Fógraíonn an tAire Patrick O’Donovan ‘The One @ One’ - Seirbhís Bus Phíolótach Oíche chun tacú leis an nGeilleagar Oíche i Sligeach, Bun Cranncha agus An Longfort

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Patrick O’Donovan ‘The One @ One’ - Seirbhís Bus Phíolótach Oíche chun tacú leis an nGeilleagar Oíche i Sligeach, Bun Cranncha agus An Longfort

Beidh na seirbhísí oíche nua ar fáil ag 1am ag an Deireadh Seachtaine Saoire Bainc i mí na Bealtaine, mí an Mheithimh, mí Lúnasa agus mí Dheireadh Fómhair agus ar Oíche Chultúir.

Inniu d’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan T.D. go bhfuil ‘The One @ One’ á sheoladh, tionscadal píolótach nua san oíche a bheidh ag freastal ar an nGeilleagar Oíche i dtrí shuíomh tuaithe, Sligeach, Bun Cranncha agus An Longfort. Mar bhailte píolótacha tuaithe don Gheilleagar Oíche, thagair na trí bhaile arís is arís eile do rochtain ar chóras iompair shábháilte ar féidir brath air déanach san oíche mar cheann de na bacainní is mó ar rannpháirtíocht daoine sa gheilleagar oíche. Tá sé mar aidhm leis an tionscnamh píolótach seo réitigh shaincheaptha a thástáil atá deartha go sonrach do bhailte níos lú agus do phobail tuaithe atá scartha óna chéile.

Forbartha mar fhreagairt spriocdhírithe do thaighde agus do dhianchomhairliúchán áitiúil, tacóidh ‘The One @ One’ le córas iompair níos sábháilte, níos inrochtana dóibh siúd atá ina gcónaí sa cheantar agus do chuairteoirí, agus treiseofar beocht an gheilleagair oíche faoin tuath. Tá an tionscadal píolótach seo ailínithe le gealltanais bheartais náisiúnta a bhfuil sé mar aidhm leo ionchuimsitheacht, sábháilteacht agus nascacht a fheabhsú ar fud bhailte tuaithe na hÉireann i rith uaireanta an tráthnóna agus na hoíche.

Beidh an tseirbhís ar fáil i rith roinnt deireadh seachtaine gnóthach agus ar dhátaí tábhachtacha i rith na bliana, rud a chiallaíonn go mbeidh níos mó bealaí ar fáil do dhaoine chun a bheith ag taisteal go sábháilte i ndiaidh taitneamh a bhaint as oíche spraoi. Cabhróidh na tréimhsí trialacha seo le comhpháirtithe chun tuiscint a fháil ar éileamh, chun monatóireacht a dhéanamh ar úsáid agus chun roghanna iompair san oíche a chur ar fáil amach anseo do phobail tuaithe ar fud na tíre.

Is comhpháirtíocht atá sa tionscnamh píolótach seo idir an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus Nasc Áitiúil, atá á cur ar fáil i gcomhpháirt le Comhairle Contae an Longfoirt, Comhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Contae Shligigh agus CFG Shligigh.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Patrick O'Donovan inniu nuair a bhí an tionscnamh píolótach á fhógairt aige:

Tuigim go maith go bhféadfadh níos mó dúshlán a bheith le sárú ag ceantair thuaithe ná mar a bhíonn le sárú ag ionaid uirbeacha níos mó, chomh fada is a bhaineann le hiompar agus le rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí i rith na hoíche. Ar an gcúis sin, tá mé fíorshásta tacú le seoladh an tionscnaimh phíolótaigh seo mar chuid de chlár an Gheilleagair Oíche. Ábhar dóchais é an comhoibriú atá ar siúl idir na trí chontae agus a húdaráis áitiúla chun déileáil le riachtanais chomhroinnte.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Ed Betagh, Bainisteoir an Chláir Nasc Áitiúil, an tÚdarás Náisiúnta Iompair, inniu:

Tá an ÚNI ag tacú go láidir leis an nGeilleagar Oíche agus tá sé airdeallach ar an tábhacht a bhaineann lenár ngréasán iompair phoiblí a fheabhsú chun a chinntiú gur féidir lenár bpaisinéirí filleadh abhaile ón obair nó ó oíche i gcomhluadar cairde níos déanaí sa tráthnóna. Tá infheistíocht á déanamh againn cheana féin i seirbhísí déanach san oíche i gcathracha agus i mbailte ar fud na tíre, agus cinnteoidh an tionscadal píolótach seo go mbeidh níos mó daoine fós in ann tairbhe a bhaint as na buntáistí seo.

