Fógraíonn an tAire Patrick O'Donovan Scéim Tacaíochta €1 milliún um Gheilleagar Oíche le haghaidh Ionaid Cheoil Pobail

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Patrick O'Donovan Scéim Tacaíochta €1 milliún um Gheilleagar Oíche le haghaidh Ionaid Cheoil Pobail

  • Cuirfidh an tAire €1 milliún ar fáil i maoiniú don cheathrú céim den Scéim Tacaíochta um Gheilleagar Oíche a thacóidh le hIonaid Cheoil Pobail neamhspleácha ar fud na tíre
  • Oibreoidh an scéim faoi dhá shruth agus beidh deontais ar fáil d’ionaid seanbhunaithe agus d’ionaid atá ag teacht chun cinn araon.

D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, céim nua den scéim tacaíochta don Gheilleagar Oíche atá dírithe ar ionaid cheoil pobail neamhspleácha inniu. Tá an scéim á tabhairt isteach mar aitheantas ar an méid a chuireann ionaid cheoil pobail leis an tionscal ceoil trí cheoltóirí atá ag teacht chun cinn a chothú, agus ar na dúshláin atá roimh na hionaid seo freisin.

Tá ciste iomlán de €1 milliún leithdháilte don Scéim Tacaíochta um Ionaid Cheoil Pobail (GMVSS) a bhfuil sé mar aidhm aici tacú le hionaid bheaga seanbhunaithe a chuireann iad féin chun cinn agus atá aitheanta sa phobal mar ionaid léirithe cheoil beo a chuireann deis ar fáil do cheoltóirí nó d’ealaíontóirí Éireannacha atá ag teacht chun cinn agus ceol beo nó greann atá scríofa nó cruthaithe acu féin á cur i láthair acu.

Ag labhairt ag seoladh na scéime inniu ag an Róisín Dubh i nGaillimh, dúirt an tAire Patrick O'Donovan:

“Is ar ionaid cheoil pobail a mhaireann saol ceoil na hÉireann agus tá siad thar a bheith tábhachtach i bhforbairt ár dtallann atá ag teacht chun cinn, mar aon leis an gcaoi a gcruthaíonn siad poist ar fud na hearnála cruthaithí. Trí thacaíocht a thabhairt do na moil chultúrtha tábhachtacha seo inár bpobail áitiúla, cinntítear go mbeidh áit ar fáil d’ár gcéad ghlúin eile d’ealaíontóirí chun a ngairmeacha beatha a fhorbairt, léirithe beo a dhéanamh agus cur lena lucht féachana agus iad sa bhaile anseo in Éirinn.”

Agus fáilte á cur aici roimh sheoladh na Scéime inniu, dúirt Edel Curtin, ó Tí Coughlan’s i gCorcaigh, ag labhairt thar ceann an Live Venue Collective:

“Cuirimid fáilte mhór roimh fhógra na Scéime Tacaíochta um Ionaid Cheoil Pobail 2026. Ní hamháin gur cúnamh airgeadais ríthábhachtach é seo dár n-ionaid; is aitheantas é freisin ar an ról riachtanach atá ag ár n-ardáin i bhforbairt ealaíontóirí Éireannacha. Tá bóthar fada dúshlánach romhainn chun ár n-ionaid cheoil pobail a choinneáil oscailte agus ag feidhmiú agus is céim sa treo ceart an tacaíocht seo. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an Aire O’Donovan as a thiomantas leanúnach chun tacú leis na spásanna cultúrtha ríthábhachtacha seo.”

Sa bhliain 2025, bhí leithdháileadh €500k ar fáil faoin Scéim Tacaíochta Ionad Ceoil Pobail, ag tairiscint deontais suas le €15,000 d’ionaid seanbhunaithe a bhfuil dea-theist orthu maidir le ticéid a dhíol le healaíontóirí atá ag teacht chun cinn thar thréimhse dhá bhliain. Oibreoidh scéim 2026 in dhá Shruth maoinithe ar leith. Oibreoidh Sruth A le ciste iomlán de €800,000 agus cuirfear deontais suas le €20k ar fáil d’ionaid phobail seanbhunaithe a bhfuil dea-theist dhá bhliain ar a laghad orthu i gcláreagrú imeachtaí ticéadaithe a chuireann taispeántais agus ealaíontóirí Éireannacha atá ag teacht chun cinn i láthair.

Oibreoidh Sruth B agus ciste iomlán de €200,000 aige agus cuirfear deontais suas go €8k ar fáil d’ionaid ar féidir leo a léiriú go bhfuil ealaíontóirí nó taispeántais Éireannacha cláraithe acu le 12 mhí anuas, agus ar féidir leo a léiriú go bhfuil siad in ann maoiniú faoin scéim seo a úsáid chun imeachtaí ticéadaithe a chlárú a chuireann ealaíontóirí nó taispeántais atá ag teacht chun cinn i láthair.

Faoin scéim, tá sé de dhualgas ar ionaid a chinntiú go n-íoctar gach ealaíontóir agus an criú neamhspleách freisin. Is féidir leis na hionaid iarratas a dhéanamh freisin ar mhaoiniú i leith costais léiriúcháin agus criú, caidreamh poiblí, fógraíocht, ticéadú, cíos trealaimh, fostú foirne slándála agus costais árachais imeachta.

Tá sé mar aidhm ag an leagan seo den scéim tacú le líon méadaithe ionad pobail agus ionad léirithe beo chun beocht agus éagsúlacht a mhéadú sa Gheilleagar Oíche. Tacaíonn sé seo freisin leis an ngealltanas atá i gClár Rialtais chun tacú leis an Scéim Tacaíochta don Gheilleagar Oíche.

Le haghaidh tuilleadh eolais, maidir le critéir incháilitheachta agus costais incheadaithe, féach ar threoirlínte na scéime faoi.

Forbraíodh an Scéim i gcomhairle le hionadaithe ón Live Venue Collective, tionscal an cheoil phobail, Give Us The Night agus na comhairleoirí Geillegar Oíche.

Déanfaidh painéal measúnú ar na hiarratais mar chuid den phróiseas meastóireachta foriomlán

Tá treoirlínte don scéim nua ar fáil anseo ag meán lae inniu.

Is féidir iarratais a dhéanamh ar an scéim nua anseo ó mheán lae inniu.

Beidh an Scéim ar oscailt go dtí meán lae an 30 Márta 2026.

-CRÍOCH-

Nótaí don Eagarthóir

Is tionscnamh Geilleagar Oíche é seo chun tacú le hobair an Tascfhórsa Geilleagair Oíche agus ag leanúint ó mholadh a eascraíonn as Gníomh 5 sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Oíche athbhreithnithe.

Tá sé mar aidhm ag scéim na ndeontas seo tacú le hionaid phobail bheaga chun imeachtaí a chlárú a chuireann taispeántais agus ealaíontóirí luath-ghairme i láthair mar aitheantas ar an chuidiú a dhéanann ionaid phobail le beocht chultúrtha agus le geilleagar ár bpobail áitiúla.

Oibreoidh an scéim seo le ciste €1 milliún agus feidhmeoidh sé faoi dhá shruth. Is é €20,000 an t-uasmhéid deontais a cheadófar faoi shruth A agus €8,000 faoi shruth B. I ngach cás, is féidir le Deontaithe maoiniú a tharraingt anuas le haghaidh 90% de na costais incháilithe suas go dtí an t-uasmhéid den fhigiúr leithdháilte. Beidh ar an deontaí an 10% eile de na costais incháilithe a mhaoiniú féin.

Cuirfidh an scéim seo maoiniú ar fáil do shraith imeachtaí a dhíreoidh aird ar ealaíontóirí pobail a bheidh ag cur i láthair ábhar bunaidh cosúil le ceol nó greann atá scríofa/cruthaithe acu féin. Táthar ag súil go gcuirfidh na himeachtaí seo fostaíocht ar fáil do chriú, d’innealtóireacht solais agus fuaime, do mhargaíocht agus do chaidreamh poiblí, chomh maith le líon na ndaoine a thagann chuig ionaid phobail a mhéadú agus go gcuirfidh sé sin le geilleagar oíche rathúil freisin.

Tá sé mar aidhm ag an leagan seo den scéim tacú le líon méadaithe ionad pobail agus ionad léirithe beo chun beocht agus éagsúlacht a mhéadú sa Gheilleagar Oíche.

Sa bhliain 2025, thacaigh an ciste iomlán de €500,000 le 34 ionad ar fud 13 chontae, lena n-áirítear 17 gcinn lasmuigh de na mórchathracha.

Tá critéir agus coinníollacha breise maoinithe mionsonraithe i dtreoirlínte na Scéime.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat