Fógraíonn an tAire Patrick O’Donovan TD ceapacháin chuig Bord Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA)
- Foilsithe: 2 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 2 Aibreán 2026
Tá an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, ag fógairt inniu go bhfuil cúigear comhaltaí nua ceaptha ar Bhord Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA).
Is iad na ceapaithe nua ná:
- Ramatoulaye Adama Diallo Uasal
- Eibhlín Morley Uasal
- Catherine Opdebeeck Uasal
- Brendan O’Sullivan Uasal
- An Dr Barry Scannell
Tá na ceapacháin seo go léir ar feadh thréimhse cúig bliana agus rinneadh iad i ndiaidh gairm oscailte ar léiriú spéise agus próiseas measúnaithe arna fheidhmiú ag Publicjobs ina dhiaidh sin.
Tá sonraí faoi chomhaltaí reatha an Bhoird ar fáil ag an nasc seo: Áras Nua-Ealaíne na hÉireann
Ag trácht ar na ceapacháin, dúirt an tAire Patrick O’Donovan:
"Tá ríméad orm an cúigear iarrthóirí den scoth Ramatoulaye, Barry, Catherine, Brendan agus Eibhlín a cheapadh chun freastal ar Bhord IMMA agus gabhaim comhghairdeas leo as a gceapachán. Táim cinnte go mbeidh a n-eolas forleathan agus a saineolas de thairbhe iontach don eagraíocht agus don phobal cultúrtha.
“Tá ról lárnach ag boird i rialachas, maoirseacht agus treo straitéiseach ár bhForas Cultúir Náisiúnta go léir. Guím gach rath ar ár gceapaithe nua le linn a dtréimhse ar Bhord IMMA agus ba mhian liom mo bhuíochas a ghabháil leo go léir, agus le comhaltaí reatha an Bhoird chomh maith, as a gcuid ama a thabhairt go fial agus a neart agus a dtaithí a thabhairt leo chun an Foras Cultúir Náisiúnta tábhachtach seo a threorú”.
Bíonn dáréag comhaltaí ar a uasmhéid ar Bhord Iontaobhaithe IMMA, agus déantar gach duine acu a cheapadh ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt. Tá sonraí faoi chomhaltaí reatha an Bhoird ar fáil ag an nasc seo: Áras Nua-Ealaíne na hÉireann
Is stiúrthóir boird agus comhalta coiste infheistíochta ag a bhfuil breis agus 25 bliain de thaithí ceannaireachta san airgeadas, sa teicneolaíocht, agus sa rialachas ar fud na hEorpa, na hAfraice agus an Mheánoirthir í Ramatoulaye Adama Diallo Uasal. Bhí róil shinsearacha aici le heagraíochtaí domhanda lena n-áirítear Orange agus Google agus faoi láthair tá sí ag freastal ar roinnt bord seirbhísí airgeadais rialaithe in Éirinn agus ar fud na cruinne. Tá an-dúil aici san ealaín, sa chultúr agus sa léiriú cultúrtha, agus tá sí chun tacú le misean IMMA go díograiseach chun go mbeith sé fós mar spás atá oscailte, ionchuimsitheach agus ceangailte ar bhonn domhanda le haghaidh comhphlé agus fionnachtana.
Is saineolaí é an Dr Barry Scannell le dlí agus beartas IS, agus déanann sé sainfheidhmiú ar mhaoin intleachtúil, comhlíonadh agus rialachas IS, cosaint sonraí, agus conarthaí tráchtála. Is Comhpháirtí i nGrúpa Dhlí na Teicneolaíochta ag William Fry, ceann de na dlíghnólachtaí is mó in Éirinn, é Barry agus tugann sé comhairle do chomhlachtaí móra Éireannacha agus idirnáisiúnta maidir leis na dúshláin dhlíthiúla agus rialála atá ann mar gheall ar theicneolaíochtaí IS agus aithnítear é mar dhuine aitheanta sa dioscúrsa poiblí ar IS agus an tionchar atá aici ar na tionscail chruthaitheacha.