Beidh an tseirbhís bus ag 1am á cur ar fáil ag Nasc Áitiúil ar na bealaí seo a leanas:

Bun Cranncha – Bealach 959: Bun Cranncha go dtí An Caisleán Nua trí Charn Domhnach

Sligeach – Bealach 981: Bóthar Markievicz go dtí Ceathrú na Cloiche

An Longfort – Bealach 865: Lár an Longfoirt go dtí Gránard

Is ionann seoladh ‘The One @ One’ agus céim thábhachtach chun inrochtaineacht, sábháilteacht agus beocht a fheabhsú laistigh de gheilleagar oíche cheantar tuaithe na hÉireann. Cabhróidh an tionscnamh píolótach seo chun a chinntiú gur féidir le níos mó daoine taitneamh a bhaint as na háiseanna atá le fáil ina mbailte féin agus a bheith muiníneach go mbeidh bealach sábháilte acu chun filleadh ar an mbaile ag deireadh na hoíche.

CRÍOCH

Nóta do na hEagarthóirí:

Cúlra Scéim Phíolótach an Gheilleagair Oíche

Bhunaigh an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt Tascfhórsa an Gheilleagair Oíche (TGO) ar an 30 Iúil 2020 mar cheann de ghníomhartha tosaíochta na Roinne agus de réir gealltanas a tugadh i gClár an Rialtais.

Ba é aidhm an Tascfhórsa scrúdú a dhéanamh ar na dúshláin ar fad atá le sárú chun cultúr agus geilleagar oíche bríomhar a fhorbairt cosúil le rialacháin, ceadúnú, sábháilteacht, iompar agus éagsúlacht gníomhaíochtaí cultúrtha. Foilsíodh Tuarascáil Thascfhórsa an Gheilleagair Oíche in 2021. Príomh-mholadh a rinneadh sa Tuarascáil ba ea go mbunófaí tionscnamh píolótach an Gheilleagair Oíche i 9 mbaile/gcathair roghnaithe, a mbeadh 9 gComhairleoir Geilleagair Oíche ag tacú leis. Seo a leanas na suíomhanna a roghnaíodh: Cathair Bhaile Átha Cliath, Cathair Chorcaí, Cathair Luimnigh, Cathair na Gaillimhe, Cill Chainnigh, An Longfort, Sligeach, Bun Cranncha agus Droichead Átha.

Príomhghné den tionscnamh seo ba ea dianphróiseas comhairliúcháin i ngach ceann den 9 shuíomh, a bhí mar bhonn le plean gníomhaíochta áitiúil a fhorbairt ina leagtar amach raon idirghabhálacha chun tacú le forbairt chomhordaithe Gheilleagar Oíche an cheantair.

An tionscnamh píolótach One @ One

Tá an tionscnamh píolótach seo forbartha ag Comhairleoirí Geilleagair Oíche i gcomhpháirt leis an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus Nasc Áitiúil, atá á chur ar fáil i gcomhpháirt le Comhairle Contae an Longfoirt, Comhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Contae Shligigh agus CFG Shligigh.

Is é an aidhm atá leis an tseirbhís oíche phíolótach seo déileáil leis an bpríomhbhacainn iompair a aithníodh i rith na céime taighde den tionscadal píolótach: easpa roghanna iompair do dhaoine atá ag taisteal amach as gach ceann de na bailte déanach san oíche. Cabhróidh an tseirbhís chun tacú le gluaiseacht daoine ar mian leo an tráthnóna a chaitheamh i mBaile Shligigh, an Longfoirt agus Bhun Cranncha, go háirithe na gnóthaí a bhaineann tairbhe as an nGeilleagar Oíche (GO).

