival Internacional de Poesía Los Confines, (Hondúras), Kistrech International Poetry Festival, (An Chéinia), Athens Book Fair (An Ghréig), IrishFest Casalattico (An Iodáil), 36º Medellin International Poetry Festival (Columbia), Buenos Aires International Book Fair (An Airgintín) agus Fabula Literary Festival, Lyon International Literature Festival (An Fhrainc).
- Ceol: Tacaíocht do chamchuairteanna idirnáisiúnta ar fud an domhain a chlúdaíonn réimse ealaíontóirí agus seánraí lena n-áirítear Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta (RA, an Fhrainc), Billow Wood (SAM), Junior Brother (RA, an Bheilg), Gatehouse (an Ghearmáin), Tulua (Ceanada), Just Mustard (SAM, Ceanada), Quentin Cooper & Floriane Blancke (an tSeapáin), Dug (SAM, Ceanada, RA, an Ísiltír), Elaine Howley (an Ostair, an Eilvéis, an Bheilg).
- Amharclannaíocht: Tacaíocht do chamchuairteanna idirnáisiúnta, lena n-áirítear Pan Pan (an Danmhairg), Druid Theatre (SAM), Dead Centre Theatre Company (an Ríocht Aontaithe, an Ísiltír), Dan Colley agus Riverbank Arts Centre (SAM), Sunday’s Child (Ceanada), Branar (an Astráil, an Ríocht Aontaithe) agus Malaprop Theatre (an Bhulgáir)
- Amharc-ealaíona: Taispeántais idirnáisiúnta le healaíontóirí Éireannacha lena n-áirítear Deirdre O'Mahony (an Spáinn), Christopher Colm Morrin (Albain), Orla Barry (an Bheilg), Sheila Flaherty (an Ghearmáin, Ceanada), Susan Leen (an Ghearmáin), Sonia Shiel (SAM) agus David O’Reilly (an Ghearmáin).
- Ildisciplíneach: Tacaíocht leanúnach do chlár ealaíon agus chultúr na hÉireann ag féilte agus ionaid thábhachtacha lena n-áirítear Cáceres Irish Fleadh Festival (an Spáinn), Lorient Interceltic Festival (an Fhrainc), Starptelpa Performance Festival (an Laitvia), The Irish Cultural Centre Hammersmith (an Ríocht Aontaithe) agus The Halifax Busker Festival (SAM).
Is féidir faighteoirí deontais a fheiceáil anseo.