Tá PhD san IS agus cóipcheart ag Barry agus tá ról tábhachtach aige i múnlú bheartas IS na hÉireann mar chomhalta de Chomhairle Chomhairleach IS, arna ceapadh ag an Rialtas, agus é ina chathaoirleach ar Ghrúpa Oibre maidir le IS agus an Earnáil Chruthaitheach. Tá dlúthbhaint aige leis na tionscail chruthaitheacha - mar Stiúrthóir Gnóthaí Dlí agus Comhlíonadh Rialála ag IMRO, an tEagras Um Chearta Cheolta, áit a raibh sé ag obair ag an méid a bhíonn i bpáirt ag an teicneolaíocht, an bhainistíocht cheart, an ceadúnú agus an beartas cultúrtha. D’fhreastail sé ar Choiste Beartais Domhanda de CISAC, an comhlacht idirnáisiúnta a dhéanann ionadaíocht do shochaithe údar agus d’eagraíochtaí comhbhainistíochta domhanda, agus rinne sé cathaoirleacht don ghrúpa oibre maidir le IS agus cóipcheart. Labhair Barry ag fóraim dhomhanda lena n-áirítear ag comhrá leanúnach na hEagraíochta Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI) maidir le IS agus cóipcheart, agus cuireann sé go rialta le nuacht agus le na meáin náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá sé ar Choiste um Maoin Intleachtúil agus Cosaint Sonraí Dhlí-Chumann na hÉireann chomh maith
D’oibrigh Catherine Opdebeeck Uasal i réimse an deartha agus na tógála, ar fud na n-earnálacha príobháideacha agus poiblí, le 20 bliain anuas. Mar Ailtire a bhíonn ag cleachtadh, bhí páirt aici i dtabhairt chun críche foirgneamh cultúrtha agus iarsmalainne a bhuaigh duaiseanna, agus bíonn béim aici ar an nuálaíocht deartha agus ar an athléimneacht i gcónaí. Faoi láthair is Stiúrthóir Cláir agus Soláthair í Catherine le Gníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin. Tugann sí léi scileanna agus taithí i réimse na hinbhuanaitheachta ó ghnéithe comhshaoil agus teicniúla, rannpháirtíocht shóisialta go comhlíonadh corparáideach agus tuairisciú. Is céimí an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Technological University of Delft agus Scoil Ghnó Smurfit COBÁC í.
Tugann Brendan O’Sullivan Uasal breis agus deich mbliana de thaithí ghairmiúil sa dlí leis mar dhlíodóir cáilithe ag a bhfuil róil dhlíthiúla, rialála agus rialachais ar fud earnáil na seirbhísí airgeadais. Faoi láthair tá ról feidhmiúcháin sinsearach aige le CCH; comhlacht sealbhaíochta infheistíochta agus is stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin agus comhalta de Choiste Iniúchóireachta Lotus Care Limited é; soláthraí seirbhísí cúraim chónaithigh do leanaí agus do dhaoine fásta ag a bhfuil míchumais intleachtúla. Mar aon le taithí infheistíochta agus stair d’urraíocht chathartha agus chultúrtha, tugann sé leis saineolas i rialachas corparáideach, bainistiú riosca agus comhlíonadh, taobh le tiomantas láidir don rannpháirtíocht chultúrtha.
Is Comhbhunaitheoir Cara Advisory í Eibhlín Morley Uasal, sainchomhairleoireacht a shainfheidhmíonn i mbunathrú tiomsaithe airgid, straitéise agus d’eagraíochtaí neamhbhrabúis ar fud na hÉireann agus na cruinne. Threoraigh sí agus thug sí comhairle d’fheachtais lena mbailíodh na céadta milliún i ndaonchairdeas agus in urraíocht phríobháideach agus chorparáideach, agus d’oibrigh sí le cliaint ar fud an oideachais, na n-ealaíon, na hoidhreachta, an chreidimh agus na sláinte. Is saineolaí í sa bhainistíocht tionscadal ó cheann ceann, sa chumarsáid sheachtrach agus sa scéalaíocht, sa chóitseáil feidhmiúcháin, san oiliúint agus san éascú ar fud na hearnála neamhbhrabúis.
Is Comhbhunaitheoir Abú! Performing Arts, acadamh na dtaibh-ealaíona lonnaithe i Maigh Eo lena bhfreastalaítear ar Iarthar na hÉireann, í Eibhlín. Is céimí Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Scoil Ghnó Smurfit COBÁC agus Ollscoil na Banríona Béal Feirste í.