Ag labhairt faoin tionscnamh inniu bhí an méid seo a leanas le rá ag Martin Lydon, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Shligigh:

Is freagairt dhíreach é an tionscnamh píolótach bus oíche seo d’aiseolas a fuarthas ó phobal agus lucht gnó bhaile Shligigh. Príomhdhúshlán ar tarraingíodh aird air sna trí shuíomh ba ea rochtain ar chóras iompair déanach san oíche. Mar bhailte píolótacha, tá deis ar leith againn triail a bhaint as réitigh nuálacha, a dtionchar a mheas agus freastal ar bhealach níos fearr ar riachtanais ár bpobal. Dá réir sin, tá áthas orainn go bhfuil One @ One ag teacht chun beochta anseo i mbaile Shligigh.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag John G. McLaughlin, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Dhún na nGall:

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall i ndiaidh a bheith ag obair i gcomhpháirt le Comhairle Contae an Longfoirt, CFG Shligigh, ÚNI agus Nasc Áitiúil, chun éisteacht le riachtanais na bpobal tuaithe. Is bealach tábhachtach é an tseirbhís bus oíche thrialach ‘One at One’ chun ár mbailte agus sráidbhailte a nascadh san oíche, agus ag an am céanna chun conair a fhorbairt do thuilleadh deiseanna; de bhrí go bhfuil na cineálacha seo d’iarrachtaí comhoibríocha nuálacha ag croílár fhorbairt an gheilleagair oíche.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Paddy Mahon, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae an Longfoirt:

Is ionann an tionscnamh píolótach seo agus freagairt an-phraiticiúil do dheacracht atá ag daoine in An Longfort a bhfuil aird tarraingthe uirthi arís agus arís eile — filleadh abhaile go sábháilte i rith na hoíche. Tacaíonn an tseirbhís One @ One lenár ngeilleagar oíche áitiúil, cabhraíonn sé le daoine a bheith níos muiníní chun cuairt a thabhairt ar ionaid áitiúla agus laghdaíonn sé an gá atá ann úsáid a bhaint as carranna príobháideacha. Tá Comhairle Contae an Longfoirt sásta a bheith ag obair le comhpháirtithe chun réitigh a thástáil a chinntíonn go mbeidh ár mbaile níos sábháilte, níos inrochtana agus níos fáiltí do gach duine.

Cuirfear an tseirbhís ar fáil i gcomhair cúig Aoine, Shatharn agus Dhomhnach, agus tá sé beartaithe sonraí a bhailiú agus tionchar a thomhas a bheidh mar bhonn le pleanáil amach anseo. Beidh an tseirbhís bus á cur ar fáil ag Nasc Áitiúil agus mar chuid de na seirbhísí atá á gcur ar fáil cheana féin atá liostaithe thíos:

Bealaí Seirbhíse

Bun Cranncha – Bealach 959: Bun Cranncha go dtí An Caisleán Nua trí Charn Domhnach

Sligeach – Bealach 981: Bóthar Markievicz go dtí Ceathrú na Cloiche

An Longfort – Bealach 865: Lár an Longfoirt go dtí Gránard

Dátaí Píolótacha

Lá Saoire Bainc na Bealtaine: Dé hAoine, 1 Bealtaine – Dé Domhnaigh, 3 Bealtaine

Lá Saoire Bainc an Mheithimh: Dé hAoine, an 29 Bealtaine – Dé Domhnaigh, an 31 Bealtaine

Lá Saoire Bainc Lúnasa: Dé hAoine, 31 Iúil – Dé Domhnaigh, 2 Lúnasa

Lá Saoire Bainc Dheireadh Fómhair: Dé hAoine, 23 Deireadh Fómhair – Dé Domhnaigh, 25 Deireadh Fómhair

Oíche Chultúir: Dé hAoine, 18 Meán Fómhair

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat