Fógraíonn an tAire Patrick O’Donovan níos mó ná €1m i ndeontais d’Údaráis Áitiúla mar chuid den Chlár Cultúrtha le haghaidh Uachtaránachta na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Patrick O’Donovan níos mó ná €1m i ndeontais d’Údaráis Áitiúla mar chuid den Chlár Cultúrtha le haghaidh Uachtaránachta na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, T.D. inniu, go raibh €1.1m á leithdháileadh chun clár breisithe gníomhartha cultúrtha á sheachadadh i ngach údarás áitiúil sa tír, le linn Uachtaránachta na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Is deis faoi leith atá san Uachtaránacht d’Éirinn san Aontas Eorpach chun an chuid is fearr d’ealaíon agus de chultúr na hÉireann a thaispeáint, na cinn thraidisiúnta agus chomhaimseartha araon. Tá clár leathan cultúrtha á fhorbairt ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, a chinnteoidh gur féidir le muintir na hÉireann a bheith rannpháirteach san ócáid agus go mbeidh deis acu tabhairt faoi mhachnamh ar ról na hÉireann san AE.

Tá cuid thábhachtach é fógra an lae inniu de chlár cultúrtha níos leithne le haghaidh Uachtaránachta na hÉireann. Beidh cuid mhaith féilte, imeachtaí pobail, agus imeachtaí oiriúnach do theaghlaigh, taispeántais, ceolchoirmeacha, cainteanna agus ceardlanna, ar siúl i ngach údarás áitiúil, agus beidh tacaíocht á cur ar fáil de na cláir faoi shnáth na n-údarás áitiúl.

Agus é ag labhairt inniu, dúirt an tAire Patrick O’Donovan:

Is cúis áthais dom na deontais seo ar fiú €1.1 milliún iad a fhógairt, agus go seachadfar cláir chultúrtha bhreise i ngach contae sa tír, dá mbarr. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh deis ag ár saoránaigh a bheith gafa le, agus rannpháirteach in Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Táim ag tnúth go mór le pobail fud fad na hÉireann a fheiceáil gníomhach sna himeachtaí cultúrtha ar feadh na téamaí sin.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

  • Lorg an tAire O’Donovan iarratais ón 31 údarás áitiúil, i mí na Nollag 2025, chun páirt a ghlacadh sa chlár cultúrtha atá ar mhaithe le hUachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Cuireadh fáilte sna hiarratais roimh fhéilte atá ar bun cheana féin, leabharlanna agus ionaid chultúrtha, cláir bhreisithe a chuir ar bun a dhéanfadh freastail ar théamaí na hUachtaránachta.
  • Bá é an 11 Feabhra 2026 an dáta deiridh chun iarratais a dhéanamh agus déanfar leithdháiltí a dheonú do gach údarás áitiúil sa Stát.
  • Fógrófar sonraí maidir leis an gclár cultúrtha níos leithne i mí an Mheithimh, i ndiaidh sheoladh oifigiúil Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat